Top Issue 1-2024

14 April 2011

Resize: A A A Print

Brat na hÉireann Lá na Féile Pádraig - Ceart nó Aincheart?

LE DONNCHA
Mac AMHLAIDH

TÁ CÚPLA buncheist ag baint lena ndearna Éamonn Mac Con Midhe, comhairleoir de chuid Shinn Féin, nuair a shiúil sé le brat na hÉireann ar thosach an tslua i nDún Pádraig ag ceiliúradh mhórnaomh na tíre: Cén glacadh atá lenár mbrat?
Don té a thuigeann brat trídhathach s’againn, agus a ghlacann go fabhrach lenár gcur chuige pobail, is ionann ár mbrat agus comhartha gur cheart dúinn uile an pobal ar fad a thabhairt le chéile agus gan ligint d’aon fhadhb teacht idir ár sonas agus ár suaimhneas. Tá sin scríofa i bhForógra na Cásca - nach ceart aon ní é sin an shéanú orainn. Níor léir sin Lá Fhéile Phádraig; ag cuid de na hAontachtóirí a bhí i láthair, b’ionann ár mbrat agus ábhar conspóide, ábhar easaontais agus ábhar achrainne. Níor tuigeadh bunchiall bhrat na hÉireann: an pobal a aontú. Nuair a shiúil Éamonn an lá sin le brat na hÉireann, léirigh sé rud eile - go bhfuil ceart aige a bhrat féin a mhóradh gan náire.
Tuigim, ar dhóigh, an t-aineolas a thug ar dhaoine eile dul in éadan bhrat na hÉireann an lá sin. An amhlaidh go bhfuil lá eile ann nach mbeadh siad míshásta lenár mbrat a bheith in áit phoiblí? Sílim gur deis chaillte a thábhaigh siad dóibh féin. Ar an chéad dul síos, níor léirigh siad go bhfuil meas ar bith acu ar ár mbrat nó ar an ghlacadh atá leis an bhrat de réir Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Sa dara háit, cén fáth ar imigh na toscairí pobail seo ón mhórshiúl? An amhlaidh nár cheart dóibh a bheith ann ar mhaithe leis an chuid sin den phobal ba mhian leo iad a fheiceáil ansin, na daoine céanna a chaitheann vótaí ar a son? Níor imigh siadsan ón mhórshiúl. Cá háit a raibh an cheannasaíocht ar an phobal a bhfuil sé de cheart iomlán acu seasamh faoi bhrat Shasana más mian leo sin?
Chaill ceannairí phobal bhrat Shasana deis iontach - deis a léireodh dúinn uile go bhfuil cothromas ann agus go bhfuil siad geallta ar gach leibhéal do bheith ag comhoibriú linn. Tá tréan le foghlaim go fóill faoi mhian an phobail agus faoi dhearcadh oscailte a léiriú. Ritheann smaoineamh liom nuair a thugann dream cúl do bhrat ar bith - go dtugann muid cúl don dream ar don bhrat iad. Ní bagairt atá i mbrat na hÉireann ach bagairt mhór atá san aineolas, sa mhí-aibíocht agus san easpa ceannasaíochta a chonaic muid uilig an lá sin. Tá obair mhór romhainn uilig go dtí go dtuigtear nach neart go cur le chéile nó sa chás seo, nach neart go siúl le chéile.

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland