Top Issue 1-2024

2 July 2010

Resize: A A A Print

Cúlchaint

LE EOGHAN Mac CORMAIC

Leithscéal

I NDIAIDH do sheoladh Tuairisc Saville an tseachtain seo, d’fhoilsigh formhór na nuachtán sa tír seo, agus cuid mhaith nuachtáin i Sasana, anailís agus mionscrúdú ar ábhar na tuairisce, grianghraif ó Dhomhnach na Fola, agus athchló ar thuairiscí óna nuachtáin ar an lá agus laethanta i ndiaidh an dúnmharfa féin. Bhí eisceachtaí ann, ar ndóigh - cheap an Sun, mar shampla, go raibh nuacht níos tábhachtaí le hinsint faoi bhriseadh phósadh beirt chéiliúrán, ar leathanach a haon - ach i gcoitinne rinne na nuachtáin iarracht a dhul le spiorad an lae, agus gan aon choinníollacha a chur lena dtuairiscí agus tuairimí.
Ní léim réimse nuachtán a thuilleadh mar a léifínn tráth - ní cheannaím cuid acu ar bhonn prionsabail a théann siar na blianta agus i gcásanna eile ní chuirfínn nuachtáin orthu, ach léim an Irish Times go rialta cé nach n-aontaím i gcónaí le claonadh agus eagarfhocail atá istigh ann.

An focal ‘Sorry’

Ar an lá i ndiaidh Saville bhí forlíonadh d’ocht leathanach ann faoin Tuairisc agus cheap mé gurbh fhiú é a cheannach agus a chur san áit sin a choinnímid nuachtáin stairiúla. Tá a fhios agam ar ndóigh, in aois seo na teicneolaíochta gur féidir athchló agus PDF agus leagan leictreonach a fháil am ar bith, agus i bhfoirm níos inláimhsithe, ná an leagan páipéir ach ar lá ina mbíonn leithscéal thar cheann rialtas agus tír na Sasana as ucht córa ina aghaidh muintir na tíre seo mar cheannlíne an nuachtáin - On behalf of our country I am deeply sorry - b’fhiú, dar liom, an leagan páipéir a bheith againn. Sorry, an focal nár dhúirt Sasana linn riamh; focal a bhí chomh haisteach dóibh go raibh ábhar amhráin ann do Shinéad O Connor tráth:
How come you’ve never said you loved me
In all the time you’ve known me
How come you never say you’re sorry
And I do
(This is a Rebel song)
Agus cé fios, b’fhéidir gurbh fhocal é nach gcloisfimis arís ó Phríomhaire na Breataine, ní nach ionadh, mar sin, go bhfuilimid ag baint sult as an nóiméad.
Taobh istigh den fhorlíonadh bhí athchló den eagarfhocal a bhí sa pháipéar céanna ar an 31 Eanáir 1972. Má tá mé chun aon chuid den pháipéar agus forlíonadh a chur i bhfráma, ‘sé athchló an eagarfhocail sin ó 1972.

Gan aon ‘ifs’ agus ‘buts’

I 1972, nuair a bhí an fhuil fós chomh fhliuch ar shráideanna Dhoire agus a bhí an dúch ar leathanaigh an Irish Times ní raibh aon ifs ná buts ar intinn scríbhneoir eagarfhocal an nuachtáin. “Will yesterday’s slaughter in Derry reach the heart and mind of that cold, unfeeling man in Downing street?” a scríobh sé. Luaigh an t-eagarthóir Sharpeville, Amritsar agus Domhnach na Fola i mBaile Átha Cliath i 1920, ag rá nach leor na comparáidí seo toisc gur tugadh rabhadh, arís agus arís eile, go raibh tubaiste ag teacht. “Brian Faulkner, the Orange Order, the Paisleyites are irrelevant at this point. The responsibility lies with Edward Heath.”
Tá rud éigin iomlán éagsúil faoi thuairiscí agus eagarfhocail nuachtáin na laethanta sin. Cé gur bhain Alt 31 leis na meáin chraolta níl aon amhras ná gur imir foclaíocht agus téarmaíocht na meáin chraolta tionchar ar fhoclaíocht agus téarmaíocht na meáin chlóite sna blianta ina dhiaidh Domhnach na Fola. Ag tús na seachtóidí labhródh tuairisceoirí an Irish Times le hurlabhraithe an IRA ar an bhonn céanna le hurlabhraithe Arm na Breataine dá dtarlódh eachtra, chun an ‘dhá thaobh’ de scéal a aimsiú. Is cuimhin liom ag teacht ar thuairiscí agus mé ag déanamh taighde tríd sean nuachtáin nuair a dhéantaí tagairtí do “Mr Meehan, a spokesman for the IRA said....” agus iad ag tuairisciú faoi ionsaithe Aonad  Seirbhísí Gníomhaí an IRA ar phatróil Arm na Breataine agus cath gunna in Ard Eoin i 1971 nó 1972.

Meoin teoranta

Ach faoi dheireadh 1972 bhí gach rud athraithe. Bhí na nuachtáin ó dheas idir naimhdeach nó gan spéis a thuilleadh ar chás agus fhulaing an phobail náisiúnaigh ó thuaidh agus diaidh ar dhiaidh (i ndiaidh 50 bliana d’fhreasúra in aghaidh an diabhail rud) tháinig an teorainn i bhfeidhm agus chothaigh na meáin meoin teorainn teoranta in intinn na ndaoine a d’fhorbair an ‘chomhthuiscint’ ó dheas. Agus aon duine (agus bhí go leor acu ann) a d’ardaigh an cheist phoblachtach, nó a rinne iarracht ceist an Tuaisceart a chur ar ais ar an chlár pholaitiúil, rinneadh líomhaintí gur sceimhlitheoirí, nó lucht comhthaisteal na sceimhlitheoireachta iad.
An lá i ndiaidh Domhnach na Fola scríobh eagarthóir an Irish Times an fhiric simplí seo: “There is, it is said, no simple answer to the problem of the North. The majority of Irish people believe that there is: and they therefore believe that the responsibility for any further slaughter on the Derry scale will rest on that one man, Edward Heath.”
Heath, mar ionadaí a thíre. Heath, Coimeádaí, mar atá Cameron an lae inniú, ina Choimeádaí, ina ionadaí. Agus thar cheann a thíre, agus i mbealach thar cheann a réamhtheachtaí Heath tá Cameron i ndiaidh a leithscéal a ghabháil leis na teaghlaigh, leis an híospartaigh agus linne as 38 mbliain de bhréaga agus de mharú na firinne.
Tá deis anois ag meáin na tíre seo a dhéanamh amhlaidh. Ná caillfidís í.

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland