|
Recent Editions |
18 August, 2005 |
FeatureCogadh sa Cholóim - Ionsaí ar chearta daonnaLE CATHAL Ó MURCHÚ Much fuss has been made of the return of the Colombia 3 with calls by some reactionary commentators and political opportunists to extradite them back to Colombia. Anyone who knows anything about that country can tell you that it is a human rights nightmare with dubious legal process. Tá an Cholóim sáite i gcogadh ar feadh 40 bliain anois. Mar a sheasann sé, tá lucht rialaithe fíor-choimeádach i gcumhacht agus tá siad ag troid i gcoinne FARC ó a bunaíodh é i 1964 mar eite mhíleata an Pháirtí Chumannaigh sa tír sin. Tá tuairim is 35 go 40% de chríoch na tíre faoi smacht an FARC. Mar gheall ar an gcogadh seo, tá an tír sin ar ceann de na tíortha is measa maidir le cearta daonna de. Maíonn an-chuid eagraíochtaí neamh-rialtas agus eile ar nós na Náisiún Aontaithe an sárú ar chearta daonna a dhéanann an rialtas agus paraimíleataigh den eite dheis ach go háirithe. Tá siad ag obair ar comhlámh lena chéile. Os rud é go bhfuil FARC bunaithe i measc 'campesinos' nó tuathánaigh na tíre sin, is minic a thugann fórsaí armtha an rialtais an leathanach bán do na paraimíleataigh slad agus scrios a dhéanamh ar bhailte na 'gcampesino' agus is minic a bhíonn lámha salacha ag an rialtas céanna. Le déanaí, bhí próiseas síochána ar siúl idir Rialtas Pastrana agus FARC cúpla blianta ó shin. Mar a tharla sé bhí scoilt ann i measc an lucht rialaithe sa chaoi go raibh cuid acu sásta dul chun idirbheartaíochta le FARC agus cuid eile nach raibh aon rud i ndán seachas polasaí slándála le lán tacaíochta ó na Stáit Aontaithe - lucht na slándálathaithe, ar aon le slándálathaithe na Breataine sna Sé Chotae! Is iad an dream deireadh a tháinig i gcumacht faoi cheannasaíocht Uribe. Ó shin i leith, lean an cogadh ar aghaidh faoi mar a bhí. Is mór go bhfuil na Meiriceánaigh sáite isteach sa scéal sa chaoi gur sa bhliain 1999 a mhaígh siad "Plan Colombia" mar réiteach (dóibh siúd) ar an gColóim. Mhaígh na Meireacánaigh go mbaineann an plean seo lena "gcogadh i gcoinne drugaí" agus gurb iad FARC na daoine is mó baint acu le fás, próiseálú agus iompar drugaí. I ndáiríre, is maith gur thuig na Meireacánaigh go raibh na buíonta drugaí dlúthcheangailte leis na paraimíleataigh den eite dheis agus an baint a bhí ag FARC ná cosaint a thabhairt do thuathánaigh a bhí ag fás cocoa agus cáin 'réabhlóideach' a ghearradh ar an bhfás seo. Maidir le 'cogadh i gcoinne drugaí', tuigtear go maith nach bhfuil anseo ach cur i gcéill den chéad scoth os rud é gurb é baol go dtiocfaidh tuathánaigh agus oibrithe i gcumhacht sa Cholóim an rud is mó a chuireann as do na Meireacánaigh. Baineann 'Plan Colombia' leis na seanlucht rialaithe a choimeád i gcumhacht agus tionchar na Meireacánach a choimeád slán. Nuair a thángthas i bhfios go raibh an triúr fillte abhaile, ní scéal ionnaidh é go raibh na meáin ag maíomh iad a chuir ar eiseachadadh chun na Colóime in ainneoin staid cearta daonna agus próiseas dlíthiúla lochtach sa tír sin. Is sa chomhthéacs seo a chaithfear 'Triúr na Colóime' agus an scéal sa Cholóim a mheas. Bhí cuid mhaith de na meáin agus Mary Harney ag maíomh go mba cheart an Triúr a chur i bpríosún sa tír seo ar bhonn an bhreithiúnais athchomhairc a chualathas go rúnmhar. Stór Focalfíor-choimeádach ...... ultra-conservative eite mhíleata ...... military wing Páirtí Cumannach ...... Communist Party críoch ...... territory eagraíochtaí neamh-rialtais ...... non-governmental organisations na Náisiúin Aontaithe ...... the United Nations sárú ar chearta daonna ...... human rights abuses paraimíleataigh den eite dheis ...... right-wing paramilitaries obair ar comhlámh ...... collusion tuathánaigh ...... peasants slad agus scrios ...... death and destruction idirbheartaíocht ...... negotiations polasaí slándála ...... security policy lucht na slándálathaithe ...... securocrats 'cogadh i gcoinne drugaí' ...... 'war against drugs' buíonta drugaí ...... drug cartels dlúthcheangailte ...... intertwined paraimíleataigh ...... paramilitaries eiseachadadh ...... extradition próiseas dlíthiúla lochtach ...... faulty legal process comhthéacs ...... context breithiúnas athchomhairc ...... appeal judgement Articles may not be reproduced without the consent of An Phoblacht. For further information, please contact |
©Copyright 2012 An Phoblacht Privacy Policy |


Print this article