Top Issue 1-2024

30 September 2012 Edition

Resize: A A A Print

An Ghaeilge i Long Kesh

AN CHÉAD uair a chuaigh mé isteach sna Cásanna Long Kesh, thuig mé go raibh rogha le déanamh ag duine i bpríosún.

Bhí daoine ann agus smaoinigh siad an t-am ar fad ar éalú. Bhí saol s’acú gafa le beartaíocht air seo. Bhí cuid eile ann nach raibh ábalta déileáil leis an phríosúnacht.

Chaith siad an seal uilig ag feithimh le ‘lá na saoirse’.

Bhí dream iomlán eile againn, a bhí sásta éalú dá mbeadh seans ach a bhí sásta ullmhú do ‘lá na saoirse’ le dul amach chuig an chogadh arís.

Mar chuid den ullmhúchán bhí an Ghaeilge lárnach de dhream beag againn. Thuig cuid againn go dtiocfadh leis an Ghaeilge dul i bhfeidhm ar dhaoine mar spreagadh agus cloch lárnach de pholaitíocht poblachtach radacach chun an tír seo a athghabháil.

Bhí daoine i ngach Cás agus an tsuim acu sa Ghaeilge. Bhunaigh muid bothán Gaeltachta. Bhíodh ranganna ag dul ar aghaidh againn ag amanna difriúla le linn an lae, ard ranganna, meán ranganna, bun ranganna. Bhíodh ranganna amhránaíochta agus ‘tráth na gceist’, díospóireachtaí trí mheán na Gaeilge. Ach ‘sin uilig ráite agam bhí laige ann, nuair a fuair muid an deis thit muid isteach sa Bhéarla arís. Tógadh muidne le Béarla agus bhí sar-iarracht de dhíth gan á labhairt go háirithe agus rud inteacht teibí á phlé againn.

Fadhb ar bith ag labhairt fá dinnéar ná torthaí spóirt nó cibé as Gaeilge, ach nuair a phléigh muid cúrsaí casta an Meánoirthear - scéal eile ar fad.

Taobh leis sin, ní raibh sé de nós againn bheith droch mhúinte lé lucht an Bhéarla. Ach nuair a tháinig siad isteach comhluadar Gaeilge, thiteadh achan duine isteach sa Bhéarla.

Sna Blocanna H

Tháinig mé ar ais go príosún sa samhradh ‘76. Ní raibh stádas polaitiúil ann agus gan cead againn anois Gaeilge a labhairt, foghlaim ná léamh. Bhí cosc ollmhór orainn agus gan áiseanna ar bith, téacs leabhair ná modhanna teagaisc. Ní raibh ar fáil dúinn ach ár gcuimhní féin agus ní leor é sin chun teanga a theagasc.

An chéad uair a thosaigh ‘agóid na pluide’ bhí dornán daoine ar fuid faid na mblocanna agus labhairt na Gaeilge acu. De réir a chéile, d’fhoghlaim fear nó dhó Gaeilge in achan sciathán sa champa. Ansin bhí an dream beag seo ábalta feidhmiú mar mhúinteoirí d’achan duine eile sa champa. Thosaigh daoine ag foghlaim agus ag rá cúpla focal go dtí gur chríochnaigh siad suas ag múineadh ‘an chopail’ ná ‘an modh coinníollach’. Spréigh agus spreagadh an Ghaeilge ar fud na mBlocanna. D’fhoghlaim daoine nathanna cainte agus blasanna difriúla óna cúigí eile nuair a bhíodh duine ar an sciathán a chaith tamaillín i nGaeltacht Rath Cairn nó Conamara.

Bhí ceachtanna ag teacht ó nár gcomrádaithe sna cásanna. Bhí píosaí Gaeilge ónár gcuairteoirí agus focal anseo ‘is ansiúd ó shagart líofa. Bhí an Ghaeilge lárnach i saoil na bhfir pluide.

Seanna Walsh

Nuair a chríochnaigh an stailc ocrais ag Deireadh Fómhair ‘81, bhí níos mó ná 300 fear agus labhairt na Gaeilge ar a dtoil acu            Nuair a chríochnaigh ‘tráth na hagóide’ bhí fáil againn arís ar leabhair agus áiseanna eile le Gaeilge a fhoghlaim agus teagasc. Bhíodh ailt sna nuachtáin agus sna hirisí. Bhíodh fáil againn ar roinnt teoranta leabhair Gaeilge. Ar an droch uair fosta, bhí fáil againn, i ndiaidh  blianta fada le faic le déanamh, bhí fáil againn ar cheirníní, teilifís, scannán, leabhair agus peil. Bhí uirlisí lámh cheardaíochta agus gléasanna ceoil againn. Diaidh ar ndiaidh, d’ísligh díograis sa teanga . . . Scaoileadh saor mé féin Márta ‘84.

Sna Blocanna arís

Cuireadh ar ais i bpríosún mé ag deireadh ‘88 agus bhain mé H-Bloc 5 amach bliain go leith ina dhiaidh sin. Ba léir domhsa ón tús go raibh meath ar an teanga. Bhí go leor Gaeilge le cluinsint go fóill ach i measc sean fhiondair amháin a bhí sé. Ní raibh oiread ‘is duine úr líofa. Bhí ranganna á dhéanamh ar fuid na mblocanna ach ar chuis éigin ní raibh daoine ábalta ‘líofacht na Gaeilge’ a bhaint amach. D’fhoghlaim siad abairtí agus dánta, amhráin agus briathra ach ní raibh sé ar chumas acu smaoineamh as Gaeilge.

Shuigh dream againn síos le labhairt fá seo. Scríobh mé amach go Pat Rice agus Máirtín Ó Muilleoir a bhí le Roinn an Chultúir, Sinn Féin. Bhí múinteoir A-leibhéal ag teacht isteach sa phríosún dúinn fosta, Séamas Ó hEaráin. Chuir muid creatlach le chéile agus thar cúpla seachtain chuir muid ceachtanna leis an chreatlach.            D’eagraigh muid cúrsa 6 seachtain, le ranganna 2 uair a’ chloig, 6 lá sa tseachtain. Bhí daoine ag dul thart ag labhairt as Gaeilge an t-am ar fad.

Tamaillín ina dhiaidh seo, bhí dream ón Srath Bán agus ‘smaoineamh geal’ acu go dtiocfadh leo mion-Ghaeltacht a bhunú le haghaidh coicíse. Bhog siad daoine le Gaeilge síos go bun an sciatháin agus thar an dá sheachtain, d’úsáid siad an Ghaeilge chomh minic agus arbh fhéidir.

Spreag an smaoineamh seo daoine eile chun an rud céanna a dhéanamh sa phríosún agus sa deireadh tháinig dream le chéile agus moladh acu chun Gaeltacht a bhunú. Bhí buntáistí agus míbhuntáistí leis seo. Ba léir don cheannaireacht go dtiocfadh linn forbairt as cuimse a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge de, thiocfadh linn íomhá ‘is dinimic na teanga a athógáil agus b’fhéidir dul i bhfeidhm ar an phobal taobh amuigh.

Thuig muid an borradh a bhí leis an Ghaeilge agus sampla na Stailce Ocrais ‘81 agus Agóid na Pluide ar intinn againn. Chreid muid go dtiocfadh linn éifeacht mar sin a chóipeáil arís agus b’fhéidir glún óg eile a spreagadh chun suim a chur sa teanga.

Mar sin  bunaíodh ‘Gaeltacht na Fuiseoige’ i mBloc a Sé, 9ú Bealtaine ‘95.           

D’éirigh go maith linn. Rinne an chuid is mó de na fir a chaith tamall ansin scrúdú A-leibhéal sa Ghaeilge.

Le síniú Comhaontú Aoine a’ Chéasta ‘98 cuireadh tús ar scaoileadh saor na gcimí agus thit na huimhreacha measartha gasta. Tháinig roinnt againn amach as na Blocanna le cuidiú agus le cur le hobair na Gaeilge a bhí ag dul ar aghaidh ansin.

Mhair na Gaeltachtaí 5 bliana agus druideadh Campa na Ceise Fada i Mí Iúil 2000. Tá tionchar s’acu le feiceáil go fóill.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland