Current An Phoblacht website An Phoblacht archives 1997 - 2010
Ireland's Biggest Selling Political Weekly

Recent Editions

10 March, 2005

Other News

Colm Ó Ceannabháin

Colm O Ceannabháin

Photo: Colm O Ceannabháin

Tá Colm Ó Ceannabháin roghnaithe ag Sinn Féin le dul san iomaíocht i dtoghchán Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht na Gaillimhe. Tá Colm (30) ag obair mar innealltóir sibhialta faoi láthair, agus tá Máistreacht bainte amach aige i mbainistíocht tógála, réimse ina bhfuil taithí fairsing aige in Éirinn agus san Eoraip. Is as Doire Iorrais, Ros Muc é Colm, agus tá sé ina bhall gníomhach de chraobh Chonamara Theas de Sinn Féin.

Cainteoir dúchais Gaeilge is ea Colm agus tá cosaint agus cur chun cinn na teanga mar cheann de na príomhchuspóirí a bheidh aige má fhaigheann sé suíochán ar bhord an Údaráis. Beidh sé ag éileamh tuilleadh trédhearcachta agus oscailteacht ón Údarás freisn, agus ar ndóigh beidh sé ag cur an-bhéim ar an ngéarchéim dífostaíochta i gceantar Chonamara.

Tá Colm agus a fhoireann i mbun feachtais anois le roinnt seachtainí anuas agus is tuar dóchais agus misneach dóibh an fáilte atá dá chur rompu ar dhoirse Chonamara. Beidh said ag obair leo go tréan i nGaeltacht na Gaillimhe as seo go dtí an 2 Aibreán chun stair a dhéanamh agus ionadaíocht a fháil do Shinn Féin don chéad uair riamh ar bhord Údarás na Gaeltachta.

Articles may not be reproduced without the consent of An Phoblacht. For further information, please contact

Return to Top

    ©Copyright 2012 An Phoblacht    Privacy Policy