Top Issue 1-2024

6 December 2010

Resize: A A A Print

Turas sa Phailistín

LE TOMÁS Mac RODÁIN

SEO scéal gairid ó Éireannach óg atá ina chónaí sa Phalaistín le sé seachtain anuas.  Tomás Mac Rodáin s ainm dó agus is as Fear Manach é. “Tá a fhios agam go bhfuil mé beannaithe!” a deir sé.

SHOCRAIGH mé teacht anseo go dtí an Bruach Thiar i ndiaidh dom cuid mhór léitheoireachta a dhéanamh faoi na heachtraí sa tír seo agus an stair ag baint leis.
Is cothrom a rá go fosta go raibh suim phearsanta agam sa choimhlint i gcomhthéasc ár gcoimhlint féin a raibh againn le hocht gcéad bliain agus coimhlint nach bhfuil an caibidil deireanach críochnaithe againn go fóill.
Tá mé ag obair go deonach (níos fearr é a mhíniú mar sin ná bheith ag rá gur óglach mé anseo!) i gcathair i dTuaisceart an Bhruach Thiar, Nablus, le heagraíocht darb ainm ‘Project Hope.’  Is eagraíocht ar léith í Project Hope sa dóigh ‘s nach bhfuil sé bainteach leis an ‘Rialtas’ áitiúil Údarás Náisiúnta na Palaistíne.
Tá sé deacair cur síos a dhéanamh ar an eagraíocht seo mar go ndéantar an méid sin sár-obair sin a n-imríonn tionchar dearfach ar shaol na daoine sa chathair seo ach déanfaidh mé iarracht anseo.  Is ranganna teanga is mó a chuirtear ar fáil ag PH don phobal i Nablus, i measc iad siúd, Béarla agus Francais is mó.
Chomh maith le ranganna teanga, déantar ranganna spóirt, ranganna ceoil, ranganna ealaíona, ranganna ríomhaire, grianghrafadóireacht agus dráma.  Is mór an tionchar a bhíonn ag na tionscnaimh seo ar shaol na daoine anseo (páistí don chuid is mó).  Tugtar spreagadh is dóchas dóibh i dtimpeallacht nach mbíonn leithéid de ann go minic.
Is dócha go saraíonn fáilte na Palaistíne fáilte cáiliúil na hÉireann. Ní chuirfeá locht orthu dá mbeadh muintir na háite doicheallach roimh eachtrannaigh tar éis an fuglaint uilig a thaithigh siad i rith na mblianta, ach is é an mhalairt atá fíor.  Tá na Palaistínigh dochreidte flaithiúil cairdiúil.  Tugadh neart cuireadh dul fá chóinne béilte i dtíthe s’acu dom agus beidh cairde agam go deo i ndiaidh an turais seo.
Má tá rud amháin tugtha faoi deara agam faoi na Palaistínigh, is é sin spiorad agus resilience s’acu.  D’fhulaing siad go millteanach (i rith an Darna Intifada, maraíodh níos mó ná míle duine i Nablus amháin idir 2000-2007) agus tá go fóill, tá na mílte duine i bpríosúin Israeli agus bíonn saol deacair crua acu lá i ndiadh lae faoi forghabháil.
Is beag gearán a dhéanann siad faoi afách.  Téann siad ar aghaidh leis an saol agus is mar phobal le chéile a dhéanann siad seo.
Bhris ‘na cainteanna síochána’ a bhí ag dul ar aghaidh síos le déanaí mar nach bhfuil Benjamin Netanyahu nó a rialtas den bharúil go dtéann lonnaíocht ar thalamh Phalaistíneach i bhfeidhm ar an síocháin.
Níor bhuail mé le duine amháin anseo a raibh dóchas acu i dtaca leis na gcainteanna seo nó fiú go raibh an ceart ag an PA bheith i lár na gcainteanna sa chéad dul síos.
Is cinnte go gcaithfidh (agus i dtaithí s’agam sa Bhruach Thiar anseo, aontaíonn bunús na daoine leis seo) muintir na Palaistíne teacht le chéile agus a deacrachtaí féin a chur ar thaobh amháin sula dtosaíonn siad ag plé réitigh le rialtas na hIsrael agus na Meiriceánaigh.
Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh Fatah agus Hamas foghlaim maireachtáil le chéile ar leas na gnáthdaoine ar na sráideanna.  Tá siad ag feidhmniú mar a ba mhaith leis na hIsraeligh agus a gcairde is fearr, na Meireácanaigh má bhíonn siad scartha agus i gcogadh in éadan a gcéile.
Cé nach dtaitníonn le duine ar bith eile (taobh amuigh den Phalaistín) gur bhain Hamas an toghchán deireanach anseo, tá sé in am gur ghlac siad leis seo - labhair na daoine agus is ionnadaithe iad Hamas den phobal.
Tá cuid mhór daoine den bharúil nach bhfuil suim ag Hamas i síocháin ach níl a fhios acu gur ofráil siad (go rúnda ar ndóigh) sos comhraic triocha bliain le hIsrael ar na línte 1967.
Ní chomhlíonann an ofráil seo ach dlí idirnáisiúnta a n-aithníonn tíortha ar fud an domhain, ach is léir don dall nach fiú an pháipear a scríobhtear an dlí idirnáisiúnta seo.  Sa chuid seo den domhan, ní ach focail é, ní bhíonn sé i láthair nó ní chuirtear é i bhfeidhm.
Cibé ar bith, ní turas pholaitíochta é seo dom agus tuigim nach bhfuil go leor eolais agam faoi na heachtraí anseo ach amháin léargas beag.  Is scéal casta cúrsaí anseo agus cuireann sé fadhbanna sa bhaile i gcomhthéasc.
I measc na gníomhaíochtaí eile a rinne muid anseo, bhí an seans againn cuidiú le fomhar na n-ológ.  Ba thaithí iontach é seo, ba thaispeantás de spiorad an phobail a luaigh mé, tagann an pobal le chéile le cuidiú leis an fomhair atá chomh tábhachtach do na Palaistínigh.  Cé nach obair furasta é (go háirithe faoin ghrian, gan trocáire), bíonn craic ag baint leis chomh maith.
Bíonn muintir na háite ag iarraidh go mbíonn idirnáisiúntaigh i láthair mar go ndéantar ionsaithe orthu go minic ag na lonnaitheoirí Israeli. Ní leor é go goideann siad a dtalamh ach déanann siad ionsaithe orthu agus iad ag obair.
Bhí 35 ionsaí ag lonnaitheoirí ar Phalaistínigh i rith an séasúir seo i mbliana amháin. De ghnáth, leagann siad na crainn nó cuirtear ar tine iad agus cosnaíonn airm Israelí na daoine seo.
Le dlaoi mhullaigh a chur ar an scéal seo, is cinnte gur taithí iontach é an turas seo go pearsanta. Cé go mbíonn a fhios ag daoine faoi cad é atá ag dul ar aghaidh anseo, musclaítear súile an duine le turas anseo.
Beidh áit speisialta ag muintir na Palaistíne i gcroí s’agam as seo amach agus ba mhaith liom seasamh in aontacht leo leis na éagóracha a thaithíonn siad a chríochnú.  Má tá suim ag éinne sa mhéid a luaigh mé anseo nó i gcúis na Palaistíne, bí i dteagmháil liom ar [email protected].
Beirigí bua - An Phalaistín agus Éire!

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland