Top Issue 1-2024

12 June 2003 Edition

Resize: A A A Print

Gaeilge sa Rang

With the leaving and junior cert exams underway and the current review of the leaving cert programme at www.ncca.ie, AN DRAOI RUA raises a few points about the role of the Irish language in our education system



Tá na scrúdaithe Gaeilge thart anois agus is cosúil go bhfuil díospóireacht ag toiseacht fá mhúineadh na teanga ar scoil. Is é mo bharúil féin go bhfuil sé i bhfad thar am dúinn aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí atá ag an chóras oideachais i dtaobh na Gaeilge.

Thug mé fá deara go raibh teagasc na Gaeilge ar phríomhleathanaigh 'Foinse' agus 'Lá' ag tús na seachtaine seo. Ní amháin sin ach bhí an griangraf céanna in úsáid acu agus pictiúr de dhaltaí Ardteiste ina suí le linn scrúdú le feiceáil dhá lá i ndiaidh a chéile. Níor mhaith liom féin mórán a rá faoi choipcheart ach go bhfuil sin idir na hiriseoirí, na heagarthóirí agus ruball na muice.

Cibé ar bith, bhí scrúdú na Ardteiste mar phríomhscéal ag Foinse 8 Meitheamh as siocair go raibh ábhar an scrúdú iontach duairc agus gruama. Ansin, ba é an phríomhscéal a bhí ag 'Lá' 9 Meitheamh ná go bhfuil baol ann go ndéanfar ábhar roghnach as an Ghaeilge. Luaigh an t-iriseoir Eoghan Ó Néill go bhfuil an Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta i mbun suirbhé i láthair na huaire ag www.ncca.ie agus go bhfuil sé curtha in iúl ag 57% gur cheart don Ghaeilge a bheith roghnach.

Níl amhras ar bith ann ach go bhfuil fadhbanna ollmhóra ag an chóras oideachais maidir le teagasc na Gaeilge. Caithfidh a admháil go bhfuil teipithe go mór ag an chóras daltaí scoile a chur ar a gcumas Gaeilge a thuiscint, a labhairt, a léamh agus a scríobh. I ndáiríre, ní éiríonn ach le mionlach caighdeán maith a bhaint amach i ndiaidh trí bhliana déag ar scoil.

Bhí an cheart ag Irene Ní Nualláin aird léitheoirí 'Foinse' a tharraingt ar an chuma ghruama a bhí ar an pháipéar scrúdaithe. Le fírinne, tá íomha measartha gruama ar an chúrsa ar fad agus ar theagasc na Gaeilge i ngnáthscoileanna go ginearálta.

Deirtear go bhfuil ceithre chéim i dteagasc teanga:

1. Tuiscint

2. Labhairt

3. Léamh

4. Scríobh

Má glactar forbairt linbh mar shampla, tugtar fá deara go n-éiríonn leis gach focal ó dhuine fásta a thuiscint i bhfad sula bhfuil sé ábalta labhairt. Tá neart ráite ag an leanbh le cúpla bliain sula bhfuil sé in ann léamh agus is cinnte go bhfuil a lán leabhair léite sula bhfuil mórán scríofa aige. Is mór an trua nach nglactar leis na céimeanna seo i gcónaí nuair a deirtear sa rang, 'scríobh síos an méid seo ón chlár.'

Ar an drochuair, tá íomhá coiméadach ag an Ghaeilge i scoileanna áirithe go fóill. Feictear do na daltaí nach bhfuil mórán fiúntais léi taobh amuigh de na seomraí ranga. Ta a lán múinteoirí sa chóras nach bhfuil sásta í a labhairt fiú. Is beag seans go mbeidh grá don teanga á chothú acu siúd.

D'fhéach mé féin isteach ar an suíomh www.ncca.ie agus líon mé isteach an suirbhé. Suirbhé ginearálta atá ann agus iarracht iontach é athbhreithniú a dhéanamh ar an chóras ardteiste ar fad. Ba chóir fáilte a chur roimh a leithéid de mheasúnacht óir tá i bhfad barraíocht béime curtha ar na scrúdaithe agus tuigtear go bhfuil 75% de na daltaí ag brath ar ceachtanna príobháideacha - iad siúd atá in ann íoc astu.

Cé go bhfuil mé den tuairim gur cheart dúinn an Ghaeilge a choinneáil mar ábhar éigeantach, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar theagasc na teanga. Gach bliain tá 60,000 daltaí ag déanamh scrúdaithe Ardteiste agus bíonn sin an uair deireanach a bhfuil sí in úsáid ag an chuid is mó acu. Tá súil agam go mbeidh díospóireacht sláintiúil ann maidir leis an chóras oideachais ar fad agus go mbeidh áit lárnach maidir le forbairt na ndaltaí mar dhaoine. Maidir le múineadh na Gaeilge, tá dóchas agam gur féidir a léiriú gur teanga beo bríomhar í, go bhfuil sí tábhachtach i saol an lae inniu do chách agus go mbeidh íomhá dearfach cothaithe ina taobh.


Seanfhocal na Seachtaine


'Tuigeann fear léinn leathfhocal.'

Ní gá dom a dhath a rá mar sin!


Gluais


díospóireacht    debate

coipcheart    copyright

duairc    miserable

ábhar roghnach    optional subject

caighdeán    standard

íomhá coiméadach    conservative image

athbhreithniú    review

measúnacht    assessment

barraíocht béime    too much emphasis

ceachtanna príobháideacha    private lessons


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland