Top Issue 1-2024

8 May 2003 Edition

Resize: A A A Print

Gaeilge faoi bhagairt i scoileanna an Tuaiscirt

Tá athbhreithniú curaclaim á dhéanamh ag an CCEA (Comhairle Curaclaim) ó thuaidh. Faoi láthair, caithfidh na scoileanna tús áite a thabhairt do nuatheanga Eorpach thar an nGaeilge. Ní haon fheabhas ach a mhalairtatá sna moltaí is déanaí.

Tá Comhar an Tuaiscirt, (an chuid thuaisceartach de Chomhar na Múinteoirí Gaeilge) go mór i gcoinne na moltaí seo, faoi mar atá an eagraíocht trí chéile. Ní mór dóibh, dá réir, feachtas láidir a eagrú chun a míshástacht a chur in iúl don CCEA. Tá impleachtaí nach beagag a bhfuil molta do sheasamh na Gaeilge i gcoitinne i dTuaisceart éireann.

Chun tacú leis an bhfeachtas chun an Ghaeilge a chosaint, ní gá achbrú ar http://www.comhar.ie/scup/carta-tuaisceart.html agus an cárta poist ar an suíomh a íoslódáil agus a chur go dtí an seoladh atá air.

Gheofar gach eolas ag http://www.comhar.iemaidir leis an siollabas molta agus tuairimí Chomhar an Tuaiscirt air móide litir mhínitheach a bhí san Irish News 07 Aibreáin.

Ní ceist do mhúinteoirí Gaeilge amháin atá anseo, ach ceist stádas na Gaeilge i dTuaisceart éireann anois agus amach anseo.

Imeartas Focal


This week, AN DRAOI RUA discusses the play on words that has dogged the peace process for years and suggests that all statements from the IRA should be only issued as Gaeilge.

Le breis agus cúig bliain anois, tá náisiúnaithe na tíre dubh dóite leis an imeartas focal atá ar siúl ag naimdhde phoblachtánaithe.

Is cosúil go bhfuil aondachtóirí, rialtas Shasana, rialtas na sé chontae is fiche agus eile breá sásta leanstan ar aghaidh go brách le cur amú ama ag argóint fá bhrí focail éagsúla le moill a chur ar dhul chun cinn.

Le fírinne, creidim nach raibh cuid acu riamh i ndáiríre fá phróiseas na síochána ach iad de shíor ag cuartú leithscéil éigin le constac eile nó le géarchéim ar leith a chruthú. Lean na polaiteoirí seo le meon cogaíochta ar a intinn in ionad fealsúnacht na síochána a ghlacadh ar bord.

Is é mo thuairim féin nár chóir do Óglaigh na héireann ráitis i mBéarla a éisiúint choíche. Is mór an trua é gur thosaigh siad ar an drochnós seo óir thug siad údarás don bhéarla nach raibh tuillte ag Sasanaigh riamh. Ansin, thosaigh lucht an bhéarla ag lúbadh gach focal i ngach preas ráitis agus iad den bharúil go raibh sé de cheart acu soiléiriú a lorg i dtaobh níthe amaideacha áirithe. Ar ndóigh, thuig muid riamh nach raibh i gceist acu ach cluiche contúirteach le leithscéal a chruthú gan cothrom na Féinne a thabhairt do phoblachtánaithe na tíre seo.

Cuimhním féin focail (i mBéarla) a bhí ag Steve Biko ón Aifric Theas nuair a dúirt sé: "The greatest weapon in the hands of the oppressor is the minds of the oppressed." Ar an drochuair, tá gach cosúlacht go bhfuil buntáistí tugtha don údarás gallda nuair atá gach cumarsáid ó Óglaigh na héireann le léamh i mbéarla amháin. B'fhéidir gur chóir cluas a chur le héisteacht leis an mhéid a bhí Steve Biko ag moladh. An amhlaidh go bhfuil dearcadh na nGael tréigthe chomh furasta sin? Seans go dtiocfadh leat a rá go bhfuil Óglaigh na héireann ag géilleadh don mheon ghallda?

Le cúig bhliain anois, chonaic muid go raibh na Sasanaigh ag déanamh fiche focal as gach aon focal agus iad ag iarraidh focal a chur i mbéal na n-Óglach fosta. San am chéanna, chreid rialtas Shasana go raibh se de phríbhléid acu gealltanais agus focal a bhriseadh agus iad den tuairim go raibh sé de cheart acu an focal deiridh a bheith acu ar gach ócáid.

Is cinnte nach bhfuil meas ar bith ag na hinstitiúidí gallda ar fhocal na n-Óglach. I ndeireadh an lae, tuigtear níos mó faoi dhearcadh na bPoblachtánach as an mhéid atá a dhéanamh acu. Sa chás seo, tuigtear go bhfuil siad i ndáiríre fán síochán agus fá chearta an phobail as siocair go bhfuil na gunnaí ciúin.

Le bheith ag éisteacht leis na meáin cumarsáide ar na mallaibh, shílfeá nach raibh an lámh láidir in úsáid ag Sasanaigh, ag Aondachtóirí agus eile. Tá dearmad déanta acu ar na fórsaí dílseoireachta nach bhfuil toilteanach síochán a phlé fiú. Ar ndóigh, ní ghlacann siad fórsaí armtha an stáit san áireamh ar chor ar bith.

Níl a fhios agam an mbíonn an deis ag P. Ó Néill an sliocht seo a léamh, ach má tá, molfainn dó gach ráiteas a cur amach i nGaeilge amháin agus é a fhágáil mar sin. Ansin, bheadh ar an namhad comhairle a fháil ó Niall Ó Dónaill, ó Phádraig Ua Duinnín nó ó fhoclóir éigin eile. B'fhearr i bhfad tinneas cinn a thabhairt don lucht ná ligint dóibh crá croí a thabhairt dúinn.

Seanfhocal na Seachtaine


'Focal na faire.'

Is leid nó nod atá i gceist leis an mhéid thuasluaite ach b'fhéidir gur moladh atá ann chomh maith.

Gluais



imeartas focal    play on words

ag cuartú leithscéil    searching for an excuse

géarchéim    crisis

meon cogaíochta    mindset of war

fealsúnacht na síochána    philosophy of peace

cluiche contúirteach    dangerous game

tréigthe    betrayed

ag géilleadh    surrendering

fórsaí dílseoireachta    loyalist forces

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland