Top Issue 1-2024

15 May 2003 Edition

Resize: A A A Print

Rogha Orgánach

This week, AN DRAOI RUA lays out some of the aims and objectives of a new organisation, the Irish Organic Network, which has just set up a website and is organising an annual conferance on 20 May in Dublin


Is cosúil go bhfuil feirmeoirí orgánacha na hÉireann ag cur eagar is ord orthu féin agus eagraíocht úrnua bunaithe acu ar na mallaibh. 'Irish Organic Network' an t-ainm atá ar an ghrúpa nua seo agus iad ag tabhairt deis do fheirmeoirí orgánacha na tíre teagmháil agus comhoibriú níos fearr a dhéanamh lena chéile.

Go dtí seo, feictear dúinn go bhfuil corrfheirmeoir anseo is ansiúd scaipithe ar fud na tíre agus iad uilig ag streacháilt leo féin gan mórán cuidiú ná comhairle ó éinne.

Beidh seans ag na feirmeoirí orgánacha cumarsáid éifeachtach a dhéanamh lena chéile. Ar ndóigh, ba cheart go mbeadh daoine ag foghlaim óna chéile agus go mbeadh forbairt ar an mhéad feirmeoirí orgánacha leis. Dá bhrí sin, bheinn ag siúl go mbeadh freastal agus léargas i bhfad níos soiléire ag an phobal i gcoitinne ar an rogha orgánach.

Creidtear nach bhfuil ach timpeall míle feirmeoirí orgánacha in Éirinn i láthair na huaire agus tuigtear go bhfuil an bia féin i fad níos daoire ná an stuif eile. Cén fáth a mbíonn meacáin dearga na Spáinne níos saoire ná meacáin dearga orgánacha áitiula? Bhuel, tá deontasaí móra na hEorpa ag tacú le tionscal na feirmeoireachta ach níl an tacaíocht céanna ar fáil do fheirmeoirí orgánacha na tíre.

Tá sé mar chuspóir ag an eagraíocht úr seo guth a thabhairt do na feirmeoirí orgánacha seo sa dóigh is féidir leo féin forbairt leanúnach a dhéanamh, a thuilleadh feirmeoirí a mhealladh, praghasanna a ísliú agus tuarastal na bhfeirmeoirí a ardú ag an am céanna.

Cinnte, ta tionchar domhanda le feiceáil i bhfeirmeoireacht orgánach. Díoltar suas le luach de 25 billiún euro d'earraí orgánacha gach bliain anois. Tá fás iontach ag teacht ar uimhir na bhfeirmeoirí leis óir le deich bliain anois tá idir 20% agus 30% feirmeoirí breise ann gach bliain. Ní amháin sin ach tá éileamh ollmhór ar na hearraí orgánacha. Cé go bhfuil na táirgí orgánacha níos daoire, tuigtear go bhfuil daoine ann atá sásta íoc astu.

I Sasana, mar shampla, tagann 70% den bhia orgánach a dhíoltar sna siopaí ó thíortha eile. Mar sin de, caithfidh feirmeoirí orgánacha áitiúla a mhealladh. Dá gcuirfear le líon na bhfeirmeoirí, bheinn ag siúl go mbeadh i bhfad níos mó bia orgánach ar fáil agus é le ceannach ar phraghas níos ísle chomh maith.

Cé go dtuigimid go bhfuil neart truailliú in Éirinn againn, tá íomhá glas againn ar fad. Creideann urlabhraí ar son an ghluaiseacht go dtiocfadh leis an tír seo a bheith mar cheannaire i bhforbairt bhia orgánacha san Eoraip.

Tá suíomh idirghréasain seolta ag an eagraíocht ag www.irish-organic.com agus iad ag díriú ar chomhdháil mhór a bheidh ar siúl 20 Bealtaine i mBaile Atha Cliath. Beidh idir léachtanna agus ceardlanna éagsúla ar siúl i rith an lae agus má tá a thuilleadh eolais de dhíth is féidir glaoch a chur ar 0404 43885 nó breathnú isteach ar an tsuíomh.

Tabharfaidh an suíomh idirghréasáin seo deis do fheirmeoirí orgánacha teagmháil níos fearr a dhéanamh lena chéile. Beidh deis ag baill achmhainní áirithe a aimsiú agus margaíocht a dhéanamh ar na táirgí atá ar fáil acu féin. Lena chois sin, beidh an gluaiseacht gníomhach i bhfeachtais polaitiúla le haitheantas ceart a fháil do fheirmeoirí orgánacha. Tá ballraíocht costasach go leor ag céad euro in aghaidh na bliana. Creideann an eagraíocht, áfach, go mbainfear úsáid foirfe as an airgead agus é mar aidhm acu oifigí a oscailt, foireann a fhostú agus feachtais oideachasúil is polaitiúil a eagrú dá bharr.


Seanfhocal na Seachtaine



'An fód dearg a chur in uachtar.'

Is minic a bhíonn feirmeoir orgánach ag tiontú na creafóige i rith na bliana.


Gluais



eagraíocht    organisation

comhoibriú    cooperation

streacháilt    struggling

cumarsáid éifeachtach    effective communication

tuarastal    wage

éileamh    demand

truailliú    pollution

urlabhraí    spokesperson

léachtanna    lectures

ceardlanna    workshops

aitheantas    recognition

ballraíocht    membership


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland