7 September 2012
Cead cainte b’fhéidir ach céard faoin gcead scríofa?
LÉIRIGH Acht na dTeangacha go raibh cearta cinnte ag lucht na Gaeilge sa stát seo. Ní cearta as an ngách iad ach na gnáth-chearta ba chóir a bheith ag aon dúchasach ina dtír féin.
Anois tá dualgais áirithe ag comhlachtaí stáit seirbhísí agus cáipéisí oifigiúla a chur ar fáil tré Ghaeilge. Ní shin le rá go gcómhlíonann na comhlachtaí stáit go léir a gcuid dualgaisí, ach ar a laghad tá siad amhdaithe agus is féidir iad a éileamh.
Ach níl aon dualgas i gcónaí ar chomhlachtaí nach comhlachtaí stáit iad, is cuma cé chómh lárnach is a bhíonn na comhlachtaí céanna i saol an duine.
Agus céard faoina cearta scríofa? Seo sampla beag: ar na mallaibh thaisteal mé go dtí an Spáinn. Chuir mé suíocháin in áirithe ar líne le hAer Lingus, ach nuair a litrigh mé m’ainm i gceart le síntí fada dhiúltaigh an coras ríomhaireachta glacadh lem ainm mar bhí siombail “neamhcheadaithe” dhá n-úsáid agam. Bhi orm é a litriú go mícheart gan na síntí.
Ach roimhe sin,
ag taisteal go dtí an Fhrainc, ghlac coras áirithinte Air France leis an litriú
ceart. Is cosúil go mbíonn síntí
riachtanach i bhFraincis is mar sin bhí siad ar fáil, ach in Éirinn in ainneóin
gur céad teanga oifigiúil an stáit í an Ghaeilge níl sé riachtanach do Aer
Lingus coras mar sin a bheith acu.
Deir Aer Lingus go mbeadh sé ró-chostasach coras le síntí a bheith acu, ach cén chaoi gur feidir leis na Francaigh é a dhéanamh?
Tá an scéal céanna acu sa Danmhairg agus sa Lochlann, agus sa Tuirc níl cead clóscríobhán nó coras ríomhaireachta a dhíol fiú nach gcuirfeadh siombail ar leith den Tuircis ar fáil. Agus sa nGréig agus sa Rúis ar ndóigh bíonn aibitír dhifriúil ar fad acu.
Tá sé in am go lorgódh muide na cearta céanna in Éirinn ar gach aon chomhlacht.
311 focal
Premium Online Service For Only €10 Per Year
For less than €1 a month, you get An Phoblacht’s Premium Online Service. Sign up today!
PREMIUM SERVICE:
- Full access to all An Phoblacht articles
- Interactive online PDF Booklet of each edition
- Access to our historic Archives
- Discounts for the Online Sinn Féin Shop



