Top Issue 1-2024

13 August 2009 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Ag cruthú uirlis Celtsperanto

Bhí mé thuas san áiléar cúpla mí ó shin ag cuardach bréagáin nó pictiúir nó rud éigin cosúil le sin a cuireadh i dtaisce blianta ó shin nuair a tháinig mé ar sheanmhála trom. Tharraing mé amach as a áit fholaithe é, dearmad déanta anois ar an fhath go raibh mé san áiléar sa chéad dul síos, agus d’oscail mé an mála, m’intinn lán de chuimhní ag dul siar breis agus fiche bliain, agus súil agam thuas i ndorchadas an áiléir nach raibh mórán dámaiste déanta ar an ábhar laistigh an mhála ag luchóga ná feithidí eile thar na blianta.
Foclóir a bhí ann, nó b’fhearr a rá dréacht d’fhoclóir nár foilsíodh riamh agus go deimhin ní bheadh an focal ‘foclóir’ ann féin cruinn go leor don saothar seo a bhí sa bhosca. Liostaí  focla atá ann, timpeall 10,000 focal Gaeilge agus a macasamhail d’fhocail na chúig theanga Cheilteach eile (agus Béarla agus Francaise chomh maith).
Tá scéal taobh thiar den saothar seo a shíneann siar go dtí na Blocanna H i lár na nóchaidí. Sna blianta i ndiaidh deireadh na hagóide pluide bhí feachtas leanúnach ar siúl againn in aghaidh na cinsireachta fríth Ghaeilge sna príosúin sa tuaisceart agus de réir a chéile agus le cuidiú Roinn an Chultúir Shinn Féin thosaigh an chorr leabhar Gaeilge ag sleamhnú faoin radar frith Ghaelach, agus ó am go ham thiocfadh leabhar eile, i dteanga eile, a cheap na cinsirí a bheith ‘gaelach’ agus a ligeadh isteach mar chosaint in agahidh cas cúirte a bhí muid ag cur le chéile. I measc na leabhar den tsórt sin bhí leabhar darbh ainm ‘Bunneddys’ – cúrsa i nGailck Oileán Mhanainn.
 
Eolach ar na Ps & Qs

Bunneddys. Fadó cheap mé go bhfuaimneofaí an fhocail sin mar a bheadh Bun Eddies air ach anois ar ndóigh aithním an t-ainmfhocal agus an réimír, bun + oideas dhá fhocal thar a bheith cosúil le Gaeilge na tíre seo. De réir mar a léigh mé tríd an leabhar, nó an cúrsa bhí na céadta cosúlachtaí idir Gaeilge na hÉireann agus Gailck Oileán Mhanainn (nó Ellen Vannin ina dteanga féin) le feiceáil agus is cuimhin liom go raibh mé thar a bheith tógtha leis an ‘aimsiú’.
Ní raibh a fhios agam aon rud sna laethanta sin, admhaím, faoi theangacha Ceilteacha ná P & Q agus na tíortha seo ar imeall na hEorpa a raibh, tráth den saol, ag labhairt na teanga céanna, nó ar fhás a dteangacha as an chraobh amháin cúpla míle bliana ó shin.
Cibé scéal, tamall gairid i ndiaidh sin fuair mé cúrsa i dteanga eile isteach, cúrsa Cornaise, agus lá amháin tháinig mé ar an focal ‘mordonnow’. Thuig mé  an iarmhír – ow mar iarmhír don uimhir iolra  agus mar sin bhí an bunfhocal mordonn fágtha, le haistriúchán i mBéarla tugtha mar thonnta na mara. Arís bhí nasc soiléir ann, muir agus tonn ag tabhairt mordonn. Chinn mé go gcuirfinn liosta le chéile de na cosúlachtaí a thiocfainn orthu agus cuireadh tús le tionscnamh an fhoclóra, a d’fhás, agus a d’fhás agus a d’fhás.
Sna blianta beaga i ndiaidh sin uair ar bith a thairg cuairteoir nó cara bronntanas leabhair domh, luafainn foclóir i gceann nó eile de na teangacha Ceilteach agus chuidigh mo theaghlach liom i rith an ama chomh maith ag aimsiú leabhair a bhí as cló nó deacair a aimsiú in Éirinn. Agus léifínn trí na foclóirí, hi-lighter i mo lámh, ag marcáil na bhfocal a cheap mé a bheith suimiúil, spéisiúil nó sainiúil, focal ar bith go raibh cosúlachtaí idir é agus focal i gceann de na teangacha eile, agus d’fhás an ‘liosta’ ó caitheadh aimsir go tionscnamh mór a mhair trí thaighde uaimse agus le cuidiú nach beag ó go leor leor cimí a bhí sna sciatháin céanna liom idir 1988 go 1990.
 
Ríomhaire Duineata
Ai, na leaids bhochta. Nuair a bhí mo liostaí scríofa agus in ord aibitíreach Gaeilge, bhí orm na focail seo ar fad sna teangacha eile a athscríobh, ar chártaí beaga, agus na cártaí a chur in ord aibitíreach do na teangacha eile chun na hinnéacsanna a chruthú. Bhí sé seo siar sna laethanta réamh-ríomhaire agus rinneadh a tras-scríobh agus an sórtáil le lámh agus is ansin a tháinig mo chomradaithe i gcabhair domh, agus beidh mé buíoch dóibh i gcónaí. Ríomhaire duineata ceart a bhí iontu!
Thiar i 1991 le cuidiú Lá agus Iontaobhas Ultach rinneadh leagan amach den obair, agus cuireadh cóip nó dhó i gcló fa’ choinne prófaíochta ach níor foilsíodh an saothar riamh, agus cuireadh mo chóip i dtaisce agus rinneadh leath-dhearmad air.
Ach ó fuair mé arís é tá athrú ag teacht ar an scéal agus tugadh cuireadh domh labhairt ag comhdháil Cheilteach i Sligeach seachtain ó shin faoi thionscnamh an fhoclóra agus na feidhmeanna agus aidhmeanna a bhain leis nuair a cuireadh tús leis an saothar. Agus tugadh tairiscintí domh, le cuidiú réamhphrófaíochta agus an foclóir a ullmhú anois d’fhoilsiú nó, b’fhéidir, d’athchruthú mar áis ar líne, mar ais fhoghlamtha agus mar áis taighde.
Tá céimeanna idir an stad ina bhfuil an tionscnamh anois agus é a bheith foilsithe, áfach, nó am éigin idir leagan amach na gcóipeanna prófaíochta agus 2009 cailleadh an leagan leictreonach a bhí ann agus beidh ath-scannáil agus eagarthóireacht de dhíth ar an obair arís anois. Tromluí ceart ach ag an am céanna is fiú go mbeadh an obair chruinn agus inghlactha ag na Bordanna Teanga, na saineolaithe agus lucht labhartha na dteangacha éagsúla. Tá mé ag súil go mbeidh na céimeanna sin tógtha i mbliana agus go gcríochnófar an eagarthóireacht an bhliain seo chugainn.
 
Samplaí as an saothar
 Mar sin, cad iad na sághais cosúlachtaí atá ann? Bhuel ní bheadh a dhóthain spás anseo leis an cheist sin a fhreagairt ach thig liom roinnt samplaí a thaispeáint anseo den cinéal nascanna a d’aimsigh mé agus na teangacha leagtha amach taobh le taobh.

 


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland