Top Issue 1-2024

4 March 2011

Resize: A A A Print

Broim agus Eilifint

BA é Breandán Ó Béacháin a dúirt, tráth, gurb é an chéad rud ar chlár aon ghrúpa nó pháirtí in Éirinn ná an scoilt. Is dócha go raibh Fianna Fáil ag fanacht le tamall ar a scoilt féin ach sna toghcháin seo tá an scoilt i ndiaidh tarlú cheana féin idir an méid damáiste a rinne Fianna Fáil thar na blianta agus gliceas na niarrthóirí atá ann anois, ag maíomh nach raibh baint ar bith leis an scrios agus an chaimiléireacht institiúdach a chothaigh agus a d’imir Fianna Fáil le blianta anuas.
Cosúil le duine atá i ndiaidh broim a scaoileadh i seomra agus a ghluaiseann go cúinne eile ionas go gcuirtear an locht ar dhuine eile, tá Mícheál Martin agus a chomhghleacaithe a rá nach iad féin a bhí freagrach ach Fianna Fáil eile ar fad. Tá sé chomh seafóideach sin anois go bhfuil amhrán scríofa ag iarrthóir anseo i nGaillimh le líne ann a deir ‘don’t blame Michael F (Dolan) he wasn’t even there . . .’ Is fearr é seo ná cosaint Nuremberg (I was only following orders) go cosaint Mount Street (I didn’t give/get the orders..)
Bhaineadh buaicphointe an cur i gcéill seo nuair a mhol Mícheál Martin seancheannairí Fianna Fáil, de Valera, Aiken, Lemass, Lynch ach bhí na ceannaírí is déanaí (cairde Mhícheál cosúil le Cowen, Ahern, Reynolds agus Haughey) níos so-fheicealaí toisc nár luadh a n-ainmneacha ná mar bheidís dá luafaí iad. Bí ag caint faoi eilifint sa seomra.
Beidh an toghchán thart faoin am go bhfuil na línte seo i gcló agus beidh ceiliúradh ann le deireadh ré Fianna Fáil ar ndóigh ach braitheann doimhne a chlis ar chumas muintir na Éireann (sna 26 chontae ar a laghad) idir an t-eilifint agus an bhroim sa seomra a aithint - agus na daoine ab chúis leis sin a lochtú. Beidh le feiceáil.

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland