Oscail oscail oscail an doras lig isteach an fear grinnn agus athraigh an córas athraigh athraigh go bhfeice cad a tharlaíonn nuair a thosaíonn mac an easpaigh ag foghlaim Gaolainn i gConamara aláinn a thóg sé a chéad cheim ag dul ar ais ar scoil ina éadaigh mhic léinn ina shuí i seomra ranga leis an daltaí eile ag iarraidh ciall a bhaint as an modh coinníollach a’s imirt leis an cumann áitiúl péile a’s é ina Mhaor le linn na Féile Mac an Easpaig, Mac an Easpaig ag foghlam Gaeilge ar aghaidh ar a thuras go Corca Duibhe agus go tighín Peig ma’s buan mo chuimhne a’s ag baint an craic ‘ mBaile Mhuirne Mac an Easpaigh Mac an Easpaigh ar a thuras níos doimhne chuig cróilár na Gaeilge agus céad Fáilte roimhe bliain, bliain a chaith sé leis an obair sna Gaeltachtaí ar fad ó Leitir Mór go Gaoth Dobhair ag aithris na gcanúintí a’s na bhfocal éagsúil i gcónaí dúshlánach, ach i gcónaí geanúil sa Chultúrlann ar Bhóthar na bhFál a chonaic muid é agus ag magadh a’s ag gaire in the Stormont Long Gallery ar aghaidh leis, ar aghaidh leis go bhfeice muid ar fad an radharc de Mhac an Easpaig ag rapáil leis na braithre i Nua Eabhrac leis na Gaeil thar lear, Gaeil Hispanic a’s Coiréan brodúil as a dteanga, brodúil as a léann ach in Éirinn, in Éirinn bhí na sluaite ag fanacht ag an Gig is mó, ‘sé sin an Oireachtas leis an sean nós ‘s an damhsa is amhránaíocht mall san oíche an craic, an spraoi, ní raibh a macasamhail choíche nuair a thóg an Yank an stáitse i gCathair na Mart le Léimigí, Léimigí, Léimigí Thart Ah Deasún, Deasún, a Dheasún Mac an Easpaigh le sé sheachtain anuas tá níos mó déanta aige do stadas na Gaeilge i measc an phobail féin Pobal na Gaeilge abhaile a’s i gcéin maith thú a Dheasún a’s an turas a roinnt linn an brod, an brón, an t-uaigneas, an grinn mar a déarfadh na romhanaigh fadó sa Laidin tháinig tú, chonaic tú agus bhuaigh tú a dhushlán.
Articles may not be reproduced without the consent of An Phoblacht. For further information, please contact