Top Issue 1-2024

29 September 2013 Edition

Resize: A A A Print

Pink Floyd agus an Phailistín

Forbairt na síochána mar aidhm ag acmhainn nua oideachais

• Roger Waters

‘Is rud amháin acmhainn chomh h-úsáideach seo a fhorbairt, rud eile a bheidh ann múinteoirí a fháil chun glacadh leis agus é a úsáid ina gcuid scoileanna’

‘CAITHFIDH an aos óg aigne oscailte a choinneáil, na firící a lorg agus deimhniú dóibh féin gur fírící iad agus ansin a n-intinn féin a dhéanamh suas maidir leis an réiteach is fearr ar an ngéarchéim’, sin an teachtaireacht a bhí ag an réalt rac-cheoil, Roger Waters, ó Pink Floyd agus é ag seoladh acmhainn nua oideachais maidir le géarchéim na Pailistíne.

Tá pacáiste ceannródaíoch oideachais curtha i dtoll a chéile ag an eagraíocht Sadaka, agus thoiligh Waters, a bhfuil cáil na stocaireachta air maidir le cearta daonna, am a thógáil saor ón gcamchuairt domhanda atá ar siúl aige, chun an acmhainn iontach a sheoladh.

Is leabhrán oibre atá i gceist agus míreanna físe agus fuaime leis atá dhá chuir ar fáil do chuile mheánscoil ar an oileán. Is acmhainn oideachas shaoránaigh é atá dirithe ar mhicléinn idirbhliana nó ag Eochairchéim 4 agus atá bunaithe ar phrionsabail cearta daonna agus an dlí idirnáisiúnta. I dtuairim Waters tá céim iontach misniúil tógtha ag muintir na hEireann leis an gclár seo. Ní fhéadfaí a leithéad a chuir ar fáil sna scoileanna i Stáit Aontaithe Mheiriceá dar leis, nó bheadh raic ollmhór ann.

Is iad Mary Gannon agus an Dr Elaine Murtagh údair an phacáiste. Is comhphairtíocht atá ann idir Aonad Forbartha Curaclam Coiste Gairmoideachais Átha Cliath, Sadaka - comhghuallaíocht Éire & An Phailistín agus an Ionad um Staidéar Trasteorainn. Rinneadh é a fhorbairt i gcomhair le múinteoiri agus scoláirí ó thuaidh agus ó dheas. Tugann sé léargas fíriciúil ar stair cheantair na Pailistíne agus na hIosraeile, na teorainn stairiúla, na h-athruithe tíreolaíoch agus praiticiúla a tháinig orthu agus an sárú atá ann ar chearta daonna agus an dlí idirnáisiúnta.

Cuireann an phacáiste ar chumas daltaí bunús na géarchéime a thuiscint agus na constaicí reatha atá ann don phroiséas siochána. Foghlamaíonn siad chomh maith maidir le ról an dlí idirnáisiúnta agus na Náisiúin Aontaithe maidir le cosaint cearta daonna. Cloiseann siad faoi thaithí na h-eadránaithe siochána, ón Phailistín agus ó Iosrael. Agus, b’fhéidir an rud is tábhachtaí ar fad, forbraíonn siad a gcuid smaointí féin chun teacht ar shíochán buan sa gcoimhlint.

Tá cheithre chinn déag d’aonaid sa bpacáiste a úsáideann gníomhaíochtaí foghlamtha, ábhar físiúil, grianghraif, léarscáileanna agus físeáin chun taithí cosmhuintir an réigiúin a léiriú do na daoine óga.

Ach, is rud amháin acmhainn chomh h-úsáideach seo a fhorbairt, rud eile a bheidh ann múinteoirí a fháil chun glacadh leis agus é a úsáid ina gcuid scoileanna.

‘We don’t need no thought control’ a dúirt Pink Floyd san amhrán cáiliúil dá gcuid agus an rud a bhí i gceist leis sin ag Waters agus a chomhleacaithe ná go gcaithfidh muid de shíor a bheith ag ceistiú an bholscaireacht a chloiseann muid. In áiteanna a mbíonn coimhlint ann bíonn bolscaireacht ó fhoinsí go leor agus ní bhíonn se éasca teacht ar an fhírinne, ach seo an dushlán a chaithfidh muid cur roimh an aos óg, mar is iadsan na ceannairí a bheidh againn amach anseo agus ní mhór go mbeadh ar a gcumas an idirdhealú agus smaointeoireacht chriticiuil seo a dhéanamh. Sin an aidhm atá leis an acmhainn oideachais seo. Tarlaíonn go bhfuil sé bunaithe ar chás na Pailistine, ach tá na scileanna a fhorbraíonn sé úsaideach ar go leor bhealaí i saol na ndaoine a théann tríd.

Beidh tacaíocht dhá thabhairt do mhúinteoirí a bhfuil suim acu an clár seo a úsaid sa seomra ranga mar tuigeann na h-údair go bhféadfadh an t-ábhar atá idir lámha a bheith conspóideach go leor. Sin ráite, tá na ceachtanna leagtha amach ag oideachasoirí a bhfuil saimeolas sa réimse agus taithí phearsanta ar an reigiún acu, ar bhealach atá éasca le leanúint agus a chothaíonn spiorad comhoibríoch imeasc daltaí.

Tá an phacaiste Palestine & Israel - How Will There Be a Just Peace le fail ar www.reconciliation.ie agus www.sadaka.ie. Má tá daoine a bhaineann leatsa ag foghlaim, nó ag teagasc ag an leibhéal seo, is fiú go mór é a fháil agus a thaispeáint dóibh agus iarracht a dhéanamh chun iad a mhealladh chun é a úsáid. Má úsáidtear é sách forleathan beidh muid ag cothú glúin nua d’eadránaithe síochána dúinn féin agus don phobal níos leithne agus b’iontach an toradh a bheadh ansin.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland