Current An Phoblacht website An Phoblacht archives 1997 - 2010
Ireland's Biggest Selling Political Weekly

Recent Editions

27 November, 2003

Other News

An Ghaeilge ina príoracht

Bairbre de Brun

Photo: Bairbre de Brun holds up the Sinn Féin Irish manifesto

Ag caint ag seoladh Forógra don Gaeilge de chuid Sinn Féin, dúirt Bairbre de Brún, ball d'Ard Chomhairle an pháirtí agus í ina hionadaí do Bhéal Feirste Thiar, dúirt sí:

"Is gné lárnach í an Ghaeilge sa chultúr Gaelach atá mar oidhreacht chomónta d'achan duine a chonaíonn ar an oileán seo. Is linne uilig an teanga, pé creideamh ná dearcadh polaitiúil atá againn. Saibhraíonn an teanga muid uilig. Seo an fáth a chreideann Sinn Féin go docht go bhfuil gá leis an teanga a chosaint.

"Is é aidhm s‚againne ná sochaí dátheangach a chruthú ag gach leibhéal. Is é cuspóir s'againne go mbeidh muintir na hÉireann ábalta an teanga a shealbhú arís.

"Léiríonn an doiciméad seo bealach praicticiúil leis sin a dhéanamh trí reachtaíocht, craoltóireacht agus soláthar seirbhísí óige agus sóisialta.

"Bhí Sinn Féin chun tosaigh ag cur na Gaeilge chun cinn agus ag cinntiú áit don teanga san idirbheartaíocht roimh Chomhaontú Aoine an Chéasta. Ó shin amach táimid ag cur na teanga chun cinn ar bhonn uile-Éireann.

"Bhí ról lárnach againn i mbunú Foras na Gaeilge, an foras uile-Éireann a bhfuil freagracht aige ar chur cun cinn na Gaeilge. Agus d‚éirigh linn sa streachailt le buiséad Foras na Gaeilge a fháil ar ais arís tar éis ciorruithe an Rialtais anuraidh.

"Rinneamar iarracht, taobh istigh den Tionól agus san Fheidhmeannas, go dtabharfaí an stádas don Ghaeilge atá tuillte aici agus go ndéanfaí labhairt na Gaeilge a éascú agus a chur chun cinn.

"Tá tuilleadh le déanamh le cinntiú go gcuirfí i bhfeidhm na geallúintí sin a tugadh don Ghaeilge. Sin an fáth go bhfuilimid ag foilsiú an Fhorógra seo agus sin an fáth a bhfuil coimitmint againngo mbeidh soláthar seirbhísí Gaeilge in a ghné lárnach sa chéad Tionál eile.

Articles may not be reproduced without the consent of An Phoblacht. For further information, please contact

Return to Top

    ©Copyright 2012 An Phoblacht    Privacy Policy