IRIS – The Greatest Escape Advert
An Phoblacht
Ireland's Biggest Selling Political Weekly

Recent Editions

Donate to An Phoblacht Advert
Donate to An Phoblacht Advert

Sinn Féin
Sinn Féin bookshop
Friends of Sinn Féin
8 May, 2008

Other News

Comhdháil Gheilleagair Chultúrtha na Ceathrún Gaeltachta


Le hÉamann Mac Mánais

Inniu beidh Comhdháil Gheilleagair Chultúrtha na Ceathrún Gaeltachta, eagraithe ag Forbairt Feirste.
Díreoidh sí ar an Cheathrú Ghaeltachta in Iarthar Bhéal Feirste agus Díreoidh sí ar dhá ábhar treorach: Ceantar agus Teanga.
Beidh Gerry Adams BP BT agus Bairbre de Brún FPE i láthair mar aoíchainteoirí.
Ag caint roimh an Chomhdháil dúirt Ciaran Benstead, Stiúrthoír an Comhdhála,
“In Iarthar Bhéal Feirste, úsáidtear an teanga Ghaeilge ní amháin leis an fhíorscéal a léiriú ach le dul i bhfeidm air, é a athrú agus a thógáil ar bhealaí an-dearfacha agus praiticiúla: athchóirítear foirgnimh, osclaítear gnólachtaí, fiú go n-athnuaitear bunáiseanna trí idirghníomhú díreach leis an teanga.
“Tá an bunathrú sóisialta agus an dul chun cinn geilleagrach ceangailte go dlúth agus go luachmhar leis an athbheochan cultúrtha.”
Lean sé,
“Is samhail í Ceathrú Ghaeltachta Iarthar Bhéal Feirste den dóigh a dtig le teanga bheith ina gléas foráis  – is í teallach agus baile athbheochan Ghaeilge na Cathrach í agus an croílár i gcomhair pháirtíocht Phobail agus Rialtais a tharraingíonn as acmhainní áitiúla amháin chun an acmhainn gheilleagrach a thiomáint.”
Tá claonadh cinnte i dtreo cathracha agus lárionaid daonra uirbigh a dhlúthú isteach mar chinn tiomána d’fhorbairt gheilleagrach.
Tá cathracha eile fud fad na hEorpa agus níos faide i gcéin ag bunú straitéisí d’athbheochan ar na tionscail chruthaitheacha agus ar acmhainní cultúrtha.
Is féidir leis an Cheathrú Gaeltachta leas a bhaint as páirtnéireachtaí leis na cathracha seo. Treocht eile san AE is é an bhéim idirnáisiúnta ar na páirtnéireachtaí seo.
Ba chóir na páirtnéireachtaí seo a chruthú ar an eolas go mairimid i ré ina bhfuil na sean-chinnteachtaí geilleagracha á mbréagnú go leanúnach. Tá an domhandú linn agus beidh go buan.
Guíonn Sinn Féin bláth agus rath agus gach sonas ar Forbairt Feirste inniu.

Articles may not be reproduced without the consent of An Phoblacht. For further information, please contact

Return to Top

    ©Copyright 2008 An Phoblacht    Privacy Policy