Top Issue 1-2024

1 July 1999 Edition

Resize: A A A Print

Sipheonadh na hAcmhainne Náisiúnta

Beidh Enterprise ag buanú na bréige go mbeidh siad páirteach sa gheilleagar áitiúil/náisiúnta nuair is léir nach mbeidh aon páirt ach ach páirt an ghadaí. Ba cheart dúinn bheith eagraithe in aghaidh na bréige sin.


Tá daoine ann, creid nó ná creid, a shíleann go raibh ciall agus réasún ag Maggie Thatcher agus í ina Príomhaire i Sasana.Tá daoine ann a dhéanann an argóint, fiú, go raibh sé de cheart aici cumhacht na gceardchumann a bhriseadh agus príobháideachas a thabhairt i bhfeidhm mar pholasaí, í ag díol seoda agus maoin na Breataine isteach go lámha na hearnála príobháidí. Ach má a dhíol, ba go Breatanaigh eile, fiú san earnáil phríobhaideach. a dhíol sí an acmhainn de ghnáth. Is iadsan a rinne brabús as sin is mó a mholann an Bhean Thatcher agus ina measc-san níl sampla níos fearr - agus níos cóngaraí d'Éirinn, ná Enterprise Oil.

Bunaíodh Enterprise Oil ag an am céanna go raibh Thatcher ag briseadh tionscail an ghuail as a chéile sa Bhreataine agus tuigtear go bhfuil a gcuid féin de scaranna sa chomhlacht go fóill ag clann Thatcher. Agus dá mbeadh, dá mbeadh nasc idir Thatcher agus Enterprise, cé a chuirfeadh iontas ar an scéal go bhfuil nimh san fhuil ag an comhlacht do bhunus na hÉireann agus do leasa na tíre seo?

Bhuel, is nimh san fhuil atá acu don tír seo, gan amhras, nuair a déantar iniúchadh ar nósanna na comhlachta maidir le haimsiú, druileáil, solathar agus díol íle na hÉireann nó tá Enterprise ar ceann des na comhlachtaí is mó i rás na híle ar chosta iartharach na tíre seo - agus ceann des na comhlachtaí is measa nuair a déantar comhaireamh ar na hÉireannaigh atá fostaithe sa tionscail agus an brabús a thiocfaidh as don tír seo.

Cuimhneoidh léitheoirí APRN na fíricí a bhaineann le díol na hacmhainne náisiúnta seo. Cuimhneoidh siad go bhfuil, mar shampla, an ráta cánach do chomhlachtaí íle ar an ráta is ísle sa domhan. Chun sin a dhéanamh níos sóiléire, thig linn comparáid a dhéanamh idir ráta na hÉireann agus ráta an Ioruaidh. In Éirinn ligeann an rialtas do na comhlachtaí taiscealaidh íle agus gáis an mhaoin luachmhar náisiúnta a tharraingt leo agus gan ach cánacha 25% á n-íoc. Is nod don eolaí é chomh maith, ní gá domh a rá, go dtig leis na comhlachtaí a gcostaisí a ghlanadh mar `caiteachas islithe na cánach'. Agus ansin tá ar an náisiún an gás agus an íle a cheannacht ar ais ó na comhlachtaí.

Is pictiúir difriúil atá ann i gcás an Ioruaidh, ag a bhfuil ráta cánach de 78%, ach ar ndóigh tá an brabús chomh ard sin nach scanraíonn ard-ráta cánach na comhlachtaí ón tír sin agus bíonn siad breá sásta an cháin a íoc.

D'íocfaidís an ráta in Éirinn chomh maith, ach go raibh rialtas na tíre seo chomh lag - nó chomh ceannaithe sin - gur thóg siad an ráta íseal isteach, agus ansin gur chuir siad deireadh le ríogaíochtaí - na híocaíochtaí a mbíonn ar chomhlacht íle íocadh as gach bairill a thagann as an ghrinneall i dtíortha eile... Nach bhfuilimiid fláithiúil mar náisiún.

Tá cealg níos pianmhara fós ann, taobh amuigh den airgead sin, áfach, agus baineann sé le postanna agus geilleagar fad téarmach.

Le blianta fada, tá SIPTU ag troid do chearta na tíre seo ar na fearais íle. D'éiligh siad agus bhuaigh siad an ceart go mbeadh ceatadán inghlactha d'fhoireann Éireannach fostaithe ar gach fearas. Rinne siad seo ar dhá chúis. Bhí siad ag iarraidh postanna Éireannacha a shábhail ar na fearais ach chomh maith leis sin bhí siad ag iarraidh go mbeadh an t-eolas agus na scileanna fad téarmach in Éirinn ionas gurbh fhéidir linn tionscail dúchasach a dhéanamh as. Sin a rinne an Ioruaidh agus sin a rinne na hAlbanaigh. Agus ar feadh tamaill, bhí an cath sin buaite acu.

