|
Recent Editions |
|
9 February, 2006 |
|
FeatureCur amú airgead an phobailBY Cathal O Murchu
Scéal scannalach is ea an chaoi a láimhseáil an Rialtas Ó Dheas maidir le Doladhroichead Westlink agus an méid den airgead poiblí a chur siad amú le Páirtnéireacht Poiblí Príobháideach a ligean isteach. Ta sé beartaithe ag an Rialtas céanna tuilleadh airgid a chur amú tré scaireanna NTR sa Dholadhroichead a cheannach ina dhiaidh do NTR an t-uafás brabúis a dhéanamh ar bheagán tairbhe don phobail. Chomh maith leis sin, tá droch-chaoi ar an trácht mar gheall ar an dola seo, ní amháin ar an droichead, ach ar na bóithre timpeall Iarthar na Cathrach mar gheall air. Praiseach cheart atá déanta ag an Rialtas agus an chomhlacht príobhaideach NTR ar bhonneagar na cathrach. An socrú a bhí ann go bunúsach ó a tógáladh an Droichead Westlink ná go ndéanadh an Rialtas agus NTR infheistíocht chun é a thógáil, agus ar feadh deich mbliana ina dhiaidh sin, ghearrfadh NTR dola ar thaistealuithe lena úsáid. Ina dhiaidh sin gheobhadh réidh le gearradh dola. Ach mar gheall ar saint NTR agus ar caimiléireacht agus neamhinniúlacht an Rialtais, thángthas ar socrú eile leis an droichead a leathnú agus an dola a shíneadh amach ar feadh deich mbliana níos faide, mar gheall ar an trácht plódaithe, mar dhea! In ainneoin gurbh dola an NTR ar chúis le droch-chaoi an tráchta, ceadaíodh dóibh an dola a shíneadh! Gan amhras bhí fíorbheagán ciall ag baint leis seo, ach amháin má bhreathnaítear ar chaidreamh an Rialtais le NTR agus lucht gnó go ginearálta agus ar ídé-eolaíocht an Rialtais maidir leis an earnáil poiblí. Cé go dtuigtear nach bhfuil aon rogha ann anois ach fáil réidh leis an dola, in ionad bata agus bóthair a thabhairt do na foghluithe príobháideacha seo, bheartaigh an Rialtas iad a cheannach amach le tuilleadh airgead poiblí a chur amú. Ce go dtuigtear an tseirbhís uafásach a ghabhann le haon bhaint atá ag NTR lena lámha a chur isteach i nbonneagar na tíre seo, tá sé fós beartaithe ag an Rialtas NTR dolaí eile a ghearradh ar bóithre atá tógtha agus atá le tógadh. Níl aon ghá don phobail le hinfheistíocht phríobháideach sa bhonneagar náisiúnta nuair a dhéantar foghlaíocht ar an bpobal céanna. Go bunúsach, an phríomhaidhm atá ag an Rialtas ná cuinsí lucht gnó agus an eite dheis a chur chun cinn agus baineann dolaí bóithre go mór leis seo. Is leis an nua-liobarálachas a aistríonn maoin agus saibhreas ó lucht bocht go lucht saibhir agus is chuige sin atá Fianna Fáil, an Páirtí Daonlathach agus formhór páirtithe i gcoitinne (seachas Sinn Féin) tiomnaithe. Gluais Focal Doladhroichead Westlink Westlink Toll Bridge Páirtnéireacht Poiblí Príobháideach Public Private Partnership an t-uafás brabúis excessive profits bonneagar na cathrach city infrastructure caimiléireacht corruption neamhinniúlacht incompetence droch-chaoi an tráchta chaotic traffic ídé-eolaíocht an Rialtais Government ideology foghluithe príobháideacha private pirates cuinsí lucht gnó business concerns Articles may not be reproduced without the consent of An Phoblacht. For further information, please contact |
|
©Copyright 2012 An Phoblacht Privacy Policy |


Print this article