Photo: Statue of famous Irish author Padraig O Conaire
In response to The Irish Times' quest to find the greatest Irish novel, AN
DRAOI RUA thought it might be appropriate to suggest a few 'as Gaeilge'.
Tá toghachán ar siúl fá láthair ag 'The Irish Times' agus iad ag iarraidh
'The greatest Irish novels' a aimsiú. Ar an drochuair, caithfidh na
húrscéalta seo a bheith scríofa i mBéarla. Tá treoir tugtha acu ina bhfuil
liosta de chaoga úrscéal acu agus ansin iarrann siad ar léitheoirí an
nuachtáin na deich gcinn is fearr leo as an liosta a roghnú.
Caithfidh mé a admháil go raibh cineál díoma orm nach raibh úrscéal ar bith
as Gaeilge curtha san áireamh. An é go gcreideann lucht liteartha na tíre
seo nach bhfuil litríocht na nGael ar chaighdeán sásúil go leor? B'fhéidir,
áfach, go mbeadh sé níos fearr toghachán den saghas céanna a bheith ann ar
mhaithe leis an úrscéal Gaeilge is fearr a aimsiú.
Ós rud é go raibh an smaioneamh seo ag rith trí mo chloigeann, d'oscail mé
leabhar taighde a bhí ar mo sheilf ó bhí mé ar an ollscoil. 'An tÚrscéal
Gaeilge' le Alan Titley a bhí ann. Anois, níl mé a rá gur thosaigh mé á
léamh arís ó thús go deireadh ach d'fhéach mé ar clár na n-úrscéalta Gaeilge
a bhí aige ar chúl.
Ar an chéad dul síos, ba mhaith liom a rá nach bhfuil an liosta úrscéalta ag
Titley suas chun dáta. Foilsíodh an leabhar taighde seo i 1991, rud a
fhágann deireadh an liosta i 1990. Ba cheart dom a rá fosta go bhfuil sé
deacair dom na deich gcinn is fearr a roghnú as 160 toisc nach bhfuil siad
uilig léite agam. Sea, ba chóir dom dul ar ais chuig an leabharlann.
Cibé ar bith, seo deich n-úrscéal a roghnaigh mé as liosta Titley.
Bheartaigh mé gan áit ná uimhir ar leith a thabhairt dóibh, óir dar liom go
bhfuil siad uilig maith. Is iad na gcinn is fearr liom féin de réir ord a
bhfoilsithe ná:
'Deoraíocht' le Padraic Ó Conaire a foilsíodh i 1910. Tugtar léiriú ar
shaol deoraí ó Éirinn i Londain agus leathnaigh an Conaireach scóip na
nua-litríochta leis an saothar seo. Cinnte, cuimhnítear air as 'M'asal
Beag Dubh' a scríobh thar aon rud eile.
'Caisleáin Óir' le Séamus Ó Grianna a cuireadh i gcló i 1924. Bhí
Gaeltacht Thír Chónaill mar shuíomh ag 'Máire' agus chuir a shaothar
canúint Chúige Uladh go mór chun cinn i scríbhneoireacht na Gaeilge. Lean
sé ag scríobh leis le breis agus daichead bliain. I measc saothair eile a
d'fhoilsigh sé bhí; 'Cith is Dealán' 1926, 'Nuair a bhí mé Óg' 1942, 'Saol
Corrach' 1945, 'Tairngreacht Mhiseoige' 1958 agus a lán eile.
'An Béal Bocht' le Myles na gCopaleen a foilsíodh i 1941. Cé gur i mBéarla
a scríobh sé na húrscéalta is mó a thuill clú dó, caithfidh an leabhar seo
a mheas i saothar an duine seo a raibh dhá ainm eile air; Brian Ó Nualláin
agus Flann O'Brien. Creidim go bhfuil an leabhar seo ar an úrscéal is mó
díol i nGaeilge, tá sé eagrán foilsithe agus é léite agam arís is arís
eile.
