Top Issue 1-2024

2 December 2012 Edition

Resize: A A A Print

Palaistínigh á marú ar mhaithe le brabúis chomhlachtaí ola

Ach tá an chumhacht ag Obama stop a chur leis na hiosaithe ón Iosrael mar sé na SAM a íocann as na treallaimh chogaidh a úsáideann Iosrael

BHÍ AN-SPÉIS sa tír seo i bhfeachtas toghchánaíochta Uachtarán Mheiriocá, agus cosúil liom féin is dócha gur theastaigh ó fhormhor an phobail go mbeadh an bua ag Obama thar Romney.

Labhair Romney go lom ar son na ndaoine saibhre is ar son tuilleadh imeaglú in aghaidh stait is pobail ar fud na cruinne nár ghéill do Mheiriocá.

Thuig mé nach raibh aon mhaitheas in Obama, nach raibh an misneach aige - fiú agus é sa dara tearma — tabhairt faoina leasa fóbartacha is ionsaitheacha a bhfuilo ceannas Mheiriocá acu. 

Ach mar sin fhéin is beag nár chaith mé mo dhinnéar ar ais nuair a chuala mé Obama ag cosaint Iosrael i dtaobh na n-eachtraí is deireannaí sa Méan Oirthear, ag ra nach bhfeadfaí a cheapadh go bhfanfadh na hIosraelaigh ciúin nuair a bhí diúracáin ag sileadh ón spéir orthu.

Ní raibh aon chaint uaidh faoina hiosaithe a dhein Iosrael sular caitheadh aon diuracáin leó; ní raibh aon chaint ann faoin mbuachall deich mblian d’aois a maraíodh sular thug muintir Ghaza aon fhreagra.

Sea, ní raibh Aire Gnóthaí Eachtracha na tíre seo, an Tánaiste Éamon Gilmore, puinn níos fearr nuair a labhair sé faoi fhoiréigean “ar an dá thaobh”. Ach tá an chumhacht ag Obama stop a chur leis na hiosaithe ón Iosrael mar sé na SAM a íocann as na treallaimh chogaidh a úsáideann Iosrael.

Agus ní raibh caint aon áit faoin ‘gcómhtharlúint’ go mbíonn ionsaithe den chineál seo ann ón Iosrael i gconaí cúpla míonna roimh toghchán sa tír sin. Caithfidh Palaistínigh bás d’fhail ar mhaithe le polaiteóirí Iosrael.

Go minic deirtear go dtugann Meiriocá an tacaíocht seo d’Iosrael mar gheall ar chumhacht is tionchar na stocaireachta Giúdaigh sna stáit, ach i ndáiríre baineann na Meiriocánaigh leas as Iosrael le tíortha Arabacha an réigiúin a choinneail lag ar maithe le smachht a bheith ag Meirioca ar ola an réigiúin.

Níl sna hIosraelaigh ach ceithearnaigh do leas na gcomhlachtaí ola. Agus más gá Palaistínigh a mharú nach beag an rud é sin i gcomparaid le brabús na gcomholachtaí céanna.

Agus is léir ó chaint Obama nach ndéanfadh sé aon difir da mbeahd an bua ag Romney, mar siad na comhlachtaí ola i bhfírinne a bhíonn i gceannas i Meiriocá.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland