Cé go bhfuil clú agus cáil ar fud na Cruinne ar an 17ú Márta mar lá comórtha ar naomh náisiúnta na hÉireann – an Pádraig Naofa úd – agus de thoradh sin, an príomhlá ina dhéantar comórtha ar gach ní Éireannach sa bhaile agus i bhfad i gcéin, ní chuirtear an pobal in eolas faoi Phádraig agus a bhaineann leis mar ba cheart. Agus tá cúinsí polaitiúla ag gabháil leis seo, ní nach ionadh! Tá a fhios againn gur duine fiorfa é Pádraig go stairiúil. An scéal mar is eol don chuid is mó againn ná gur buachaill Breatanach a bhí i bPatricus agus d’fhuadaigh taoiseach Gaelach darbh ainm Niall na Naoi nGiallach é lena chur ag obair mar dhaor i mbun caorach ar Shliabh Mis. Ag an am, ba iad na Gaeil a bhí ina n-impiriúlaigh agus iad ag sciobadh na Breatanaigh bochta chun a ndaoirseachta. Ar aon nós, d’éalaigh Patricius óna mháistrí leatromacha go dtí an Gháill, áit a fuair sé tréanáil mar shagart. D’fhill sé ar Éirinn chun an Chríostaíocht a scaipeadh agus tar éis a thriallach, d’éirigh leis na Gaeil a mheallach i treo na Críostaíochta. Tá sé cruthaithe ag saineolaí luathstaire T. F. O’Rahilly, afach, gur beathaisnéis comhchéilithe faoi bheirt misinéirí críostaíocha – Patricius agus Palladius – a bhí curtha le chéile mar Phádraig amháin. Is é sin le rá an buachaill Patricius a sciobadh óna mhuintir agus Palladius, an misinéir a chur an Pápa Ceilistín I (Celestinus) chun na Gaeil a mhealladh i dtreo na Críostaíochta. Manach Ultach darbh ainm Muirchú a bhí ciontach as an gcomhchéileacht seo agus rinne d’aon ghnó é. Bhí fáthanna polaitiúla ag gabháil leis seo mar gur theastaigh ó na hUltaigh príomhacht a bhaint amach dá láthair críostaíochta Ard Mhacha, a bhí mar chathair eaglasta ag an am, níos mó ná na bailte a bhunaigh na Lochlannaigh. Ach bhí cathair eaglasta eile ann, Cill Dara, a raibh na Laighnigh ag maíomh go mba cheart an phríomhacht a bheith acu i gcúrsaí eaglasta na hÉireann, agus iad ag moladh Naomh Bríd mar naomh náisiúnta. Bhí roinnt eile ag moladh gurbh é Colm Cille an naomh náisiúnta as ucht a éachtaí misinéireachta sa bhaile agus thar sáile. Sa deireadh glacadh leis an triúr mar naoimh naisiúnta – ar nós seamróg – le Pádraig an duilleog is airde! Maidir le ceiliúradh Lá le Phádraig, nós nua-aimseartha go leor é a tháinig ó Ghaeil-Mheiriceánaigh i lár naoú haois déag, treimhse ina raibh géarghá ag na hÉireannaigh féinmheas agus bród a chruthú iontu féin. Roimhe sin, leis na himircigh Ghaelacha sáite i dtír agus sochaí naimhdeach na Stát Aontaithe, rinne siad comórtha ar bhreithlá Roibeárd Emmet – laoch poblachtánach a raibh an-mheas ag na Gaeil air. Ach ní raibh an Eaglais Chaitliceach ró-shásta le príomhchomóradh na nGael a bheith dírithe ar an bprotastúnach Emmet. Nó b’fhéidir gurbh é an phoblachtánachas a chuir as dóibh i ndairíre, agus Aois an Réasúin a ghabh leis sin le linn Réabhlóid na Fraince! Ní raibh an Eaglais úd - nó aon eaglais eile - ró-thógtha le cúrsaí réasúin agus as sin a tháinig siad isteach sa scéal. Nuair a bhí na Gaeil i mbun a dtriallach agus iad ar Fhód Mheiriceá, bhí géarghá le pobal brúite síos le ceannasaíocht chun iad féin a tharraingt suas ón mbochtanas, ón éagóir agus ón leatromas Piúratanach frith-Ghaelach frith-Chaitliceach. Is mar gheall ar sin a chas an pobal úd ar an Eaglais Chaitliceach, áit a fuair siad comhghreamú agus eagraíocht, rud a sheas go mór leo agus iad i mbun polaitíochta na tíre sin. Thóg na Gaeil scoileanna, ollscoileanna, coláistí clúiteacha, ospidéil agus ba chúis nach beag institiúidí den chineál sin na Gaeil-Mheiriceánaigh a ardú ar dhréimire an tsochaí. Is uaidh sin a ghabhann an tábhacht le Lá le Phádraig in ainneoin an paradacsa a ghabhann leis.
Foclóir
daoirseacht...slavery, bondage leatromach...oppressive an Gháill...Gaul (Ancient France) comhchéileacht...conflation cathair eaglasta...ecclesiastical city éachtaí misinéireachta...missionary exploits Aois an Réasúin...Age of Reason comhghreamú...cohesion
Articles may not be reproduced without the consent of An Phoblacht. For further information, please contact