Top Issue 1-2024

1 December 2014 Edition

Resize: A A A Print

Dúshlán na mBRICS don Sean-Réimeas Airgeadais

NÍORBH’E an rud ba shuntasaigh faoi teacht le chéile an G20 – na fiche tíortha is mó in eacnamaíocht an domhain – an cáineadh a rinneadh ar an Rúis i dtaobh na hÚcráíne, ach an teacht le chéile imeallach den chúig thír frith-impiriúlach, na BRICS mar a thugtar orthu.

Tháinig an Bhrasaíl, an Rúis, an Ind, an tSín agus an Afraic Theas le cheile i 2006 le guth a thabhairt dona tíortha seo a riabh an fás eacnamaíocht ba mhó acu ach nach raibh aon tionchar acu da reir ar mhor-chinntí eacnamaíochta an domhain.

I ndiaidh a cheil threisigh an Brics a ndearcadh ar an scéal mór, ach – go híorónta – spreag na smachtbhannaí in aghaidh na Rúise, mar gheall ar ghéarchéim na hÚcráíne, go lorgófaí fócas airgeadúil eile le dul i ngleic leis na Stáit Aontaithe.

I mBrisbane na hAstráile i gcaitheamh na míosa seo caite, bhí cruinniú tábhachtach ag na cúig thír seo lena gcuid aontacht faoin eacnamaíocht domhanda a léiriú agus chun fócas as an nua a chur ar an riachtanas go aimseófaí lárionad domhanda nua airgeadais.

Dá mbeadh duine ag brath ar RTE le haghaidh a chuid nuaíocht, ar ndóigh, ní bhéadh aon eolas aige faoin scéal seo mar níor thug an stáisiún “náisiúnta” sin aon tagairt dó.

Ach tá impleachtai móra ag an scéal.

Le fada an lá bhí na Stáit Aontaithe chun tosaigh ó thaobh tairgeadh is forbairt eanamaíocht dhe, ach faoi lár na seachtóidí bhí cuid mhaith den ghal ag imeacht ón eacnamaiocht sin.

Mar sin fhéin, d’éirigh leis na SAM a ngreim ar an eacnamaíocht dhomhanda a threisiú tre iachall a chur a lucht thairgeadh an ola a bpraghsanna a dhéanamh i ndollair. Bhí spéis ag gach aon tír dollair a fháil le pairt a ghlacadh san trádáil domhanda seo.

Maidir le Meiriceá féin, ámh, lean siad leis an ard-chaighdeán maireachtála a bhíodh acu – i gcomparáid leis an gcuid eile den domhan –  ach ní raibh an tairgeadh céanna acu.  Cheannaigh said earraí isteach leis na dollair a hinfheistíodh i Meiriceá ag na tíortha ola ach go háirithe.

Sa lá atá inniu ann, mar shampla, tá $1.27 trilliún de fhiacha ag an tSín ar na SAM – an creidiúnaí is mó, agus tá se ag éirí níos deacra i n-aghaidh an lae fónamh ar na fiacha sin agus fiacha an domhain eile.

Dá n-éireódh an domhan as úsáid an dollair don trádáil dhomhanda bheadh sé ina thubaist dona Stáit Aontaithe.

Tá baint mhor ag an bhfadh seo leis an ngéarchéim san Úcráín.  Tá na Stáit Aontaithe ar a ndícheall ag iarraidh an Ghearmáin – príomh-thír an Aontais Eorpaigh – a choinneáil scartha ón Rúís. Sin atá taobh thiar dena smachtbhannaí.

Ach ma éiríonn leis na BRICS fócas nua airgeadais a chruthú don domhan, beidh ceisteannaí móra ann don Eoraip ach go háirithe.

Cá seasfadh muide sa domhan nua sin?  Níl’s aghainn, agus is cosúil nach bhfuil’s ag RTÉ fiú go bhfuil an cheist ann?

Tuilleadh faoi seo an mhí seo chugainn, i mBéarla, san Phoblacht.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland