New side advert

3 April 2017 Edition

Resize: A A A Print

Céard is fiú an Ghaeilge?

Is cuid d’oidhreacht an dá thaobh sa tuaisceart í an Ghaeilge, agus is fíorbheag an costas i ndáiríre i bhfianaise tábhacht chultúrdha na teanga

TÁ’S AGAINN gur bíogóideacht atá taobh thiar de chur i gcoinne na Gaeilge ag páirtithe Aontacha; agus nach bhfuil sa gcaint faoi chostas mór a bheith ag baint le hAcht Teangan ach cur i gcéill ag iarraidh leithscéal don bhíogóideacht sin.

Ar ndóigh, ní rud eachtrannach í an Ghaeilge do Phrotastúnaigh. Go deimhin, is fíric stairiuil é go ndearna an Eaglais Phreisbitéireach i bhfad níos mó ar son na Gaeilge ná a dhein an Eaglais Chaitliceach riamh.

B’iad na ministeirí Nielson a scríobh an Ghramadach Ghaeilge ba thabhachtaí do chúige Uladh, agus bhí dualgas ar mhinisteirí a bheith in ann searmanais a thabhairt i nGaeilge sa 18ú agus sa 19ú céad. Bhi an dualgas sin orthu toisc go raibh roinnt mhaith de mhuintir na heaglaise ann nach dtuigfeadh Béarla go heasca is a bheadh níos compordaí leis an nGaeilge.

Tá obair an-tábhachtach dhá déanamh ar ndóigh ag Linda Ervine faoi seo, gur cuid d’oidhreacht Phrotastúnaigh Uladh í an Ghaeilge.

Ní chuireann firicí mar sin bac ar na bíogóidigh mar sin fhéin. Creideann siad go mbaineann an Ghaeilge le náisiúnaithe is mar sin tá siad ina coinne – beag beann ar chearta chothromais, meas cothromach nó eile.

Ceann dena ráiteasaí ba sheafóidigh is ba bhréagaigh ar ndóigh tháinig sé ó Nelson McCausland  (a chaill a shuíochan tionóil sa toghchán deiridh).

Dúirt seisean go gcothódh Acht Teanga conspóid is scoilt is go gcosnódh sé €100 sa mbliain.

Ar ndóigh bhí ceannaire an DUP, Arlene Foster, ar an bport céanna nach mór is í ag maíomh go raibh níos mó cainteóirí Polannaise sa Tuaisceart ná cainteóirí Ghaeilge.

Mar a tharla, labhrann níos lú ná 2% Polannais sna Sé Chontaetha i gcomparáid le os cionn 5% a bhfuil Gaeilge líofa acu.

Maidir le costas, arís ta dul amú ar ár gcairde san DUP. Ta scrúdú déanta ag Conradh na Gaeilge ar na figiúirí a bhaineann le hAcht Teanga, is deir siad go gcosnódh Acht Teanga £19m thar treimhse cúig bhliain: sin £3.8m sa mbliain.

Agus ní chosnódh rannóg aistriúcháin  sa gcoiste feidhmeannais ach £100,000 le cur sa tsiúl.

Is cuid d’oidhreacht an dá thaobh sa tuaisceart í an Ghaeilge, agus is fíorbheag an costas i ndáiríre i bhfianaise tábhacht chultúrdha na teanga.

Ní mór duinne, lucht na Gaeilge, a chinntií go mbeidh na figiúirí cruinne seo ar fáil do achan duine sna Sé Chontaetha.

Agus ná fágamais Ciarán Ó Coigligh as ach an oiread. Ní dochar ar bith an t-eólas seo a thabhairt dósan freisin.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland
 

Powered by Phoenix Media Group