Top Issue 1-2024

12 May 2011

Resize: A A A Print

Bhfuil réiteach ar fheall an Lucht Oibre?

LE MAIRTÍN Mac EOIN

Joanna Tuffy agus Tommy Broughan

LE MAIRTÍN Mac EOIN

CUIMHNIGH! Dá mbeadh Pairtí an Lucht Oibre sa bhfreasúra agus an rialtas ag bagairt ionsaithe ar phágh is coinníollacha oibre sa tseirbhís phoiblí, nach mbeadh an spéir dubh le cáineadh is damnú?
Bealach an Lucht Oibre nó bealach Frankfurt an rogha a chuirfí romhainn.
Agus dá mbeadh duine ar bith a chuala feachtas an toghcháin ach a chaill an toradh an gcreidfeadh sé gurb é an páirtí is mó a cháin polasaithe an iar-rialtais ná an páirtí atá ag cur na polasaithe sin i bhféidhm?
Tá dhá rud le tabhairt faoi ndear ag an tús. Uimhir a haon, nuair atá ciceáil le tabhairt don aicme oibre is don tseirbhís phoiblí ach go háirithe is é an Pairtí Lucht Oibre a bhíonns chun tosaigh. Fanann Fine Gael ina dtost, seachas an cor-mholadh ó Leó Varadkar dá chómhleacaithe rialtais a bhíonn ag seasamh an fhóid dó.
Beidh an clár fostaíochta – más ann dó – le fógairt ag Fine Gael agus clár na ngiorraithe le cur i bhféidhm ag an Lucht Oibre.
Ní de thoradh ar dhroch-idirbheartaíocht amháin atá an scéal amlaidh. Teastaíonn ó cheannairí an Lucht Oibre – agus an dream is réabhlóidí díobh (mar dhea)– a léiriú gur féidir le lucht an airgid, aicme rialaithe an stáit, muinín a bheith acu as Gilmore, Rabbitte, Quinn is eile. Is go deimhin nach bhfuil an tIrish Timesag tabhairt moladh dóibh!
Ach sé an dara rud atá taobh thiar de seo uilig, ná nuair a thagann se go dtí an pointe tá an Lucht Oibre níos dílse don Eoraip – sé sin don rachmas Eorpach – na pairtí ar bith eile. Agus más gá giorraithe a dhéanamh ar órdú na hEorpa, déanfaidh an Lucht Oibre a ndícheall.
Ní dó seo ámh a thug lucht tacáíochta an Lucht Oibre a gcuid bhótaí. Cinnte, bhí a fhios acu go mbeadh an páirtí ag dul isteach le Fine Gael, ach chreid siad go mbeadh siad ag cur srian ar na Léintí Gorma.
Agus ní lucht tacaíocht an pháirtí amháin atá i gceist. Tá a lán baill gníomhacha den pháírtí a bhfuil íonadh agus díomá orthu faoin gcaoi a bhfuil an páírtí ag tabhairt faoi bheith sa rialtas.
Go deimhin bhótáil beirt den pháirtí pairliminteach – Tommy Broughan agus Joanna Tuffy – in aghaidh an tsocrú Chomhrialtais; agus níl aon amhras ann ach go raibh daoine eile a bhí faiteach faoin scéal - cuid acu toisc go raibh imní orthu go gcaillfeadh an páirtí bhótaí don eite chlé, ach cuid eile toisc nár thaitn sé leó go mbeadh an páirtí ag feidhmiú mar atá.
Chun na fírinne a rá tá an scéal níos measa ná mar a thuarfadh duine ar bith.
Caithfidh polasaithe an Lucht Oibre sa rialtas a cháineadh, ach b’fhiú an cáineadh sin a dhéanamh sa gcaoi go dtuigfeadh baill an pháirtí é agus sa gcaoi go mbeadh siad in ann aontú leis.
Mar ag deire thiar má tá fíor-dhul chin cinn le déanamh sa stát ó dheas, caithfidh Páirtí an Lucht Oibre a shaoradh ó thachthadh an rachmais, agus is cuid lárnach de sin é a shaoradh ó sheachmaill na hEorpa is mearbhaill an Eorpachais atá, go fírinneach, taobh thiar den ghéarchéim.

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland