|
Recent Editions |
10 March, 2005 |
Other NewsSlogadh Shinn Féin 2005
Photo: Gráinne Mhic Géidigh Ag lainseáil an chláir do Shlogadh Shinn Féin, dúirt an Comhairleoir Chondae Piaras Ó Dochartaigh go bhfuil gníomhaithe na háite ag dréim go mór le himeachtaí na bliana seo. Beidh an Slogadh sa tsiúl i dTígh Jack ar an Ghlaisigh, Gaoth Dobhair Dé hAoine 18ú - 20ú Márta. 'Tá Sinn Féin Ghaoth Dobhair iontach bródúil gur roghnaíodh an ceantar seo don Slogadh i mbliana siocar gur comóradh céad bliain ó bhunaíodh páirtí Shinn Féin' a dúirt Piaras. Chuir an t-iarrathóir do thoghchan Údarás na Gaeltachta, Gráinne Mhic Géidigh, fáilte roimh na baill Shinn Féin uilig agus thug sí cuireadh do dhuine ar bith a bhfuil gaeilge acu theacht agus sult a bhaint amach as na himeachtaí éagsúla. Dúirt Gráinne, 'i measc na n-imeachtaí a bheas ann, beidh léacht stairiúil ar chomóradh chéad bliain Shinn Féin le Pádraig Ó Snodaigh, chomh maith le turas ar shúiomhanna stairiúla thart ar cheantar Ghaoth Dobhair. Beidh séisiúin 'Ceisteanna agus Freagraí' le painéal a bheas ag glacadh ceisteanna ón lucht féachana. Ar an phainéal, beidh Bairbre de Brún (BPE), an staraí Breandán Mac Suibhne (Ollscoil Notre Dame), Eoin Ó Murchú (iriseoir) agus Máirtín Ó Muilleoir (eagarthóir Nuacht Bhaile Andarsan). Agus, ar ndóigh, ag deireadh na hoíche beidh fáill ag achan duine a scíste a dhéanamh, suí siar agus éisteacht le ceol binn mhuintir na háite. Dúirt Gráinne: "Tá siúl againn go mbeidh deireadh seachtaine beoga, pléisiúrtha againn i lár ceann de na ceantracha gaeltachta is álainne sa tír, agus go mbeidh ár mbaill agus ár gcairde as achan cearn den tír ábalta freastal ar. Bí cinnte go mbeidh fáilte mhór romhaibh." Articles may not be reproduced without the consent of An Phoblacht. For further information, please contact |
©Copyright 2012 An Phoblacht Privacy Policy |


Print this article