|
Recent Editions |
|
25 May, 2006 |
|
Other News
Caidhp Báis ar an Iúgasláiv - LE CATHAL Ó MURCHÚNíl aon amhras anois ach go bhfuil deireadh leis an Iúgasláiv mar a bheith ó a bheartaigh muintir Montainéagró scaradh óna gcomhnaidhm leis an Seirbia. Tá deireadh iomlán anois ar Chomhnaidhm na hIúgasláive mar a bhí sé ag tús 1991 agus gach cuid de scartha. Coincheap forásach a bhí san Iúgasláiv nuair a bhunaigh Tito agus a Phartasánaigh cumannacha an tír i 1945. Tír ab ea a thug droim láimhe d'impiriúlachas na Naitsíoch agus don tseicteachas bunúsach ar cúis leis an deighilt idir Seirbigh, Cruáitigh, Muslamaigh Bosnaíocha, Montainéagraigh, Macadóinigh agus Slóivéinigh agus a mhaígh bráithreacht i measc na Slávaigh Deisceartacha. Bhí mionlaigh Ungáireach agus Albánach bainteach leis freisin. Ach bhí an iomarca naimhde dúchríocha ag an tír seo i measc na bhfrithghníomhuithe dúchasacha agus impiriúluithe an Aontais Eorpaigh agus na Stát Aontaithe. Is léir go bhfuil breis is 55% de vótáluithe Mhontainéagró ar son scaradh ón Seirb agus an phríomhchúis a ghabhann leis seo ná mar ba mhian leo a bheith mar bhall den Aontas Eorpach. Braitheann siad go bhfuil a gcomhnaidhm leis an Seirb ag cur bac leis seo agus sin go díreach a mhaígh Príomh-Aire na tíre sin Djukanovic. I ndáiríre, níl mórán difríochtaí cultúrtha idir na Seirbigh agus na Montainéagraigh sa chaoi go labhraíonn siad an teanga céanna, go n-eascraíonn siad ón dúchas Slávach céanna agus go mbaineann siad leis an gcreideamh Ortadocsach céanna. Ciallaíonn Montainéagró (nó Crna Gora ina dteanga féin) an Sliabh Dubh agus bhí cáil orthu mar throdairí fíochmhaire sléibhte a raibh an-deacracht ag na hOttamánaigh a gcos a chur ar bolg orthu. Le scaradh na hIúgasláive agus na cogaí fuilteacha a d'eascair uaidh, níl aon amhras ach go raibh lámh an impiriúlachais i gceist - na Gearmánaigh ach go háirithe. Ar dtús, scar an tSlóivéin agus an Chruáit i 1991 le lán tacaíocht ó na Gearmánaigh. Bhí fadhb le scaradh na Cruáite sa chaoi go raibh mionlach mór Seirbeach ann ar 20% acu. I mBoisnia, áit ina raibh trí phobal éagsúla ina gcónaí in éindí lena chéile - na Muslamaigh, na Crúaitigh agus na Seirbigh - bheartaigh an chéad dhá dhream comhnaidhm eatarthu féin a bhunú le go bhfágfar na Seirbigh as agus tháinig cogadh cathartha fuilteach ann mar thoradh ar sin. I 1999, bhí cumhachtaí an Iarthair tiomanta i dtaobh fáil réidh le ceannaire na hIúgasláive Milosevic agus chruthaigh siad géarchéim i gCosóvó leis an muintir Albánach ansin. Tháinig NATO ina thiar ar sin agus ghabh siad an dúiche seo.
Foclóir Montainéagró/Montainéagrach Montenegro/Montenegrin Comhnaidhm na hIúgasláive Yuglslav Federation Phartasánaigh cumannacha communist Partisans Slávaigh Deisceartacha Southern Slavs naimhde dúchríocha inveterate enemies frithghníomhuithe dúchasacha native reactionaries impiriúluithe imperialists throdairí fíochmhaire sléibhte ferocious mountain fighters cumhachtaí an Iarthair Western Powers tiomanta committed géarchéim crisis Articles may not be reproduced without the consent of An Phoblacht. For further information, please contact |
|
©Copyright 2012 An Phoblacht Privacy Policy |


Print this article