Tá Enterprise, áfach, ag briseadh an aontais sin as a chéile anois - le comhoibriú nó geilleadh rialtas na tíre seo. In ionad postanna Éireannacha a chruthú (thuas le ocht bpost tacaíochta istíre a fhásann as gach post ar an fearas féin) agus díolachán earraí agus seirbhísí Éireannacha a bhuanú, tá an rialtas ag ligint d'Enterprise na postanna agus an seirbhís tacaíochta a bhogadh as Éirinn go dtí costa iartharach na hAlban.

Níl ach comhartha seirbhíse Éireannach fágtha ag Enterprise anois don druilleáil amuigh ó chosta Mhuigh Eo, beagáinín ó na Cealla Beaga agus an corr heileacaptar ó Charraig Finne. Taobh amuigh de sin tá an freastal agus seirbhís go léir ag teacht ó chosta na hAlban, rud a cheadaíonn an rialtas faoi théarmaí `saoirse ghluaiseacht na n-oibrithe' san AE.

An tseachtain seo, tosaíonn Enterprise Oil feachtas bolscaireachta i nGaillimh nuair bheidh lón saor ann d'éinne ar mhaith leo teacht, chun cás na comhlachta a chluinsint faoin todhchaí geal d'iarthar na hÉireann mar gheall ar aimsiú na híle. Beidh go leor caint ann faoina spin-offs, faoi comhlachtaí eile a thiocfaidh don reigiún le monarchana a lonnú ann mar gheall ar an íle agus gás fluirseach ag praghas íseal.

Ach cé a bheas ag íoc as? Sin an cheist a chuireann Seosamh O Tuathail, úrlabhraí SIPTU san iarthar. Má osclaíonn comhlachtaí nua, gheobhaidh siad deontais rialtais, agus ansin ceannóidh siad gás saor Éireannach... mar saghas `maoiniú faoi dhó' gan aon buntáiste as do mhuintir na hÉireann. Is scannal é, amach agus amach.

Tá ciall leis an moladh go mbeimis níos fearr as mura mbeadh an seirbhís chomhartha sin idir na fearais agus na Cealla Beaga , agus na fearais agus aerphort Carraig Finne ann ar chor ar bith. Cuireann an dhá sheirbhís sin le tuiscint go bhfuil `cos Éireannach' ag an comhlacht, nuair is léir nach bhfuil. Déanta na fírinne níl aon Éireannaigh ag obair ar na fearais anois agus ní fios cé go díreach atá ann nó faoi cén coinníollacha atá siad fostaithe. Fuarthas amach bliain ó shin, mar shampla, go raibh buíon Filipeanaigh fostaithe ar fhearas de chuid Enterprise amuigh ó chosta na hAlban agus nach raibh siad ag fáil ach 81 pingin in aghaidh na huaire. D'éirigh le hEnterprise sin a dhéanamh toisc an fearas a bheith 12 mhíle ón chosta, nó, i bhfocal, lasmuigh an teorann idirnáisiúnta.

Tá sé i gceist ag Enterprise camturas an iarthair a dhéanamh lena bholscaireacht a scaipeadh. Ar ndóigh má éiríonn aon duine ceisteanna breathnófar air nó uirthí mar fhealltóir atá ag obair in aghaidh an Mhór Bhuntáiste seo do bhailte i dTir Chonaill, Sligeach, Maigh Eo agus i nGaillimh. Beidh Enterprise ag buanú na bréige go mbeidh siad páirteach sa gheilleagar áitiúil/náisiúnta nuair is léir nach mbeidh aon páirt ach ach páirt an ghadaí. Ba cheart dúinn bheith eagraithe in aghaidh na bréige sin.

Tá seans ann, áfach, go ndéarfaidh daoine go bhfuil sé rómhall, cibé scéal, le beart a dhéanamh faoi seo. Is fíor go bhfuil na ceadúnais díolta, agus go bhfuil an chuid den aigean mhór atá mar `sheilbh' ag Éirinn, díolta amach anois leis an comhlachtaí. Beidh sé deacair an suíomh sin a athrú nó beidh na comhlachtaí ag brath ar dhlithe idirnáisiúnta chun a gcuid infheistíochta a chosaint. Is fíor, chomh maith, go bhfuil rialta agus dlithe Eorpacha i gceist nuair atá saoirse ghluaiseacht na n-oibrithe i gceist. Ach tá ceart móralta - dualgas móralta fiú - orainn postanna Éireannacha a chosaint, agus daoine a chur ar na fearais sin a bheas in ann na scileanna agus an t-eolas a thabhairt ar aghaidh do ghlún Éireannach eile.

Níl Enterprise chun an ceart sin a gheilleadh gan sreachailt, ar ndóigh, ach ba chóir dúinn tacaíocht a thabhairt d'iarrachtaí SIPTU brú a chur ar an rialtas agus ar na comhlachtaí íle araon, cúlú siar ó pholasaí a choinníonn oibrithe Éireannacha ar an dól, agus a ligeann do phostanna seirbhíse bhogadh amach as an tír.

Nuair a thóg Thatcher príobhaideachas isteach bhí sé de chiall aici, ar an laghad, comhlachtaí príobhaideacha Breatanacha a chruthú agus an acmhainn a díol don tairiscint is airde. In Éirinn, áfach, tcítear gur don tairiscint is lú a théann ár maoin.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland