New side advert

7 January 2010 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Plus la même chose

PLUS ça change, plus la même chose, mar a deir na Francaigh agus an tseachtain seo cheap mé gurbh fhiú amharc siar deich mbliana go tús an chéid seo, agus muid ar tí deichniúr nua a thosú. Déanann gach nuachtán eile é agus cad chuige nach mbeadh An Phoblacht ag déanamh macnaimh ar na rudaí a bhí ar intinn phoblachtach deich mbliana ó shin. Chás mé ar dtús ar an leathanach Gaeilge ag dual go mbeadh alt ann faoin Y2K (an cuimhin le haon duine ar mire a ghabh seilbh ar an domhan sna míonna roimh 2000?) ach bhí colúnaithe An Phoblacht ró-stuama ligean do Chéad Nua iad a spreagadh - seantraidisiúin na nGael um Lá Caille a bhí mar ábhar pinn An Draoi Rua, colúnaí Gaeilge An Phoblacht sna laethanta sin fad a’s a bhí colún eile ag an lead sin Mac Cormaic ag scríobh faoi thuillte i nDeisceart na Gaillimhe. Deich mbliana níos fuide síos an bóthar tá muintir Gort agus Ard Raithín agus na bailte eile taobh seo na tíre fós ag fanacht ar an phlean a gheall an tAire ag an am, Nollaig Ó Treasaigh, beart a dhéanamh leis an fhadhb a réiteach. Tá bóithre sa cheantar seo fós faoi uisce dhá mhí i ndiaidh na dtuillte deireannach i Mí na Samhna!

Scoil Pholaitíochtaí Amy Winehouse
San eagrán céanna bhí tuairisc faoi scéal a bhí ag Barra Mac Giolla Dhuibh faoi fheachtas a bhí na haontachtaithe ag eagrú go ndéanfaí agóidí ag aon otharlann a mbeadh de Brún ag tabhairt cuairte air, agus go dtógfadh tuismitheoirí a bpáistí as aon scoil a mbeadh an tAire Oideachas, Martin Mc Guinness, ag tabhairt cuairte air. Deich mbliana ó shin bhí eipidéim ulpóige nó fliú ag bagairt na tíre, ‘an ceann is measa le blianta sa tuaisceart’ a dúirt An Phoblacht agus bhí an tAire Sláinte, Bairbre de Brún ag gealladh go dtiocfaí ar aon airgead breis a bheadh de dhíth chun tabhairt faoin tsáinn. (Is fiú a lua go raibh Ian Paisley Jnr ag éileamh go n-éireodh Bairbre as a post mar gheall ar an ‘teip’ ach ar ndóigh bhí Ian óg agus a chomhghleacaithe fós san Amy Winehouse school of politics agus ag rá No No No ag an am). Idir an dá linn tá Bairbre tofa mar fheisire Eorpach,  agus tá Ian óg ... bhuel, dearfaimis go dtáinig a lá agus gur imigh a lá.
Duine eile a bhí lá lá ag an am ná Ruairí Quinn a bhí ag ionsaí Sinn Féin agus ag rá nach mbeadh Páirt an Lucht Oibre sásta dul i gcomhrialtas le Sinn Féin toisc go raibh Sinn Féin ar an éite dheis, ráiteas aisteach, dar le An Phoblacht, ó dhuine a bhí ina bhall de trí chomhrialtas, beirt le Fine Gael agus ceann amháin le Fianna Fáil. Ar ndóigh is é a bhí ag cur isteach ar Quinn agus a leithéid ag an am ná fás Sinn Féin agus daoine ag dúil go dtoghfaí a thuilleadh Teachtaí Dála Sinn Féin sna toghcháin a bhí romhainn ag an am ach nár tharla sa deireadh go dtí 2002. ‘Sé sna toghcháin sin a tháinig a lá go leithéid de Arthur Morgan, Martin Ferris, Aengus Ó Snodaigh agus Seán Crowe, iad ag teacht isteach mar chomhluadar do Chaoimhghín Ó Caoláin a bhí ag fanacht go foighneach ó 1997 i leith. In eagrán Eanáir 2000 bhí Caoimhghín ag cáineadh titim ar phostanna cruthaithe ag an IDA sna contaetha ar an teorann, agus easpa pleanála an rialtais i mBaile Átha Cliath. Plus ça change.
Deich mbliana ó shin (i rith Mí Eanáir) bhí dream leanúna Billy Wright ag marú a chéile in Ard Mhacha agus in Aontroim (agus ag fágáil buamaí píopaí ar leac fuinneoga caitlicigh le linn sosanna óna ghnó eile). Bhí scéalta in An Phoblacht faoin RUC ag cuardach tithe, faoin RUC ag iarraidh brú a chur ar dhaoine a bheith ag tabhairt fianaise, faoi ionsaithe seicteacha, faoi iarrachtaí daoine a eiseachadadh trasna an teorann agus faoi bhagairtí báis tríd an phost a bhí ag teacht, dar leis an tuairisc, ‘ó fhórsaí an chorónach’.

Cáil agus clú an cholúnaí spóirt?
Ach ar nóta níos éadroime, bhí seanchara an cholúin seo Seán Ó Donnghaile ag scríobh colún spóirt (!) i mBéarla sna laethanta sin. Idir scéalta éisiachta faoi bhall den ghrúpa Westlife ag iarraidh a fhuinneoga tí a ghlanadh, agus líomhaintí faoin easpa páipéir sna leithris i bpáirc CLG Tuama, Co na Gaillimhe, rinne sé tuar don cheithre chomórtas ab’ansa leis don bhliain 2000: An Clár, Ard Mhacha, Bohs agus Man City. Bhuaigh foireann eile ón Mhanchain, United, an Premiership thall; agus i Mí Mheán an Fhómhair abhus thóg Cill Cháinnigh Corn Mhic Cárthaigh fad agus a chuaigh Sam go dtí Ciarraí arís (i  ndiaidh athimirt) agus fágadh é do Bohs cáil agus clú tráchtaire spóirt An Phoblacht a shábháil. (Tabhair aire anois, Matt Treacy).
Ag cásadh na bliana, cásadh aon bhliana, is fiú a bheith ag amharc siar agus mar Janus fadó, ag amharc chun tosaí ag an am céanna. Thig libhse a bhfuil idirlín agaibh amharc siar ar chartlann An Phoblacht ag: http://www.anphoblacht.com ach is ceist eile ar fad í an todhchaí agus na haltanna a bheas sa pháipéar seo sna blianta romhainn. Is fada ó rinne mé rún na hathbhliana (mothaím go mbíonn na cinn mhaithe tógtha ag daoine eile, tá’s agat) ach i mbliana tá mé chun sin a athrú. Rún a hAon: beidh an t-alt seo scríofa agam ar an Luain, agus Rún a Dó: ní thabharfaidh mé cuairt ar theach mo chomharsan ( a bhfuil stoc flaithiúil uisce beatha do mo mhealladh) ar an oíche chéanna a’s atá mé i mbun pinn. Mura ndéanaim sin beidh an t-alt seo, mar a déarfadh an Francach, plus la même chose!

An Phoblacht Magazine

AN PHOBLACHT MAGAZINE:

  • The first edition of this new magazine will feature a 10 page special on the life and legacy of our leader Martin McGuinness to mark the first anniversary of his untimely passing.
  • It will include a personal reminiscence by Gerry Adams and contributions from the McGuinness family.
  • There will also be an exclusive interview with our new Uachtarán Mary Lou McDonald.

Buy An Phoblacht magazine here

test


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland
 

Powered by Phoenix Media Group