Top Issue 1-2024

1 August 2017 Edition

Resize: A A A Print

In am Beart de Réir Briathar don Ghaeilge!

Caithfidh an Rialtas soiléiriú a thabhairt faoi acmhainní do phleananna teanga

Tá daoine soiniciúla ann a déarfadh nach raibh an Rialtas i ndáiríre riamh faoin Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge agus nach raibh sna pleananna ach slí chun caoire a chur thar abhainn ar feadh dhá bhliain

TÁ FRUSTRACHAS mór ar na dreamanna atá ag plé leis na pleananna teanga sa Ghaeltacht nach bhfuil an Rialtas ag cur dóthain acmhainní ar fáil chun an obair a chur i gcrích agus gur cur i gcéill atá ar bun acu i ndáiríre.

Léirigh an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíocht ar Staid na Gaeilge sa nGaeltacht a foilsíodh i 2007 go raibh géarchéim ann ó thaobh an teanga labhartha sa nGaeltacht agus go raibh sí i mbaol báis muna dtógfaí céimeanna suntasacha leis an meath a chloí. B’as sin a d’fhás an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, polasaí ar aontaigh páirtithe uile Theach Laighean leis, chun an taoide a chasadh agus líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sna Gaeltachtaí a mhéadú as cuimse.

Cuid lárnach de phlean an Rialtais ná go mbeadh limistéir pleanála teanga leagtha amach sna Gaeltachtaí, 23 cinn ar fad, agus go roghnófaí eagraíocht pobail chun plean teanga a ullmhú dá gceantar féin le h-aidhmeanna na straitéise a chur i gcrích san áit sin.

Go dáta, tá tri cheantar i ndiaidh na pleananna seo a chríochnú – Gaoth Dobhair & Na Rosa, Cois Fharraige & Cloich Chionnaola. Tá súil go mbeidh naoi gcinn eile aontaithe roimh deireadh na bliana. Ach, tá amhras ag méadú iI measc lucht forbartha na Gaeilge gur obair in aisce atá ann, mar nach bhfuil sé de rún ag an Rialtas na h-acmhainní a theastaíonn leis na pleananna seo a fhíorú ar an talamh, a chuir ar fáil dóibh. 

Tá cuid de na pleananna seo ag éileamh go mbeidh roinnt daoine le n-earcú leis an teanga a fhorbairt sa phobal, imeasc an aos-óg agus mar sin de. Ach, ní léir gur leor an t-airgead a chuirfear ar fáil leis an méid seo a dhéanamh, le daoine sách oilte a earcú, ná chun costais gníomhaíochtaí, bolscaireachta, eagrúchán agus mar sí de a chlúdach.

Tá daoine den tuairim gur cur chuige ‘mair a chapaill & gheobhfar féir’ a bhí ag an Rialtas, ach i ndiaidh dóibh an gorta maoinithe a sheasamh agus na pleananna dhá n-ullmhú acu, níl aon chosúlacht go mbeidh an Rialtas ag cloí le taobh iadsan don mhargadh agus airgeadú mar is ceart a chuir ar fáil don obair mhór a theastaíonn a dhéanamh.

pg12-2

•  Aire Joe McHugh

Is cosúil go bhfuil an Stát sásta maíomh as na beartais dhearfacha uile a bhíonn ag eascair as cur chun cinn na Gaeilge sa Ghaeltacht, ach má thiteann an tóin as an teanga is ar na pobail a chuirfear an milleán, mar gurb iad atá freagrach as na pleananna teanga a chur i gcrích. Níl sé seo ceart ná cothrom agus tá sé thar am ag an Rialtas soiléiriú a thabhairt maidir le maoiniú ilbhliantúil agus soláthar níos fónta  a bheith ar fáil leis an meath a stopadh agus an Ghaeilge a neartú mar theanga pobail sna Gaeltachtaí ar fad.

Tá daoine soiniciúla ann a déarfadh nach raibh an Rialtas i ndáiríre riamh faoin Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge agus nach raibh sna pleananna seo ach slí chun caoire a chur thar abhainn ar feadh dhá bhliain. Is beag fianaise atá ann chun a mhalairt a léiriú. Más ea, is mór an cur amú ama é don dream deonach ar fad atá ag tabhairt faoin obair le croí mhaith, ag cur uaireanta fada isteach ag plé leis na geallsealbhóirí ar fad, chun pleananna cumasacha a ullmhú.

Tá am na cinniúna tagtha anois áfach don Rialtas agus don Aire McHugh, beart de réir briathar a dhéanamh. Beidh le feiceáil ins an gcáinaisnéis seo romhainn an mbeidh an méadú maoinithe a theastaíonn curtha ar fáil an bhliain seo chugainn chun bonn ceart a chur faoin obair mhór seo, nó ar saothar in aisce a bhí sna h-iarrachtaí seo ar fad. Tá faitíos orm gurb shin a bheidh ann.

Beidh sé spéisiúil chomh maith feiceáil cén tionchar a bheidh ag an gcomhaontú ‘Muiníne agus  Soláthar’ idir Fianna Fáil agus Fine Gael ar an gceist seo ar fad agus an mbeidh ‘Saighdiúir na Cinniúna’ sásta an fód a sheasamh ar son na pobail Ghaeltachta.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland