Top Issue 1-2024

14 July 2011

Resize: A A A Print

Beart de réir ár mbriathar

» LE TREVOR Ó CLOCHARTAIGH

MÁ TÁ TÚ á léamh seo tá tú ar chuid den dream nach gcasann an leathanach nuair a fheiceann siad gur i nGaeilge atá sé scríofa.
Le dhá mhí sa Seanad nuair a labhrann mé ‘as Gaeilge’ ann, bíonn daoine áirithe i láthair a thugann cluais maith le héisteacht dom, ach formhór acu féachann siad i dtreo éigin eile, síos ar a gcuid nótaí, nó ar a gcuid fóin póca go dtí go bhfillim féin nó cainteoir éigin eile ar Bhéarla na Banríona. Is mór an trua sin.
Tá iarracht ar bun againn Sinn Féin i dTeach Laighean a ghaelú chomh maith. Ar an ábhar sin bhí ócáid againn le déanaí nuair a bronnadh ‘fáinní’ ar na hionadaithe tofa agus baill fóirne as ár bpáirtí a bhfuil Gaeilge maith go leor, nó go maith acu.
Tá muid chun iad a chaitheamh i dTithe an Oireachtais le daoine eile a spreagadh chun Gaeilge a labhairt linn. Tá cuid mhaith acu sin ann idir fhoireann agus polaiteoirí.
Ag Ard Fheis Shinn Féin i mbliana chomh maith pléifear Dréacht Pholasaí Gaeilge an Pháirtí. Tá sé cuimsithitheach mar pholasaí le cuid mhaith moltaí fiúntacha ann agus mianta uaillmhianacha maidir le tacú le lucht Gaeilge & Gaeltachta ar fud an oileáin agus le deimhniú go dtabharfar cothrom na féinne do theanga ár sinsear inár gnóthaí agus oibreacha féin.
Phléigh muid an dréacht pholasaí le déanaí mar pháirtí Parlaiminte i dTeach Laighean agus bhí daoine báúil go maith. Ach, is í an cheist ná ar leor dúinn a bheith báúil, nó an bhfuil gá le gníomhaíocht níos bríomhaire ná sin má tá beart le cur le briathar? Nuair a bhíonn ceisteanna mar seo dhá phlé is ceart dúinn tosú linn féin, féachaint an bhfuil mise ag déanamh mo dhícheall chun an Ghaeilge a chur chun cinn, nó an bhfuil mé leisciúil, leithscéalach?
An bhfuil mé ag tacú leis an dream atá ag iarraidh Gaeilge a labhairt ach a bhfuil drochmhisneach acu? An bhfuil mé ag tapú gach deis chun an Ghaeilge a labhairt ag cruinnithe nó ócáidí poiblí? Ar chur mise aighneacht chun cinn maidir leis an dréacht pholasaí nua nó, ar fhág mé ag daoine eile é? Agus an mbeidh mé sásta an polasaí nua a chur i bhfeidhm ina iomláine má ghlactar leis, nó an mbeidh sé mar pholasaí ar sheilf nach mbeidh bunús réalaíoch ar bith leis?
Tá deis iontach ag Sinn Féin chun bheith mar an páirtí is gaelaí sa tír. Tá pobal leathan Gaeilge sa tír seo atá ag lorg ceannródaíocht agus tacaíocht chun an teanga agus na ceantair Gaeltachta a chaomhnú agus a neartú. Is pobal uile Éireannach iad agus tá cuid mhaith acu i bhfad i gcéin chomh maith. Níl cúis ar bith nach mbeadh siad sásta tacú linn, má thacaíonn muid leo. Ach ní leor caint folamh uainne, caithfidh muid beart a chur le briathar agus maireachtáil dá réir, mar dhaoine agus mar pháirtí.

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland