26 September 2016
Gaeilge sa Ghaeltacht – Cad é faoin Español?
TÁ olc mór curtha ar lucht na Gaeilge ar na mallaibh i ndiaidh na scéalta faoi chluichí peile agus faoi fhir leanna ar Gaeil shotalacha iad gur labhair siad a dteanga féin. Ní iontas an fhearg, ná an brón, a léirigh pobal na Gaeilge ó shin i leith.
Tá scéal mór conspóideach – agus deighilteach – déanta ag roinnt iriseoirí den eachtra a tharla i gcluiche peile i Ros an Mhíl, Co na Gaillimhe, le déanaí agus an líomhain gur iarr réiteoir ar bhall de chumann amháin gan Gaeilge a úsáid toisc nár thuig sé í. Bhí raic mhór le cluinstin ar roinnt clár raidió agus cainteoirí ag spalpadh a gcuid tuairimí ar an dá thaobh den aighneas.
Díríodh cuid mhór den chaint ar an bhunphointe go raibh an Béarla ag achan duine sa tír seo – rud nach bhfuil cruinn, dála an scéil – agus narbh fhuarsta an mhaise don fhanaiceach labhairt leis an réiteoir nó leis an fhoireann eile i dteanga a thuigeann cách; .i. i mBéarla. Cá bhfuil an chonspóid?
An conspóideach an rud é go raibh an Ghaeilge á labhairt i gcluiche sa Ghaeltacht? Nó an conspóideach an rud é gur iarradh aistriú go Béarla? Cumann Lúthchleas . . . cad é atá ann?
Tá an nuacht seo amuigh go géar sna sála ar an scéal faoi theach tabhairne i gCorcaigh a ndúirt a bhainisteoir gurbh é an Béarla “an teanga is ciallmhaire agus is praiticiúla” san áit oibre. De réir dealraimh, níl cead an Ghaeilge a úsáid laistigh ná lasmuigh de Chorcha Dhorcha.
Is díol suime gur timpeall na tréimhse sin céanna a sheol Partido Socialista de Euskadi – Euskadiko Ezkerra (páirtí na ‘sóisialacha’ i dTír na mBascach ar fobhrainse den pháirtí sóisialach de chuid na Spáinne é) sheol siad féin físeán ag déanamh ionsaí ar dhualgais áirithe i leith na Bascaise atá ag na hinstitiúidí poiblí sa tír sin.
San fhíseán, cuirtear bac roimh fhear agus é ag iarraidh dul isteach i mbialann, in oifig, i páirc peile, ar bhus agus, go fiú, ag dul isteach san eaglais dó.
Tá an cosc seo ar fad de dheasca gur cainteoir Spáinnise é agus an chomparáid á déanamh ag an lucht déanta gur sin mar atá sa chóras phoiblí mura bhfuil an Bhascais agat.
Cár chuala muid sin roimhe? Is maith a thuigeann muid nach furasta an bealach ag na mionteangacha; is cuma thíos ná thuas iad.
Ar aon chuma, cad é faoin Español? Creatúr bocht!
Follow us on Facebook
An Phoblacht on Twitter
Uncomfortable Conversations
An initiative for dialogue
for reconciliation
— — — — — — —
Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures