Top Issue 1-2024

19 June 2003 Edition

Resize: A A A Print

Teachtaí Dála as láthair

After a Dáil debate was brought to an end on Friday 13 June because the government could only gather 11 TDs for a quorum count, AN DRAOI RUA has a few comments to make about the value for money we get from politicians



Dé hAoine 13 Meitheamh cuireadh deireadh le séisiún díospóireachta i dTeach Laighin toisc nach raibh an rialtas ábalta fiche Teachta Dála a tharraingt isteach le haghaidh 'quorum' a chomhlíonadh. Mar a tharla sé ní raibh ach 11 TD de chuid an rialtais i láthair ag an am.

Is é mo thuairim gur náireach an rud é nach bhfuil ach 20 as 166 TD de dhíth le freastal ar Dáil Éireann sa dóigh is gur féidir leo leanstan ar aghaidh le rialadh na tíre. Is beag daonlathais atá i gceist lena leithéid. Níl a fhios agam ach ní minic a mbíonn 166 Teachta Dála i láthair in am ar bith. Nuair atá pictiúrí le feiceáil ar an scaileán teilifíse, is mó cathaoireacha folmha atá le feiceáil don chuid is mó.

I ndáiríre, cén fáth ar toghadh na daoine seo muna bhfuil siad sásta freastal ar an Dáil? Cad is brí le Teachta Dála cibé ar bith? Is dócha go bhfuil dul amú orm smaointiú gur gá do Teachta Dála a bheith i láthair na Dála anois is arís.

Tá sé tugtha faoi deara againn gur maith le polaiteoirí na tíre seo a chur in iúl dúinn go bhfuil siad thar a bheith gnóthach an t-am ar fad. Mar sin de, tugann siad ardú pá dóibh féin chomh minic agus is féidir leo agus bíonn costasaí móra íoctha dóibh féin chomh maith. Le fírinne, ní bhfaigheann pobal na tíre seo luach a gcuid airgid.

Tá an oiread sin airgid bronnta ar na Teachtaí Dála agus stadas ar leith tugtha dóibh dá bharr go gcreideann siad go bhfuil siad 'ró-thábhachtach' beagnach, obair ar son an tuarastail. Is cosúil go ndéanann siad dearmad gur seirbhísigh pobail iad agus gur cheart dóibh a bheith freagrach do mhuintir na tíre. Úsáideann siad airgead na tíre agus iad den tuairim gur leosan é.

Is iomaí leithscéil a tugadh ag míniú cad chuige nach raibh go leor Teachtaí Dála i láthair tráthnóna De hAoine seo chaite. Dúradh go raibh obair le déanamh acu ina ndáilcheantracha áitiúla nó b'fhéidir go raibh orthu Teach Laighin a fhágáil go luath ar chúis éigin. An raibh línte ó dhochtúirí ag cuid eile?

Anois, bíonn laethanta saoire fada go leor ag Teachtaí Dála agus bíonn an Dáil i mbun gnó ón Mháirt go dtí an Aoine. Ní chóir dúinn glacadh le leithscéalta ó Theachtaí Dála. Dá mbeadh duine ar bith againne as láthair ónár gcuid oibre gan fáth, is cinnte go mbeadh píonós curtha orainn. Nach bhfuil sé in am píonós a chur ar na polaiteoirí ar an dóigh céanna?


Seanfhocal na Seachtaine


'Teacht i láthair a bheith ionat.'

Cinnte, caithfidh tú a bheith i láthair, le teacht i láthair a bheith ionat!


Gluais


comhlíonadh    fulfill

leanstan ar aghaidh    to continue on

daonlathas    democracy

scaileán teilifíse    television screen

gnóthach    busy

ró-thábhachtach    too important

tuarastal    wage

seirbhísigh pobail    public servants

dáilcheantracha áitiúla    local constituencies


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland