IRIS – The Greatest Escape Advert
An Phoblacht
Ireland's Biggest Selling Political Weekly

Recent Editions

Donate to An Phoblacht Advert
Donate to An Phoblacht Advert

Sinn Féin
Sinn Féin bookshop
Friends of Sinn Féin
17 April, 2008

Other News

Nasc idir bochtanas agus ailse

Bairbre de Brún

Photo: Bairbre de Brún

le hÉamann Mac Mánais

Fíoras — Is eochair-fhachtóir í an bhochtaineacht maidir le drochshláinte.
Fíoras – Éiríonn daoine atá beo bocht níos tinne agus faigheann siad bás níos luaithe ná iad siúd atá níos saibhre.
Tá sé soiléir a rá fosta gur fadhb idirnáisiúnta an ailse agus bochtanas, ar ndóigh, agus ní bhfaighimid an lámh in uachtar uirthi ach amháin tríd an chomhoibriú, ag roinnt taighde, eolais agus forbairtí nua.
Le sin i gcuimhne agus í ag caint i bParlaimint na hEorpa an tseachtain seo caite, dúirt an Feisire Parlaiminte Eorpach do na sé chontae Bairbre de Brún gur chóir go mbeidh tascfhórsa idirinstitiúideach bunaithe chun chun dul i ngleic leis an nasc idir bochtanas agus ailse.
Dúirt Iníon de Brún,
“Aontaím gur chóir tascfhórsa idirinstitiúideach um ailse a bhunú a thógfadh ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa, ón Choimisiúin agus ón Chomhairle le céille ar bhonn rialta. Ba chóir taighde um aimsiú agus cosc ailse a mhaoiniú fosta faoin Seachtú Creat-Chlár.
“Ba mhaith liom go háirithe an cheist faoi mhná agus ailse a thógáil.
Is gá straitéisí a chur i bhfeidhm chun cás na mban a chur san áireamh, agus go háirithe an gá le scagadh mhuineál na broinne atá saor agus rialta agus scagadh ailse chíche atá saor agus tapa.
“Is eochairfhachtóir í an bhochtaineacht maidir le drochshláinte. Éiríonn daoine atá beo bocht níos tinne agus faigheann siad bás níos luaithe ná iad siúd atá níos saibhre.
“Is fíor seo go háirithe maidir le cosc ar ailse agus a leigheas.
Lean sí,
“Chomh maith leis sin, caithfimid amharc ar cheimiceáin shuaiteacha hormón, ar féidir teacht orthu i ndrugaí i dtáirgí cúram coirp pearsanta, i bplaistigh nó i mbia. Is féidir reachtaíocht ceimiceán an AE REACH a úsáid mar bhealach chun ceimiceáin ghníomhacha hormónacha a rialú.
“Go rómhinic, díríonn beartas sláinte ar chóireáil na drochshláinte in áit ar a cosc. Nuair a bhí mise i m’Aire Sláinte i dtuaisceart na hÉireann, bhí mé freagrach as straitéis a fhorbairt le tabhairt faoi na mórchúiseanna, éagothromaíochtaí sóisialta agus eacnamaíocha go háirithe, ar cúis drochshláinte iad.”

Articles may not be reproduced without the consent of An Phoblacht. For further information, please contact

Return to Top

    ©Copyright 2008 An Phoblacht    Privacy Policy