Is cuimhin liom agus mé ar scoil ag déanamh dán de chuid Máirtín Ó Díreáin Fear Lasta Lampaí. Tá na focail uilig imithe amach as mo chloigeann anois ach dhá line: “Bá draíodóir an fear beag a raibh an solas ina ghlac.” Sheas mé insan scoil in ar scaoileadh Ché Guevara cúpla lá ó shoin agus sé seo an t-aon rud a tháinig isteach i mo cheann, níl a fhios agam cén fáth, nó shílfeá go mbeadh mothúcháin an choirp i bhfad níos láidre ná cuimhneacháin den tsort seo. Ach cibé ar bith bhí mo intinn ag déanamh ceangal idir an fhear seo agus áit dúchais muintir a athair. Ar mhothaigh duine agaibh ar Anna Isabel Lynch. Ba í seanmháthair Che Guevara agus ba de bhunadh Gaillimhe í do réir mar a théinn an scéal, an condae céanna as a dtagann Mairtín Ó Díreain a scríobh an dán úd a bhfuil mé ag cuimhneadh air. D’inis mé le mo chara faoi Che agus a cheangal le Éireann. Fa choinne sibhse nach bhfuil a fhios agaibh faoin fear lasta lampaí a rinne iarracht an bladhaire Soisialach a spréadh fríd an domhan mhór le módhanna réabhloideach seo cuntas goirid daoibh. Rugadh Ché 14 Meitheamh 1928, i Rosario Airgintín. 7 Meitheamh 1953, thaisteal sé frid Meiriceá Theas 1954 Mean Fómhair, casadh bunadh Cuba air i Meisiceó. 1954 - 1964 D’oibrigh sé agus throid sé ar son Chuba agus an reabhlóid Soisialacha. 1965 Congó... ag ithe Big Macs agus ag rith i ndiaidh mná nocht 1966 Bolivia. 1967 Maraíodh é I Bolivia. Sílim fhéin nach bhfuil an blaidhre a las sé na blianta fada ó shoin múchta go fóill, fiú anseo i mBolivia tá meas agus grá ag na gnáthdhaoine air. Siombal atá ann - tuigeann daoine go dtig rudaí a athrú ‘s cuma caidé agus comh holc agus atá siad. Seo an meon atá ag na daoine atá beo bocht agus atá ‘na chonaí i mbotháin de thithe lena gcuid ainmhithe. An té atá siopa beag nó bialann beag acu ba an diabhal é Che, tá an dream seo sásta go bhfuil a saol níos fearr ná daoine na mbotháin. Tá dream an airgid anseo ag iarraidh neamhspleáchas a fháil do Santa Cruz agus scoilt iomlán a bheith idir iad fhéin agus daoine dúchais na tíre agus an tír í fhéin. Ach inniu tá Morales ag déanamh iarracht an blaidhre seo a iompar agus fadhbhanna na tire a réiteach ach go dtí seo sílim fhein nach bhfuil an cuidiú aige, tá an cuma ar an scéal go bhfuil sé ag iompar i bhfad barraíocht ar a dhroim. Ach caidé a bhfuil a fhios agamsa, dá mbéadh a fhios agam caidé an dóigh le fadhbanna a réiteadh nach ndéanfainn i mo thír fhéin ar dtús e? B’fhéidir nach bhfuil cumhacht ar bith ag na gnáth daoine níos mó, b’fhéidir nach bhfuil cumhacht ar bith ag aon rialtas, an dtig linn a rá go bhfuil dream cumhachta ar chúl achan tír agus achan rialtas ag coinneál achan nduine gníomhach agus ag tabhairt píosa beag cumhacht daofa thall agus abhus do dhaoine áirithe nuair a fhorann sé daofa. B’fhéidir go bhfuil mé lán de luchógaí bána agus duilleoga cóca! An babóg ar théid tusa? An gcaithfidh tú fanacht le duine inteacht a inse duit an blaidhre a iompar agus é a scapadh.... Má thógann tú an blaidhre seo an dtig leat a bheith cinnte gur thú fhéin a thóg é nó an é fear na téide a thug ort é a dhéanamh! Níl a fhios agam ar chuir na ceisteanna seo isteach ar Che ach má chuir char stap siad é ag obair ar son na daoine. Sé an rud a stap é no fir na téid!
Foclóir
Fear lasta lampaí...flame carrier cloigeann...head bothain...small shack barraíocht...too much fa choinne...for modhanna...tactics cuimhneacháin...memories bialann...restaurant dúchas...native cumhacht...power
Articles may not be reproduced without the consent of An Phoblacht. For further information, please contact