3 November 2013 Edition
Tá sé thar am éirí as an euro
TÁ SÉ THAR am éirí as an euro agus airgeadra dár gcuid féin a bhunu arís le muid a thabhairt amach as an ngearchéim eacnamaíochta: é sin nó glacadh le fiche bliain de mheathlú geilleagair.
Sin é an tuairim an nochtaigh an tráchtaire eacnamaíochta Cormac Lucey ag ceardlann eacnamaíochta i Luimneach sa mí seo caite.
Dar leis an uasal Lucey spreagadh polasaí airgeadais a chothaigh fiacha is géarchéim rátaí malartaithe de bharr muid a bheith páirteach sa gceantar euro: mar gheall ar gur socraíodh ráta úis ag leibhéil nach raibh oiriúnach don eacnamaíocht in Éirinn. Bhíodar ró-íseal tráth go raibh rátaí níos aoirde ag teastáil is shéid na rátaí ísle sin lasracha an bhaoth-mhargadh tithíochta.
Dúirt an t-uasal Lucey freisin gur léir nach bhfuil ag eirí leis an bplean reatha, bunaithe ar dhéine. Tá aird na bpolaiteóirí dírithe ar toradh na géarchéime – dócmhainneacht na mbanc is eile – in ionad a bheith dírithe ar údar na géarchéime: fadb an airgeadais mhí-oiriúnaigh.
Sé an réiteach a mholann sé ná athchóiriú na bhfiacha is easpa cothroimis sa ráta malartaithe tré imeacht ón euro agus ‘punt nua’ a bhunú, airgeadra dár gcuid féin a bhunú a cheadódh dúinn fiacha a laghdú, ár gcuid earraí a dhíol níos saoire thar lear agus srian a chur ar earraí a thabhairt isteach sa tír.
Amhdaíonn sé go mbeadh deacrachtaí ag baint leis sin, ach i gcomparáid leis na deacrachtaí gan críoch atá á bhfulaingt go fóill is atá le fulaingt againn go cionn fiche bliain eile, is beag iad dar leis.
Luann sé san bpáipéar a thug sé gurb shin an chaoi gur tháinig tíortha eile as géarchéimeanna den tsaghas seo, agus d’fhéadfadh sé freisin sampla na hÍoslainne a thabhairt, mar thug an Íoslainn droim láimhe don Eoraip ag cur leasa a muintre féin sa túsáit. Tá an Íoslainn as an ngéarchéim; tá muide sáite ann i gcónaí.
Tuigeann sé go bhfágfadh an plean seo na bainc gan acmhainní, ach ón gcéad lá ba choir dúinn iad a ligint chun siúil agus banc stáit nua a bhunú a chuirfeadh airgead ar fáil don eacnamaíocht, rud nach bhfuil ag tarlúint faoi láthair.
Nach spéisiúil an rud é nach bhfuil aon phlé faoin bpáipéar dúshlánach seo sna meáin oifigiúla in Éirinn. Dá mbeadh saoirse preasa aghainn . . .