Top Issue 1-2024

14 April 2011

Resize: A A A Print

Uachtarán nua ag Conradh na Gaeilge

CÉ NACH raibh sé ar an slua is mó riamh a bhí ann, bhí breis agus 120 duine i láthair do chuid is mó de na díospóireachtaí a bhí ar siúl thar dheireadh na seachtaine seo caite ag Ard Fheis bhliantúil Chonradh na Gaeilge.
Is go Nás na Rí a chuaigh na Conraitheoirí i mbliana ar chuireadh na craoibhe áitiúil agus an grúpa Glór na Ríogh.
Ba léir go bhfuil fás agus borradh spéis i measc na hóige fós in obair an chonartha nó bhí go leor acu i láthair, agus páirteach sna díospóireachtaí agus ceardlanna a bhí ar chlár an tSathairn.
Labhair an t-iriseoir clúiteach Harry McGee, comhfhreagraí polaitíochta leis an Irish Times, agus Niall Comer, Uachtarán ar Chomhaltas Uladh de chuid Chonradh na Gaeilge, ar an ról atá ag an dá rialtas ó thuaidh agus ó dheas maidir le cur chun cinn na Gaeilge ag oscailt oifigiúil Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2011 san Óstán Killashee, oíche Aoine.
Ar an tSatharn bhí plé ann ar ndóigh faoi fheidhmiú agus leathnú na straitéise 20 bliain don Ghaeilge, clár an rialtais nua, agus bhí plé ann leis faoi oideachas agus cearta. Labhair roinnt ionadaithe ó áiteanna ar fud na tíre ar cheist Chomóradh 1916, agus go mbeadh an Conradh féin ag iarraidh imeachtaí Gaeilge a bheith lárnach ar an chlár.
I 2006, dhiúltaigh Uachtarán an Chonartha cuireadh a  bheith ar an ardán ag Ardoifig an Phoist nuair nach raibh léamh leagan Gaeilge den fhorógra i gceist.
Toghadh Uachtarán nua ag an Ard Fheis, Corcaíoch agus conraitheoir le fada an lá, Donnchadh Ó hAodha mar chomharba ar Pádraig Mac Fhearghusa, agus gura fada é nó tá sé ar ais ar choiste ghnó an chonartha do thréimhse eile.
Sna toghcháin sin don choiste gnó toghadh meascán de sheanfhondúirí agus óige, ina measc siúd Seán Ó Murchú, Muineachánach agus an t-aon Ultach (nó an t-aon Ultach atá fós ina chónaí sa chúige) ar an choiste.
Ach dá mb’ionadh sin do na hUltaigh a chuir a n-ainmneacha chun tosaí don toghchán, glacadh le rún eile ag an Ard Fheis a chuirfidh gliondar ar chroíthe na nGael ó thuaidh.
Beidh Ard Fheis an Chonartha ag filleadh ar chúige Uladh don chéad uair le níos mó ná 20 bliain i 2013 de thoradh rún ó chraobh Carn Tóchair go mbeadh an Ard Fheis suite in Iúr Chinn Trá sa bhliain sin.
I measc an ghnó eile a pléadh ag an Ard Fheis roghnaíodh ionadaí nua thar cheann na mac léinn sna coláistí 3ú leibhéal, Peadar de Blúit, atá ag leanúint ar obair Aodhán Ó Deá ( a d’eagraigh an ‘Agóid Chiúin’ i mbliana in aghaidh pleananna an Ghaeilge a laghdú sa churaclam scoile).
Bliain eile, ard fheis eile agus glúin eile ag teacht chun cinn.

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland