Top Issue 1-2024

13 May 2010 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Siúlóid sléibhe agus tithe tréigthe

Tá grúpa sa Pharóiste seo a théann amach gach seachtain ar shiúlóid sna sléibhte Eachtaí, atá ar ndóigh ag breathnú anuas orainn gach lá den bhliain ach nach mbíonn mórán deis ag daoine a bheith ag dul tríothu  ar chos de ghnáth. An tseachtain seo caite, mar chuid d’imeachtaí a eagraíodh thart ar chuairt daltaí ón Bhriotáin sa cheantar, d’eagraigh Kevin Cunningham, bunaitheoir an ghrúpa agus saineolaí ar a bhfuil sna sléibhte, turas dúinn trí na coillte agus an portach go dtí sráidbhaile tréigthe.
Seanbhaile tréigthe. Tá rud éigin draíochta faoina focail. Tá níos mó ná sraidbhaile amháin tréigthe, imithe go deimhin, sna sléibhte seo agus faraor ní fheicfear arís iad nó tá forais agus coillte agus bainistiú an talaimh i ndiaidh an tírdhreach a athrú go mór. Sna háiteanna a bhfuil ballóga fágtha, áfach, tá rian na sinsir agus an córas agus sochaí a bhí ann go dtí seasca bliain ó shin, le feiceáil.
Ní raibh ár dtreoraí cinnte faoi ainm an tsráidbhaile ina raibh muid, cearnóg bheag de seacht nó ocht dteach déanta as aolchloch agus gaineamhchloch na háite, cuid de na tithe níos mó ná tithe a gcomharsana ach tithe beaga fós féin gan ach seomra mór amháin, gan simléir, agus le hiarsma an lochta ann a thaispeáin gurb ina sa seomra céanna a mhair, a d’ith, a luigh, a nigh agus a d’éirigh an teaghlach gach lá. b’amhlaidh an scéal, is dócha, sna sráidbhailte beaga eile sna sléibhte seo. Sa cheantar ina raibh muid ar bhóthar ‘nua’ nó nua thláchtaithe (má’s ann don bhriathar) idir Sonnach agus Scailp, i bhfad os cionn na sráidbhailte reatha de Chill Chríost agus Caisleán Uí Dhálaigh, bhíodh 500 duine tráth den saol. D’imigh formhór acu sna daichidí agus na caogaidí, tá a sliocht anois ar fud an domhain, chomh fad leis an Astráil, i Meiriceá, i Sasana agus astu siúd a d’fhan sna sléibhte, fuair an duine deireanach bás ag deireadh na hochtóidí. Tá líne ghutháin fós ag rith i dtreo an teachín ina raibh sé ina chónaí- díon leathan rocach galbhánaithe cruach agus aispeist, garaí beag taobh an tí agus lúis an chromchinn fiáin ar fud na háite.

Reilig na bPáistí
Is dócha gurbh fhearrde na tithe seo ina lá, clochdhéanta agus díonta tuí orthu ná na cinn nach bhfeicfimid rian ar bith díobh anois: na tithe fóid agus tithe scraithe a d’fhill, i ndiaidh a dtréigthe, don phortach as a dtáinig siad sa chéad lá. Thall ar imeall an tsráidbhaile ach clúdaithe don chuid is mó anois bhí reilig na bpáistí. Bhí bás páistí coitianta go leor sna sléibhte seo agus bhí an turas go dtí Cill Chríost chuig an reilig bheannaithe ro-fhada uathu, mar sin cuireadh na páistí i reilig áitiúil. Níor mhair daoine níos mó ná 45 bhliain sna sléibhte seo, maistir neamhthrocaireach ab’ea é an saol crua uaigneach úd agus na páistí agus daoine ag fás. Anois níl aon rud ag fás sna sléibhte ach crainn agus muilinn ghaoithe.
Tá na grúpaí oidhreachta áitiúil ag aughty.org agus  suíomh eile atá idir lámha ag muintir Chill Chríost (Kilchreest) ag obair i dtreo caomhnú agus leathnú amach eolais faoina sléibhte seo agus stair an cheantair. Lean Patrick Sarsfield an bealach seo agus é ag éalú ó Chath Eachroim ar a bhealach go Luimneach i 1691 agus tá traidisiúin láidir, (agus reatha) de cheol agus rince gaelach ar fud na háite.

Turasóireacht Chultúrtha
Ar an bhealach anuas ó na sléibhte bhí rianta de bhóithríní, agus ballóga eile le feiceáil agus labhair Kevin linn faoina pleananna atá ag a ghrúpa margaíocht turasóireachta a dhéanamh ar an cheantar, go dtiocfadh cuairteoirí leis an iarsma seo d’aois agus ré eile a fheiceáil. Stop ár mbus ar Scailp, ina bhfuil ardán nádúrtha óna bhfeictear An Clár, Luimneach, Maigh Eo, Ros Comáin agus Gaillimh féin ar ndóigh. Thíos sa ghleann romhainn bhí go leor rianta den aois seo ina bhfuil muid, tithe aonaracha nua ar fud na háite, tithe ar tógadh an formhór acu i ndiaidh do dhaoine na sléibhte a thréigeadh, tréigthe anois ina seal féin. Agus i bhfad uainn, ar imeall na bailte de Ghort agus Creachmhaoil agus Locha Riach, a thuilleadh tithe tréigthe, neamhchríochnaithe i ndiaidh ré an Tiogair... Turasóireacht chultúrtha, ag amharc ar thithe tréigthe ré eile... Ní gá dúinn na sléibhte a dhreapadh leis an leithéid a fheiceáil anois, faraor.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland