Thit mé I laige aréir ag féachaint ar Brazil agus na Croats, agus iad ag póg
a chéile agus ag luí ar an talamh ag cuimilt a nglúin. Nuair a bhaineann tú
an 'hype' ar fad a chruthaíonn na meain cumarsaide thart air tá sé ionatch
leadránach, agus níl móran ag tarlú san iomaint agus 'bogball' faoi láthair.
Mar sin, ag tabhairt cluas bodhar do chomhairle sean rothaí Poblachtánach,
lion mé mo mhalaí le sairdín, pasta agus EPO's agus thug mé aghaidh ar
shléibhte Cill Mhantáin I gcomhair rothaíocht 140 cileaméadar.
Bhí ós cionn mile go leith geallt eile in eineacht liom, iad ar fad I
ndiaidh a gcosa a bhearradh agus gléasta go proifisiúnta ar rothair a
chosnaigh na mílte.
Ní dhearna mé rud ríamh chomh deacair I mo shaol - ar a laghad ní mhaireann
an marathon ach 4 uair a chloig agus tá go leor seandaoine I do dhiaidh.
Mhair an deabhall-rothaíocht seo ó mhaidin go h-oíche agus ní raibh aon
mhaitheas I mo EPO; thainig mé slan as sa deireadh agus mé fós ag fulaingt
Ach chuir sé mé ag smaoneamh faoi na geallt ar fud an domhain a chuireann a
saoil I mbaol gach deireadh seachtain- cad faoin geallt a ghearr a lámh as
le scian phóca nuair a raibh sé greamaithe faoi chloch nó na marthanóirí ón
Argintín a d'ith a chéile gan ketchup, nuair a bhuail a eitleán in aghaidh
chnoc sna Andes.
Tá caint ar maidin faoi scoileanna a dhruideadh I gcomhair an marthanóir
polaitíochta, Cathal Ó hEochaidh , a fuair bás I rith na seachtaine - "is
Cuma liom cad a deirtear faoi , thug se an pas bhus do na seandaoine" a
deir Micilín liom.
Cad is féidir a rá faoi- ní dhearna sé faic ríamh faoin cheist náisiúnta
nach raibh difriúl ó Fhine Gael, agus gur chaith sé a lán airgid ar charbhat
agus leine síoda agus ar bhád le Terry Keane ag ól seaimpín agus ag rá le
cosmhuintir na tíre a gcrios a theannadh !
Bhí stíl grauige uafásach aige cosúil le polaiteoirí an ré sin nuair a raibh
cead agat airgead a ghlacadh ó chomhlachtaí tógála agus Ben Dunne.
Bhí dúil aige marcaíocht ar thrá Phortmearnóg agus ní raibh fhios ag éinne
cad as a fuair sé an airgead ar fad I gcomhair a theach galánta agus a
seaimpín; agus nuair a fuaireamar amach cad as a tháinig na mílte bhí trua
ag gach duine dó agus cuireadh Liam Lawlor I bpriosún ina h-áit.
Bhí capall mór aige agus cheap se gur Napoleon é agus lion sé a phócaí le
airgead daoine eile.
Dúirt sé go mairfidh sé go deo ach tagann deireadh le gach rud agus ní
féidir leat cumhacht agus óir a thabhairt go dtí an uaigh leat.
Níor tháinig sé slán
Foclóir
I laige unconscious
Marthanóir survivor
Cumhacht power
Carbhat tie
Mair exist
Chruthaíonn create
Leadránach boring
Articles may not be reproduced without the consent of An Phoblacht. For further information, please contact