|
Recent Editions |
17 August, 2006 |
FeatureHezbollah Neamhchloíte!Hezbollah Neamhchloíte! Tá pobal Iosrael go mór in ísle brí tar éis sos comhraic a bheith fógartha idir treallchogaithe Hezbollah agus Stát Iosrael de dheasca gur chlis orthu na treallchogaithe seo a chloí. Tá a lán milleáin á dhíriú ag cuid mhaith de phobal Iosrael ar Ehud Olmert mar gheall ar an gcinneadh aige tabhairt faoi na treallchogaithe nár éirigh leo a chloí roimhe nuair a bhí orthu Deisceart na Liobáine a thréigean sa bhliain 2000. B'fhiú a chuimhneamh, áfach, gur thacaigh an pobal céanna leis na ionsaithe barbaracha i gcoinne shibhialtaigh agus Arm Iosrael i mbun gach iarrachta Hezbollah a scriosadh ó bhun go barr. Níor éirigh leo agus tá sé feicithe ag na pobail timpeall orthu cé chomh huilechumhachtach is ba mhaith leo a bheith. Do shochaí bunaithe ar fhorneart, ar fhoréigean agus ar bhulaíocht, is baolach an scéal seo dóibh nuair nach samhlaítear iad a bheith laidir agus chomh cumhachtach sin. B'fhiú a chuimhneamh gur íoc muintir na Liobáine go daor as seo. Ta breis is míle taismí, idir óg is aosta, fireann is baineann, marbh de dheasca na ruathair aeir agus talún a scaoil meaisín míleata Iosrael orthu. Tá cuid an-suntasach de bhonneagar na tíre sin scriosta go mór. In ainneoin shochaí na Liobáine a bheith deighilte go domhain, tá níos mó tóra ar Hezbollah ná mar a bhí roimhe, fiú amháin i measc an Phobail Chríostaigh. Tá tuairim is milliún duine curtha amach ar thaobh an bhóthair gan dídean de dheasca an chogaidh a bhí ar siúl. Bunaíodh Hezbollah i 1982 nuair a rinne Arm Iosrael ionradh ar an Liobáin agus nuair a ghabh siad críoch theas na tíre sin - ó dheas Abhann na Litani. Baineann Hezbollah leis an bpobal Síteach a mhaireann i nDeaisceart agus in Oirthuaisceart na tíre, chomh maith le Deisceart Chathair Bhéiriút. Nuair a thosaigh siad a thabhairt faoi Arm Iosrael, go mór i ndiaidh 1985, ba mhó taismí acu a thit ag troid i gcoinne na nIosraelach. Ach de réir a chéile, d'éirigh leis na treallchogaithe ruathair níos cumasaí agus ionsaithe níos fíochmhaire a dhíriú ina gcoinne, chomh maith le diúracáin Katyasha a scaoileadh go rialta i gcoinne chathracha Iosrael. Roimh i bhfad, bhí siad ag baint taisme ar thaisme ar ráta coibhnis 1:1 i gcoinne na nIosraelach, ráta taismiúil a raibh an-deacracht ag na hIosraelaigh glacadh leis. Sa deireadh thiar thall, tharraing Arm Iosrael amach as Deisceart na Liobáine. Cé gur bunaíodh Hezbollah ar dtús mar ghluaiseacht reiligiúnda - ciallaíonn a n-aimn Páirtí Dé - maíonn siad féin sochaí cothromaíoch a thacaíonn le saoirse na mban agus sochaí tiomanta chun aire a thabhairt dóibh siúd a bhfuil gá leo. Ar dtús, bhí siad tiomanta ar phoblacht Ioslamach a bhunú, mar a mhaígh a dtacadóirí Iaránacha, ach ós rud é go bhfeidhmíonn siad laistigh de shochaí shaolta a ghabhann leis an gcuid sin den Mheánoirthear, ní mholtar seo a thuilleadh. Focloirísle brí ...in low spirits treallchogaithe...guerrilla fighters uilechumhachtach...invincible ruathair aeir...air raids cothromaíoch...egalitarian pobal Síteach...the Shi'a community diúracáin Katyusha...Katyusha missiles tacadóirí ...supporters sochaí shaolta....secular society Articles may not be reproduced without the consent of An Phoblacht. For further information, please contact |
©Copyright 2012 An Phoblacht Privacy Policy |


Print this article