29 April 2010 Edition

Resize: A A A Print

Forógra Gaeilge Shinn Féin seolta

SEOLADH Forógra Ghaeilge Shinn Féin i mBéal Feirste Dé Mairt 27 Aibreán. Ag labhairt dó ag an lainseáil  dúirt Uachtarán Shinn Féin Gearóid Mac Ádhaimh go raibh sé fóirsteanach go raibh an lainseáil ag tarlú i Lárionad an Droichid, buaiteoirí duais uile-Éireann Glór na nGael don dara uair i mbliana.
Lean Mac Adhaimh:
“Tharr ceann Sinn Féin ba mhaith liom comhghairdeas a seoladh le foireann, coiste agus achan duine atá bainte leis an tionscadal inspioráideach seo.
“Sa doiciméad seo tá muid ag taispeáint an ceannasaíocht atá léirithe ag Sinn Féin, an taithí atá againn agus an méid ar féidir linn baint amach má toghfar foireann láidir Shinn Féin.
“Agus bígí cinnte go bhfuil an toghchán seo faoin ceannasaíocht.
“Tá imní ar dhaoine go bhfuil roinnt iarrachtaí ag dul ar aghaidh chun próiseas na síochána a chur ó mhaith. Tá siad buartha faoin teip nach bhfuil roinnt páirtithe agus ceannairí polaitiúla ábalta éirí os cionn leas a pháirtí féin - agus an dúshlán a chomhlíonadh le tógáil don todhchaí.
“Faoi dheireadh na bliana seo beidh aistriú cumhachtaí ó Londain go Béal Feirste chun déileáil le ceist na mórshiúlta, agus tá na cumhachtaí póilíneachta agus cóir anois anseo i Béal Feirste.
“Níos mó cumhachtaí ag bogadh ó Shasana go hÉirinn. Nach rud maith sin?
“I measc ceisteanna le réiteach go fóill tá cearta Gaeilge agus beidh siad réitithe chomh maith agus tá airgead breise ag teacht le haghaidh na teanga. Agus fuair Sinn Fein an t-airgead sin.
“Mar sin, tá an cheannaireacht ag Sinn Féin, tá na smaointe ceart againn, na polasaithe cearta agus an straitéis pholaitiúil ceart don todhchaí.
“Agus tá foireann le taithí pholaitiúil de cheannairí tofa ag Sinn Féin nach bhfuil a leithid ag aon pháirtí eile.
“Agus muid i ndeisceart Bhéal Feirste ba mhaith liom trácht a dhéanamh ar cinneadh s’againn Alex Maskey a bhaint ón dáilcheantar seo. Is fíor nár ghlac Margaret Ritchie le cuireadh s’agam go mbeadh cruinniú againn fán ábhar seo. Is mór an trua faoi sin agus beidh ar Margaret, agus Alisdair, agus na daoine eile san SDLP abair leis na vótáirí sa dáilcheantair seo cén fáth go raibh sin an chás.
“Bígí cinnte nach bhfuil Alex ag dul áit ar bith.
“Mar sin de, is toghchán tábhachtach é seo, ba chóir daoibh an doiciméad gairid, ach tábhachtach seo a léamh agus bí linn ar an turas seo. Déanaigí infheistíocht sa todhchaí – Vótáil Sinn Féin.”

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland