Top Issue 1-2024

2 August 2001 Edition

Resize: A A A Print

Cath Chionn tSáile Eile

Tuigimid gur briseadh Ord na nGael beagnach ceithre chéad bliain ó shin an Cheann tSáile, ach tá cath eile ar siúl ann i láthair na huaire. Is cosúil go bhfuil úinéirí cúrsagailf ag iarraidh an ruaig a chur chan amháin ar mhuintir Uí Néill ach ar phobal na tíre ar fad sa cheantar seo inniú.

Ós rud é go bhfuil an cúrsa gailf i lámha príobháideach, tá cosc curtha acu ar chuairteoirí dul amach ar an cheann tíre, áit a bhfuil an teach solais lonnaithe. Ní nach íonadh gur thug an cúirt uachtarach cead d'úinéirí an chúrsa gailf claí a chur thart ar an cheann tíre agus í an tacú leo gan ligean do dhaoine cuairt a thabhairt ar an áit. Nach maith l'údarás na tíre seo tacú leis an uasalaicme?

Bhí treoracha leagtha síos ag an Bhord Phleanála go mbeadh cead ag an phobal i gcoitinne cuairt a chur ar cheann tíre de réir mar is mian leo, ach níor sheasq siad leis na treoracha seo nuair a tháinig an chás ós comhair na cúirte.

De réir an dlí anois, caithfidh £190 a íoc as cluiche gailf a imirt ag an suíomh seo sa dóigh is go dtig le duine siúl amach chuig an cheann tíre. Ar an lámh eile, thiocfaidh le duine ballraíocht bliana £2,000 a íoc agus siúl amach thart ar an teach solais chomh minic agus a ba mhaith leis/léi taobh istigh den bhliain. Muna bhfuil an t-airgead agat, nó muna bhfuil suim agat i ngalf, tá duine ag briseadh dlí na tíre le cuairt a chur ar an suíomh.

Níl muintir na háite ar dhóigh ar bith sásta leis an bhreithiúnas a thug an cúirt uachtarach ar an chás agus tá feachtas eagraithe le seilbh an phobail a fháil ar an cheann tíre arís. Bhí mórshiúlta ach cheana féin ina raibh breisagus trí chéad duine áitiúil páirteach. D'éirigh roinnt acu dreapadh thar chlaí an chúrsa gailf agus iad ag léiriú gur le gach duine an cheann tíre seo agus ní de phribhléid ag dream beag amháin. Deir ceannairí an fheachtais go leanfaidh na mórshiúlta is na hagóidí go dtí go bhfuil sé de cheart ag cách cuairt a thabhairt ar an cheann tíre.

Is iad John agus Patrick O'Connor úinéirí an chúrsa gailf. Tá siadsan den bharúil gur áis turasóireachta íontach atá acu sa chúrsa gailf. Deir na húinéirí go bhfuil an feachtas ina gcoinne ag scanrú turasóirí ón cheantar. Maise, níorbh é go bhfuil airgead curtha ar ais ins sa cheantar áitiúil agus brabús mór déanta acu de bharr an méid turasóirí a thagann le gailf a imirt. Cad fá na turasóirí atá ag iarraidh cuairt a thabhairt ar an cheann tíre gan galf a imirt? Leoga, is é an rud atá ag cur as do na húinéirí i ndáiríre ná nach bhfuil an oiread sin galfaraí árdnósacha ag teacht l'imirt ar chúrsa s'acusan nuair atá an feachtas ar siúl ina gcoinne.

Tá amhrán clúiteach a scríobh Woody Guthrie darbh ainm `This Land is Our Land'. I véarsa amháin, deir sé go dtagann sé ar fhógra agus é scríofa air `No Trespassing'. Deir an t-amhránaí gur fhéach sé ar chúl an fhógra chéanna agus go ndearna sé iarracht cúl an fhógra a léamh agus ní raibh a dhath ar bith luaite air. Mar sin de, lean sé ar aghaidh ar a bhealach. Cinnte, ba chóir go dtigfeadh úinéirí talaimh ar fud na cruinne an fealsúnacht seo a léirigh Woddy Guthrie dúinn uilig.

AN DRAOI RUA

Seanfhocal na Seachtaine


`Imeacht gan cead gan cheiliúradh.'

Is féidir an frása seo a úsáid nuair a fhágann duine an comhluadar gan oiread agus slán a rá. Deirtear fosta go bhfuil sé do nós ag muintir na Fraince imeacht gan `Au Revoir' a rá go minic.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland