Top Issue 1-2024

15 October 2009 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Cláraimis faoi scáth UNESCO

Mar a tharla sé bhí mé i nGlaschú le déanaí chun casadh le lucht na Gàidhlige agus ag deireadh an lae bhí am le spáráil agam chun siúl timpeall i lár na cathrach álainn agus blás den áit agus greim bhia a fháil. Tá níos mó ná milliún duine ina gcónaí i nGlaschú agus cé go maíonn na treoraithe aisti mar ‘Dara Cathair an Impire’ (mar a mhaíonn treoraithe i gcathracha eile is dócha) tá rian na hÉireann, nó rian na nÉireannach, le feiceáil uirthi go soiléir chomh maith.
I lár na cathrach tá a lán tithe tábhairne Éireannacha, nó tábhairní le hainmneacha Éireannacha mar Ó Neill’s, Mac Neills, Fáilte, Oran Mór, Blas srl. Is dócha nach mbíonn easpa custaiméirí Éireannacha fíréanta nó is iomaí duine a d’imigh in imirce ón tír seo agus a chur fúthu thall. Bhí am ann nuair a ba é Nua Eabhrac an t-aon chathair amháin sa domhan a raibh níos mó daoine de bhunús na hÉireann intí ná Glaschú ach anois is pota leáite na cathracha sin, agus gach cathair eile sa domhan. Níl fágtha de na Irishtowns agus ceantair Éireannacha anois ach na sean ‘locals’.

Eispéireas Udarach
Cad é an tÉireannachas seo, mar sin, a margaítear i dtithe tábhairne (agus i ngnéithe eile den saol)? Nó má a chuireann muid i mbealach difriúil é, an bhfuil rialú nó caighdeánú nó treoir amuigh ansin a deir le cuairteoir agus custaiméir go bhfuil siad ag fáil an eispéiris údaraigh, an fíorbhlas d’Éirinn nuair a thugann siad cuairt ar a leithéid de thábhairne.
Léigh mé le deireannas, mar shampla, go bhfuil feachtas ar bun ag Seanadóir Phelan, i gCill Cháinnigh, chun stádas ‘gníomhaíocht chultúrtha chosanta’ a bhaint amach don iománaíocht, ionas go mbeadh iománaíocht ar phár le ‘caisleáin’ daonna i gCatalóin, nó na túir úd atá le feiceáil faoi láthair i bhfógraíocht teilifíse ina mbíonn fir ina seasamh ar ghuailne fear óga eile mar pirimid daonna. Níl a fhios agam an é a cheapann an tUasal Phelan go bhfuil iománaíocht i mbaol (i gCill Cháinnigh? sa chuid eile den tír?) nó an raibh seift eile ar siúl aige ach is cinnte go bhfuil íomhá na hiománaíochta siombalach de spórt in Éirinn agus bheadh sé sin aitheanta mar cheann de na rianta, nó brandaí is mó atá ag an tír seo. Ach é sin a bheith i mbaol? ‘Sin scéal eile.

Tikka Ghlaschú
Bíonn gach tír, agus gach cathair ag iarraidh branda nó íomhá féin a chosaint. Fad agus atá an Seanadóir ag amharc ar thodhchaí na hiománaíochta in Éirinn tá grúpa eile in Alban ag iarraidh go mbeidh Chicken Tikka aitheanta mar bhia ‘dúchasach’ do.... Ghlaschú. “Cad faoin haggas?” a chloisim duine soiniciúil ag fiafraí, “nach bia dúchasach é sin?”. B’fhéidir gurb é ach bheadh sé níos éasca pláta chicken tikka a bhronnadh ar an phainéal breithiúnas ná pláta haggais, agus cibé ar bith tá slua mór daoine as an Ind i nGlaschú le glúnta anuas a gheallann gurb ann, agus chan i Mumbai a chruthaíodh an tikka sa chéad dul síos. Tá an coiste dháréag amuigh ar an cheist áirithe sin go fóill.
Ach má tá muid (Éire Teo. atá i gceist agam leis an ‘muid’ sin) chun íomhá na tíre a chosaint, cén íomhá atá i gceist? Bia? Spórt? Ceol? Damhsa? Deoch? Baineann siad go léir le gné amháin nó eile den tír seo, in intinn daoine i dtíortha eile.

Bean rua, portar dubh
Is cuimhin liom cuairt a thug mé ar Toronto beagnach 15 bhliain ó shin agus i ndiaidh cúpla lá tháinig an cumha orm (mar a thiocfadh) nuair a chonaic mé tábhairne darbh ainm ‘St James Gate’. Isteach liom agus d’ordaigh mé pionta Guinness ó bhean rua a bhí taobh thiar den chuntar. ‘We only serve Murphy’s Guinness’ arsa sí, gan íoróin. Ach bhí úinéir an tábhairne ar a laghad eolach ar íomhá na hÉireann, nuair a phioc sé ainm a thábhairne agus nuair a d’fhostaigh sé bean an fhoilt rua (gí gur as an Rúis dá muintir agus nár chuir sí cos in Éirinn riamh mar a dúirt sí liom agus mé ag ól mo Mhurphy’s Guinness. Henna a bhí ar a cuid gruaige is dócha. An t-eispéireas Éireannach mar dhea.

Portar rua, bean dubh
Ar ais in Albain, áfach, ní raibh aon mhíthuiscint faoin Guinness. Guinness Guinness a bhí ann - ach má a bhí an pionta dubh i dToronta doirte ag bean rua, i nGlaschú fuair mé pionta rua doirte ag bean an fhoilt duibhe. Guinness Red a mhaígh an comhartha ar an ghloine. Bhí ocras orm agus phioc mé an biachlár suas. In aice le burgair agus sceallóga agus ceapairí tosta, bhí A taste of Ireland. Tháinig an cumha arís, agus d’amharc mé ar an rogha bia os mo chomhair.
Limerick Ham; ispíní Éireannach; colcannon. Ní féidir leat dul ar strae ansin, arsa mé liom féin, agus bhí mé ar tí ordú a thabhairt don bhean dorcha nuair a thug mé an fó-nóta i gcló beag faoi dheara.’Our Limerick Ham is poached in cider and apple juice but is not of Irish origin’. Bhuel ní aon amhras faoi cé chomh Éireannach a’s bhí an béile sin. Chuardaigh mé do bhéile eile ón roinn Taste of Ireland: Ispíní Traidisiúnta, bhí mo bhéal ag cur seile.  ‘Our sausages contain reformed onions and herbs made according to a traditional Irish recipé found in the 1977 Ballymaloe Cook Book’. Reformed onions? As recipé i leabhair cocaireachta Bhaile Mhaolmhuadha sa bhliain 1977? Bhí rud éigin as áit ansin.  Bhí an bia chomh hÉireannach leis an Guinness Rua: bréagach tríd agus tríd. Chríochnaigh mé mo phionta agus chuaigh mé ar aghaidh go Pizzaria, le pizza fíor Iodálacha – a leithéid de Pizza traidisiúnta Hawaii nó Pizza Masala. Go deimhin.

Puist as phairts
Is mise ceann de na headbangers (i bhfocal Mhicheal O’ Leary) a vótáil in aghaidh Lisbon ach a eitlíonn le Ryanair fós ó am go ham agus ar mo bhealach ar ais ó Ghlaschú phioc mé suas an iris ‘in-flight’ an mhí seo. Scríobhadh an t-eagarfhocal mar aiste mholta meisce le maíomh agus grinn faoi cé mhéad ar chóir dúinn a ól lenár lón, lenár ndinnéar srl. Ah, Paddywhackery. Bhí alt eile ó fhear a tháinig go hÉirinn ar ghnó agus a thóg a bhean chéile leis do dheireadh seachtaine ciúin i ndiaidh na hoibre ach, faraor, na hÉireannaigh mhíre, a chomhghleacaithe oibre, nach raibh siad taobh amuigh a sheomra, puist as phairts mar a déarfadh Myles na gCopaleen, deochanna ina lámha dá mhealladh amach i gcomhair deireadh seachtaine ar dramhlais. Agus ar eagla nach bhfuair muid an teachtaireacht faoi cé chomh mí-eagraithe, meisciúil a’s a bhí na hÉireannaigh mar phobal bhí fógra ó Ryanair féin ag moladh go vótálaimis ‘Sea do Lisbon. Ah, na hÉireannaigh, i gcónaí ar meisce, i gcónaí míre. Headbangers. Daoine, b’fhéidir, a chaith vótaí ar son Lisbon, a Mhíchíl?
Is léir, mar sin, nach bhfuil caighdeánú ná cóipcheart againn mar mhuintir ar ár mbranda féin. Thiocfadh le duine ar bith, áit ar bith, an focal Irish a chur lena ghnó gan údar, gan nasc díreach leis an tír seo chun brabús a dhéanamh as gné (fíor nó bréagach, údarach nó samhlaithe) de chultúr na hÉireann. Tá sé in am don fhíor-Éirinn agus gach rud a bhaineann léi a chlárú faoi chosaint UNESCO.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland