Current An Phoblacht website An Phoblacht archives 1997 - 2010
Ireland's Biggest Selling Political Weekly

Recent Editions

26 June, 2008

Other News

Cruinniú tábhachtach faoi dul chun cinn na Gaeilge

Gerry Adams, Marcus Mac Ruairí agus Niall Ó Donnghaile ag an cruinniú

Photo: Gerry Adams, Marcus Mac Ruairí agus Niall Ó Donnghaile ag an cruinniú

On the stormiest, wettest Bodenstown Sunday morning in living memory Gaeilgeoirí from across the country packed into the Townhouse Hotel in Naas for a broad-ranging strategy meeting on Sinn Féin and the Irish language organised by Sinn Féin President Gerry Adams.
Bhí sé dochreidte gur thaistil triocha trí duine idir lucht na Gaeilge agus gníomhaithe polaitiúla chun cúrsaí teanga  – thuaidh agus theas – a phlé.
Thug ionadaithe ó gach mír den pháirtí cuntas gairid ar obair agus pleananna s’acú.
Labhair daoine idir Ghaeilge agus Béarla agus thaispean siad cé chomh gnóthach, gníomhach agus tiománta atá said ar cheisteanna Gaeilge ag na leibhéil eágsúla den pháirtí - agus inistitiúidí stáit, sa tuaisceart, sa deisceart agus fiú san Eorap.
Bhí iontas ar chuid mhór de na daoine a bhí ann cluinsint faoin oiread sin oibre atá ag dul ar aghaidh. Ba léir chomh maith nach raibh go leor poiblíochta a dhéanamh againn uilig - nach raibh an deascéal á léamh ag an phobal amuigh ansin.
Tá rud amháin eile ar iarraidh ón obair uilig seo agus ‘s é sin nach bhfuil stráitéis comhordú lonnaithe i lár ceannaireachta an pháirtí agus níl an forbhreathnú ag duine ar bith chun cinntiú go mbíonn athleanúint agus freagairt rialta.
Ag éirí as an chruinniú sin i mBaile Uí Bhuadáin beidh cúram cur chun cinn na Gaeilge lonnaithe ag croílár ionad riaracháin Sinn Féin, in oifigí an Uachtaráin agus an Ard Rúnaí.
Beidh sraith fochoistí á bhunú againn ag stiurú.
•    Gaelú an Pháirtí
•    Clár for-rochtana na n-eagrais Gaeilge
•    Grúpa Idirbheartaíochta
•    Cúrsaí poiblíochta

Tá straitéis againn, tá struchtúr againn, tá fís againn, anois ar aghaigh leis an obair.
Más maith le duine ar bith bheith páirteach in aon ghné den obair seo, dean teagmháil linn ar:
maire.grogan@sinn-fein.ie
nó:
seanna.walsh@sinn-fein.ie

Articles may not be reproduced without the consent of An Phoblacht. For further information, please contact

Return to Top

    ©Copyright 2012 An Phoblacht    Privacy Policy