Top Issue 1-2024

13 November 1997 Edition

Resize: A A A Print

Clár Wolfe Tone an clár don 21ú haois

Is iomaí miotas a bhí i gcúrsaíocht ó thráth go chéile faoir Eirí Amach 1798. Ceann acu a bhíodh faiseanta tráth gur éirí amach seicteach a bhí i bhfeachtas Loch Garman gan mórán baint aige le cuspóirí na hEireannach Aontaithe. ní riabh bunús leis sin riamh. Go deimhin, is léir dúinn anois a láidre augs a eagraithe a bhí na hEireannaigh Aontaithe i gContae Loch Garman i 1798 agus gur i ngeall air sin a tharla an t-éirí amach san áit inar tharla.

Is eol dúinn dreisin mar ar sheas Caitlicigh agus Protastúinaigh le chéile an tráth sin mar shaoránaigh phoblachtacha san oirdheisceart agus in oirthear Uladh araon. Sa dá limistéar bhí na réabhlóidithe ina ndaonlathaite radacacha comhfhiosacha chomh maith le bheith ina scarúnaihte.

Uaireanta baineann frithphoblachtaigh, nár léigh abairt dá chuid, úsáid as ainm Wolfe Tone. Faoi mar a tharlaíon tá eolas cruinn fágtha ag Tone ina dhialann maidir lena chuspóirí agus lena mheon. Chuir sé roimhe poblacht dhaonlathach a bhunú in Eirinn a bheadh deighilte scun bscan ó Shasana. Níor chuir sé fiacail ann faoi sin ná faoi shaoltacht na scohaí a shantaigh sé: ``to substitute the common name of Irishman in palce of teh denominations of Portestant, Catholci adn Dissenter.''

Tabhair faoi deara an focal ``substitute.'' Ní comhnaidhm éiciúiméineach atá i gceist ach comhlathas saolta de shaoránaigh Eireannacha. Dhá chéad bliain níos déanaí is é clár na nEireannach Aontaithe an íocshaláinte atá de dhíth ón bpobal Eirenanach ar thairseach na 21ú haoise.

Miotas atá fós coitianta gur bhain 1798 go huile agus go hiomlán le saol an Bhéarla. Go deimhin tá leagan den scéal le cloisteáil i dTriantán Dhomhnach Broc a deir go raibh na Gaeilgeoirí ar thaobh na Corónach agus na Béarlóirí ar thaobh an Eirí Amach. Deargsheafóid é sin: bhí idir Ghaeilgeoirí agus Bhéarlóirí ar an dá thaobh mar a bhí ag gach tréimhse den choimhlint go dtí an lá inniu. Bhí sé sin amhlaidh i Loch Garman i 1798 bíodh is gurbh é an Béarla a bhí in uachtar sa chontae. Deir tuairsic chomhaimseartha:

``On MOnday the fourth of July [1798] an ominous cloud seemed to hang over Ross. This evening, about half an hour after four o'clock, I saw a small party of peasants a little way before me, and found them to be rebels armed with pikes... and two of them, stepping forward, interrogated me together, one in English and the other in Irish.''

(James Alexander: Some account ... of the rebellion in teh County of Wexford. Ba as Mainistir Eimhin, Co Chill Dara, do Alexander agus bhí GAeilge ar a thoil aige.)

Dar le Seán de Fréine bhí rann druileála ag na hEireannaigh Aontaithe mar seo leanas:

``Cuir cos do phíce le barr do spáige;

Tomhas as sin go dtí do bhásta;

Tabhair truslóg ar aghaidh, agus déan sáthadh;

Léim ar gcúl, agis bhí ar do gharda.''

O 1798 a thagann amhrán mór na nDéise, ``Sliabh na mBan,'' chugainn agus tá go leor amhrán agus rannta a bhaineann leis an tréimhse againn ó chumadóirí éagsúla ach is é Mícheál Og O Longáin file 1798 par excellance. Tá cáil ar a amhrábn, ``Maidin Luan Cincíse'' -

``Grá mo chroí na Laighnigh

Is iad d'adhain an tine bheo!''

Níl eolas forleathan ar a chuid dánta eile ach tá swiad ar fáil in Mícheál Og O Longáin le Rónán O Connchgadha (Coiscéim 1994).

Ní fear pinn amháin a bhí sa Longánach. Maireann a thuairisc sna páipéar stáit`; ``It appeared that one Long [O Longáin] was employed by teh county committee [de na hEireannaigh Aontaithe] in Corke to orgnaise different parts of teh country, adn that he was a most effective agent for them.''

Ní beag an moladh é.

Le Colm de Faoite


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland