3 August 2016
Ó Phríosúin go Pobal – Forbairt na Gaeilge pléite i mBéal Feirste
BHÍ FORBAIRT na Gaeilge sna 1970í agus 1980í á plé i mBéal Feirste le déanaí – faoin téama ‘Ó Phríosúin go Pobal’.
● Séanna Walsh
Ba é an Seanadóir Niall Ó Donnghaile a stiúir an comhrá mar fhear an tí agus iar-chimí Pilib Ó Ruanaí agus Séanna Walsh, chomh maith le iar-fheisire den Pharlaimint Eorpach, Bairbre de Brún ina chuideachta.
● Bairbre de Brún
Dúirt Ó Donnghaile:
“Agus muid ag comóradh 35 bliain ó bhí am na stailceanna ocrais ann, ba deas go raibh an seans againn éisteacht leis na cainteoirí ar fad agus a dtaithí féin a chluinstin.
“Is léir gur tábhachtach an tionchar a bhí ag an Ghaeilge ar na cimí, agus chomh tábhachtach céanna an tionchar a bhí ag na cimí ar an phobal nuair a scaoileadh saor iad.
“Gabhaim mo bhuíochas le Pilib, le Séanna agus le Bairbre as bheith páirteach san imeacht.”
● Pilib Ó Ruanaí
Follow us on Facebook
An Phoblacht on Twitter
Uncomfortable Conversations
An initiative for dialogue
for reconciliation
— — — — — — —
Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures