
![]() |
Recent Editions |
19 July, 2007 |
Other NewsNíl imeacht na Gaeltachta dosheachanta - Conradh na Gaeilge
Níl bás na Gaeilge mar theanga teaghlaigh agus phobail sa Ghaeltacht dosheachanta má dhéantar bearta daingne cinnte anois chun an scéal a leigheas dar le Conradh na Gaeilge. “Is ceist thábhachtach í todhchaí na Gaeltachta don náisiún go léir” a dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán an Chonartha, a bhfuil cónaí air i nGaeltacht Ráth Chairn, agus é ag trácht ar thuairisc Ollscoil na hÉireann Má Nuat a sceitheadh agus a deir go bhféadfaí go n-éagfaidh an Ghaeilge sa Ghaletacht faoi 2025 má leanann cúrsaí mar atá.Dúirt sé chomh maith; “Is féidir le pobal theanga mhionlaigh teacht slán agus dul i neart, ach ní foláir forlámhas a bheith ag an teanga sin sa phobal maidir le cúrsaí oideachais, riaracháin phoiblí, gnó, póilíneachta agus na gcúirteanna, na n-eaglaisí, agus na gcumann deonach, spóirt, agus sóisialta. “De dheasca an brú a bheith cosúil le gach aon duine eile agus Béarla a labhairt, brú a thagann ó shíor-úsáid an Bhéarla ag na cumainn seo go háitiúil, is i mBéarla amháin a bhíonn go leor leor seirbhísí riachtanacha agus cúrsaí sóisialaithe, rud a chreimeann tuilleadh úsáid na Gaeilge. “Beidh tacaíocht ag teastáil ó na pobail ar mian leo fanacht sa Ghaeltacht ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach, tiomáinte ag an Rialtas, chun pleananna teanga a chur i gcrích faoi mar a tharla ar Oileáin Aland na Fionlainne agus i Québec Cheanada. “Ní foláir an tuairisc a fhoilsiú gan mhoill agus na moltaí ann a fheidhmiú go hiomlán”, arsa an Cárthach. Articles may not be reproduced without the consent of An Phoblacht. For further information, please contact |
©Copyright 2008 An Phoblacht Privacy Policy |



Print this article
E-mail this article
Níl bás na Gaeilge mar theanga teaghlaigh agus phobail sa Ghaeltacht dosheachanta má dhéantar bearta daingne cinnte anois chun an scéal a leigheas dar le Conradh na Gaeilge. “Is ceist thábhachtach í todhchaí na Gaeltachta don náisiún go léir” a dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán an Chonartha, a bhfuil cónaí air i nGaeltacht Ráth Chairn, agus é ag trácht ar thuairisc Ollscoil na hÉireann Má Nuat a sceitheadh agus a deir go bhféadfaí go n-éagfaidh an Ghaeilge sa Ghaletacht faoi 2025 má leanann cúrsaí mar atá.