'Cré na Cille' le Máirtín Ó Cadhain a foilsíodh i 1949. Tá an t-úrscéal
seo scríofa i bhfoirm agallaimh idir na mairbh i reilig i mbaile beag i
gConamara. Léiritear an t-éad, an fuath agus an t-achrann idir dhaoine i
saol atá bocht agus cúng. Tá scoláirí den tuairim gurb é Ó Cadhain an
scríbhneoir is tábhachtaí dár shaothraigh prós na NuaGhaeilge. Bhí sé ina
mháistir ar ollshaibhreas chanúint Chonnacht agus é iontach ionraic agus
lándáiríre faoina ghairm. Tá cnuasaigh gearrscéalta agus paimfléidí
suimiúla foilsithe aige chomh maith
'L'Attaque' le Eoghan Ó Tuairisc a cuireadh i gcló i 1962. Is úrscéal
stairiúil den scoth atá anseo atá suite i dtréimhse 1798 agus na Francaigh
ag teacht i dTír. Is iomaí gné den litríocht Gaeilge cleachtaithe ag an
údar seo, iriseoireacht, drámaí, filíocht agus úrscéalta. Tá cuntas
samhlaíoch ar Sheachtain na gCásca san úrscéal 'Dé Luain' a foilsíodh i
1966.
'An Uain Bheo' le Diarmuid Ó Suilleabháin a foilsíodh in 1968. Tá an
t-úrscéal seo domhan go leor ach mar scríbhneoir cumasach nua-aoiseach,
bhéarfadh sé ábhar machnaimh don léitheoir i gcónaí. Seo a leanas cuid den
saothar eile atá foilsithe aige: 'Súil le Muir' 1959, 'Dianmhuilte Dé'
1964, 'Caoin tú Féin' 1967, 'Trá agus Tuilleadh' 1967, 'Muintir' 1971,
agus 'Maeldún' 1972.
'An Druma Mór' le Seosamh Mac Grianna a foilsíodh i 1969 cé gur scríobhadh
é breis agus tríocha bliain roimhe. Is saothar é seo a bhaineann le saol
pobail i mbaile fearainn de chuid Ghaeltacht Thír Chonaill agus an
príomhcharachtar Proinsias Bheagaide caite ina measc. Feicimid aislingí,
idéil chomh maith le laigí an phobail ann. Ar ndóigh, bhí neart eile
scríofa aige i rith a shaoil.
'An Branar gan Cur' le Breandán Ó Doibhlinn a cuireadh i gcló i 1979.
Caithfidh mé a rá go ndeachaigh an t-úrscéal áirithe seoi i bhfeidhm orm.
Téann Ultach óg ar thuras traenach ó Bhaile Átha Cliath go Doire agus é ag
machnamh ar thuras a shaoil ar a bhealach.
'Súil le Breith' le Pádraig Standún a foilsíodh i 1983. Bhí plé macánta
díreach ins san úrscéal seo ar aontumhacht an tsagairt agus ar chúinge
agus ar fhláithiúlacht daoine. Lean 'A.D. 2016' le téamaí sóisialta
comhaimseartha a phlé.
'Cuaifeach mo Londubh Buí' le Séamas Mac Annaidh a foilsíodh i 1983 fosta.
Tús trialóige a bhí ins sa leabhar seo óir lean 'Mo Dhá Mhicí' i 1986 agus
'Rubble na Mickies' i 1990. Caithfidh a rá gur bhain an 'Cuaifeach Mo
Londubh Buí' geit tobann as lucht léitheoireachta na Gaeilge. Is cinnte
gur bhain formhór an phobail seo an-sult as pléaraca spórtúil an údair seo
ina raibh súgradh gan dáirire ann ó thús go deireadh. Ceannródaí eile atá
ag saothrú leis go fóill.
Anois, dúirt mé ag an tús gur chríochnaigh liosta Titley i 1990 ach mar is
eol do mhadraí na sráide, is iomaí úrscéal atá foilsithe ó shin agus le
cuidiú Dé, beidh a thuilleadh le foilsiú san am atá le teacht. Gach seans go
mbeadh an-comórtas eadarthu uilig, dá mbeimís ag iarraidh an cheann is fearr
a roghnú. Molaim gur chóir do Lá, Foinse, Rnag, TG4 nó dream éigin eile a
leithéid a eagrú.
Seanfhocal na Seachtaine
'Scéal an chaipín deirg,
... scéal an ghamhna bhuí,
... scéal mhadra na n-ocht gcos,
... scéal ó Shamhain go Bealtaine.'
Seo ceithre dóigh le cur síos a dhéanamh ar scéal gairid atá déanta fada.
Gluais
toghachán election
curtha san áireamh included
taighde research
de réir ord a bhfoilsithe according to order of publication
deoraí emigrant
leathnaigh broaden
eagrán edition
cnuasaigh gearrscéalta collections of short stories
cuntas samhlaíoch immaginative account
ábhar machnaimh matter to consider
príomhcharachtar main character
aontumhacht celibacy
fláithiúlacht generosity
Articles may not be reproduced without the consent of An Phoblacht. For further information, please contact