Top Issue 1-2024

14 July 2011

Resize: A A A Print

Gaelscoileanna fagtha ar lár arís

» LE MÁIRTÍN Mac EOIN

BA MHAITH an scéal é ón Aire Oideachais, Ruairí Quinn, i rith na míosa go bhfuil dhá scor scoileanna nua, idir bhunleibhéil is dara leibhéil, le tóigeáil thar na sé bliain seo rómhainn.
Dúirt an tAire go bhfuil na scoileanna seo ag teastáil mar gheall ar fhás an daonra, ach n’fheadar anois an leór an dá scor sin i bhfianaise na bhfigiúirí ón Daonáireamh a thugann le fios go raibh an fás sa daonra níos mó ná mar a cheap muid.
Mar sin fhéin ba dhea-scéal é, gan dabht.  Ní hamháin go bhfuil sé le freastal ar riachtanaisí leanaí na tíre, ach tabharfaidh tóigeáil na scoileanna jobannaí don aos oibre sa rannóg tóigeála - an rannóg is mó atá buailte ag an ngéarchéim.
Mhínigh an tAire freisin go mbeidh patrúnacht na scoileanna seo le plé.  Seans maith nach faoin Eaglais Chaitliceach a bhéas cuid mhaith dena scoileanna, agus ina ráiteas luaigh an tAire eagraíochtaí mar Educate Together.
Eagraíocht is gluaiseacht nár luaigh sé ámh ná an gaeloideachas.  Ta’s ag pobal na Gaeilge - agus ag daoine sna cathracha nach bhfuil Gaeilge acu féin ach a dteastaíonn uatha go mbeadh an teanga ag a gclann - go gcuireann an Roinn gach bac is constaic rompu siúd a bhíonn ag iarraidh gaelscoil a bhunú.
Caithfidh siad eagraíocht a bhunú iad féin; caithfidh siad airgead a chur le chéile iad féin; caithfidh siad suíomh a aimsiú iad féin; agus caithfidh siad fanacht ag deire na scuaine le maoiniú stáit ar bith.  Sé gaelscoil na Cabraigh an scéal is scanallaí ina measc siúd, mar tá an scoil sin i gcónaí daoraithe ar dhroch-fhoirgintí mhí-oiriúnacha.  Is níor luaigh an tAire go mbeidh aon athrú ansin.
Labhair an tAire faoi thoil tuismitheóirí.  Ach arís, tá’s againn go bhfuil an t-éileamh ann ar ghaelscolaíocht.  Tá tuismitheóirí ann a dhéanann iarracht ainmneacha a gcuid páistí a chur síos ar liostaí feithimh fiú sula saolaítear iad.  Sé sin, mar gheall ar nach bhfuil a dhóthain spásanna ar fáil is go bhfuil sé diabhalta deacair fáil isteach.
Ba chóir, ar ndóigh, go mbeadh an stát chun tosaigh ag iarraidh a leithéid de ghaelscolaíocht a mhéadú; ach a mhalairt atá fíor.  Sé an stát an namhad is cumasaigh atá ann.
Ach ná bíodh ionadh orainn go bhfuil aire de chuid Pháirtí an Lucht Oibre ag déanamh neamhní den Ghaeilge sa scéal seo.  Cuimhnigh ar an méad a bhí le rá ag cúilbhínseóir an pháírtí sin, Aodhán Ó Ríordáin, nuair a labhair seisean faoi chúrsaí Ghaeilge sa Dáil.
D’ionsaigh sé lucht na ngaelscoileanna go maslach, ag rá gur daoine meánaicmeacha a bhí taobh thiar den ghluaiseacht is a bhí ag iarraidh a bheith cinnte nach mbeadh a gcuid paistí féin  ag déanamh comhluadair le clann inimirceóirí.
Masla is bréag a bhí sa gcaint sin.  Ar dtúis, is ón lucht oibre a thagann an t-éileamh is mó ar ghaelscolaíocht, agus tá an fhianaise le fáil isna ceantracha in bhfuil na gaelscoileanna.
Agus arís, ní dóigh go bhfuil aon ghaelscoil ann in aon áit sa tír nach bhfuil clann inimirceóirí ag freastal air, agus an bhainistíocht ag iarraidh spéis sa ngaeloideachas a chothú i measc inimirceóirí.  Dá mbeadh an stát níos fábharaí, bhéadh níos mó ann; ach, cé gur cainteóir Ghaeilge é féin, léiríonn an Ríordánach seo nach bhfeiceann sé aon áit lárnach don Ghaeilge i saol na tíre.
Filleann sé ar an masla is ar an mbréag; agus cloíonn an tAire le neamhshuim is cluas bhodhar.
Tá ceisteanna le cur ag lucht na Gaeilge insan bpáirtí sin, agus athraithe mheóin is athraithe pholasaí ag teastáil láithreach.

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland