Top Issue 1-2024

1 April 2010 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Gaelscéal chugainn

Cé nach bhfuil leagan páipéir den nuachtán úr Gaelscéal feicthe agam fós (d’imigh mé as an tír ar an Aoine timpeall an ama go raibh na seoltaí ar siúl i mBaile Átha Cliath agus Béal Feirste) tá an leagan leictreonach os mo chomhair agam agus tá comhghairdeas ag dul chucu ar fad a bhain leis.
Is áit an mac an saol: tamall de mhí ó shin ní raibh aon nuachtán Gaeilge againn, laethúil ná seachtainiúil. D’imigh Lá Nua ar dtús, agus lean Foinse an bealach céanna le linn tréimhse go raibh idir díomá agus fearg ar dhaoine, cuid mhaith acu a d’fhág an lucht ar dhoras an Fhorais, as an easpa meáin chlóite Ghaeilge agus an ‘chéim siar’ a aithníodh dá bharr sin.
Anois áfach tá Foinse ar ais, agus is léir go bhfuil plean gnó/dáileacháin a nuachtáin sin ag obair go maith – go deimhin admhaíonn roinnt cairde liom go gceannaíonn siad na Indo anois maidin Céadaoin ar son Foinse, cé go seasann siad an fód ina aghaidh an cúig maidin eile den tseachtain. Mar gheall ar so-fhaiteacht an Independent a bhíonn ar fáil saor in aisce in ostáin, i mbialanna agus araile, is dócha go bhfuil an forlíonadh féin mar Fhoinse ar fáil go forleathan freisin.
Tá Nuacht24, idir leagan ar líne agus leagan páipéir ar fáil i mBéal Feirste agus mar gheall ar an cheangal le blag andrumamor thiocfadh a rá go mbíonn níos mó ‘nuachta’ san iris ar líne sin ná in aon de na cinn eile, a chuirim ina measc, mar shampla, Beo.ie, insideireland.ie (a mbíonn leagan Gaeilge de ar an suíomh) agus anois chomh maith Gaelscéal ar gaelsceal.ie

Suíomh so-úsáidte
Tá an suíomh féin deartha go maith agus baintear úsáid as an cineál uirlis a bhí ag Lá Nua chun na leathanaigh a athrú, agus chun cló an leathanaigh a mhéadú, gléas a bhí go maith agus éasca a úsáid. Tugtar aird do nuacht náisiúnta, nod do scéalta faoin Ghaeilge féin (cé go mbíonn muid ar fad ag moladh gan dul an treo sin i gcolún Gaeilge/nuachtán Gaeilge is maith le Gaeilgeoirí i gcónaí an nuacht nó ráfla is déanaí a chluinsint), agus nuacht réigiúnda.
Gné amháin den pháipéar/stíl a bhí aisteach liom ná úsáid ainm na n-iriseoirí le beagnach gach alt. Nuair a fógraíodh ainmneacha foireann Gaelscéal dúradh gur ‘soláthróirí ábhair’ cuid acu, teideal a bhí doiléir do go leor daoine. Tuigim go mbeadh alt tuairimíochta – alt polaitiúil Padaí Uí Lionaird mar shampla, faoi ainm an údair ach i gcás blúiríní nuachta ní gá, dar liom, go mbeadh ainm an iriseora, eagarthóir nó eile leis más tuairisc seachas tuairim é.
Rud suimiúil, nua aimseartha atá ar an leagan leictreonach ná na nascanna ar aghaidh chuig suímh grúpaí nó eagrais a luaitear sna scéaltaí féin, rud a chuideoidh le daoine a thuilleadh eolais a fháil, nó tuairimí a fhorbairt ar an mhéid atá á léamh acu agus molaim an chéim sin.

Something wicked?
Léigh mé ar bhlog amháin seachtain ó shin nach raibh go leor poiblíochta ar bun faoi theacht agus seoladh Gaelscéal ach cheana féin tá beagnach 900 cara (más slat tomhas é sin an nua-aoiseachais) ag Gaelscéal ar Facebook agus má a cheannaíonn siad ar fad cóip den pháipéar go seachtainiúil beidh leis an pháipéar is dócha. Ó thaobh na poiblíochta de, chuir an grianghraf den eagarthóir agus a fhoireann ionadh orm.... Charlie’s Angels a cheap mé ar dtús ach ansin chuimhnigh mé nach bhfacthas Charlie riamh. Ansin bhuail sé mé, an grianghraf poiblíochta sin den Uasal Dunbar agus mná Gaelscéal: The Witches of Eastwick, homage do Jack Nicholson agus é i lár comhluadar Cher, Michelle Pfeiffer agus Susan Sharandon. ‘Something wicked comes this way’ a dúirt mana an scannáin, ní fheadar cén pleananna atá ar bun ag muintir Gaelscéal duinn amach anseo...


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland