Top Issue 1-2024

27 November 2008 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Pat Loughnane agus Harry Loughnane

Pat Loughnane agus Harry Loughnane

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Na Deartháracha Uí Lochnáin

Má bhí dúnmhárú an Athar Uí Ghríofa (An Phoblacht 13 Samhain 2008) ar cheann des na heachtraí is measa i réimeas tíorannach na nDubhchrónach agus an RIC i nGaillimh, idir 1918 agus 1922 níl aon amhrás ach go raibh fuadach, céasadh agus dúnmhárú na ndeartháracha Uí Lochnáin  sa chontae céanna, sa mhí céanna i 1920, ar an eachtra is barbartha agus is mí-throcairí.
Bhí na deartháracha, Pat (29) agus Harry (23) ina gcónaí lena máthair, agus beirt deirfiúr Nóra agus Kate i Sean Eaglais cupla míle ó dheas ó Ghort Inse Guaire i nDeisceart na Gaillimhe. Iománaí den scoth, fear aclaí, láidir, agus ceannaire áitiúil san IRA a b’é Pat agus bhí ard-mheas air sa cheantar. Ní raibh sláinte ró-mhaith ag Harry, an dearthar is óige, agus fad a’s a bhí Pat gnóthach i gcúrsaí an Chumainn Luthchleas Gael agus Óglaigh na hÉireann, bhí Harry ina rúnaí ar an chumann áitiúil de Shinn Féin.
Bhí an cogadh i gConnacht ag éirí níos fíochmhaire agus rinneadh ionsaí ar conbhua den RIC I lár na míosa ag Caisleán Uí Dhálaigh, cúig nó sé mhíle ó Ghort.
Bhí aimsir mhaith, tirim, ach fuar ann ag deireadh Samhain 1920 agus ar an 26ú den mhí chruinnigh meitheal oibre de  thimpeall 14 duine faoi stiúr Robert agus Peter Glynn ag feirm Uí Locnáin chun an árbhar a bhuaileadh le ineall buailte mhuintir Glynn. D’oibrigh siad ar feadh an lae agus tamall gearr i ndiaidh a trí a’ chloig tháinig lorraí de chuid na nDúbhchrónaigh isteach go clós na feirme. Thuirling na saighdiúirí go tapaidh den lorraí agus bhruigh siad na fir ar fad le chéile, ag lamhacht a ngunnaí mar rabhadh ar aon duine a dhéanfadh iarracht éalú.
‘Sé na deartháracha a bhí siad ag lorg agus bhí ball den RIC, lonnaithe i dTobair gar do Bheagh, leis an Dúbhchrónaigh. Phioc sé Harry agus Pat as an meitheal oibre agus thóg na saighdiúirí leo iad, gan an teach a chuardach fiú. Níor ghabh siad ar aon duine eile as an comhluadar agus d’imigh go gasta lena bpríosúnaigh.

Bualadh trom ar chúl an lorraí
Ar an bhealach go Beairicí an RIC i nGort chuaigh an lorraí ar chamchuairt timpeall tithe poblachtánaigh aitheanta. Ghabh siad ar Michael Carroll i dTobair agus nuair a bhí sé ar  chúl an lorraí leis an bheirt eile d’fhulaing siad bualadh leanúnach fíochmhár. Go deimhin caitheadh Carroll bocht den lorraí le linn an turais ach cheangail a chóta le duan miotal ar chúl an lorraí agus tharraing an lorraí é ar feadh píosa sular thóg siad isteach arís é agus thosaigh ag bualadh timpeall a chloigeann é le gunnaí láimhe.
Blianta i ndiaidh sin nuair a bhí an scéal a bhreacadh síos ag starái áitiúil,  chuimhnigh Carroll a ghonta, agus gonta a chairde nó bhí aithne maith aige ar Pat agus Harry agus ar ndóigh d’aithin sé iad, buailte agus ag cur fola, ar chúl an lorraí. Nuair a stop an lorraí ag tithe eile, Nelly’s agus Flahertys, d’éirigh na Dúbhchrónaigh níos feirge fós nó bhí fianaise acu go raibh raidhfeal agus piléir i dteach an Óglaigh Jack Flaherty ach faoin am gur bhain siad an áit amach bhí sé ró-mhall agus bhí an armlón bógtha. Chuardaigh siad an teach ach nuair a tháinig siad amach lámha folacha d’ionsaigh siad ar a gcuid phríosúnaigh arís. Thit Carrol i laige agus mhuscail sé arís ar a bhealach isteach go dtí na beairicí agus cuireadh é isteach i gcillín leis an bheirt eile. Tógadh amach iad i ndiaidh leathuair a chloig, agus bhí an bualadh comh fhíochmhar go ndéarna ball den RIC iarracht stop a chur leis ach níor stop na Dubhchrónaigh. I lár na hionsaithe seo d’inis an constabla RIC leo go raibh na Dubhchrónaigh chun iad a dhúnmhárú agus d’inis Carroll, blianta i ndiaidh an lae úd, gur thuig na Lochnánaigh cad a bhí i ndán dóibh agus gur thosaigh siad ag paidreoireacht.
An maidin dar gcionn tógadh Carroll ar aghaidh go Gaillimh go dtí príosún in Oileán an Iarla agus níos déanaí aistríodh é go Baile Coinnleora i gContae an Dún, agus níor scaoileadh saor é go dtí 13 mí i ndiaidh sin.

Marú faoi dorchadas na hoíche
In sna uaireanta i ndiaidh sin ba léir go raibh deireadh le ‘cóir agus ceart’ agus ‘rial an dlí’ I gContae na Gaillimhe, nó thosaigh na dubhchrónaigh ag céasadh na ndeartháracha go poiblí, go dona, agus go foirleathan ar fud na mbailte fearainn timpeall Gort agus na bóithríní idir sin agus Ard Ráithín agus Cinn Mhára. Ceanglaíodh iad agus díbríodh iad os comhair an lorraí agus ansin tarraingíodh iad, beo fós, i ndiaidh an lorraí. Chonacthas an céasadh ag amannta éagsúla I rith an tráthnóna ach a fhad a’s a bhí scéimhlitheoirí  Arm na Breataine ar na bóithre ní raibh daoine in ann stop a chur leis an chéasadh. Agus ansin, d’imigh siad as radharc.
Trí lá i ndiaidh dóibh a bheith gafa tháinig na Dúbhchrónaigh chuig an teach arís, agus d’inis dá máthair go raibh a mic i ndiaidh éalú. Tá sé éascaí a shamhlú an imeagla a mhothaigh an bhean bhocht nuair a chuala sí an nuacht sin, nó is annamh a d’éalódh duine, gan a bheith ag caint faoi bheirt, ó lámha na nDúbhchrónach. Thosaigh a ndeirfiúr ag siúl ó bheairic go beairic ag lorg tuairisc dá deartháracha ach ní raibh tasc ná tuairisc ar fáil. Faoi dheireadh thosaigh cosmhuintir na háite ag insint míreanna dá bhfaca nó dár chuala siad le linn dorchadas na hoíche agus thosaigh a gclann agus a gcomradaithe ag cur an scéil le chéile:
Ag 11.00 sa oíche (ar an lá a gabhadh iad) tógadh an bheirt go dtí Coill Mhaigh Uí hÉidhin, chualathas ceithre urchair agus glactar leis gur lámhaíodh iad ag an phointe sin. An maidin dár gcionn bhí Harry fós beo ach d’fhill na Dúbhchrónaigh agus thóg siad na corpanna go dtí Iom Briste, dhá mhíle níos giorra d’Ard Ráithín, agus is ansin a dhódh na corpanna agus gur caitheadh na corpanna dóite isteach i lochán clabair.
Fós féin bhí daoine ag cuardach do na gcorpanna, agus cuimhnigh nach raibh ach coicís ó fuarthas corp an Athar Uí Ghríofa ar an taobh eile de Chathair na Gaillimhe caite I bportach. Is cinnte go raibh sceon ar mhuintir an chontae le linn na laethanta sin. De réir an scéil atá coitianta sa cheantar bhí brionglóid ag colcheathar den bheirt, Michael Tully Loughnane a tháispeáin dó cá raibh na corpanna. Le cabhair beirt Óglach eile, Michael agus Willie Hynes, chuaigh sé go dtí Iom Briste ar an 4 Nollaig, agus fuair siad na corpanna agus tógadh thíos go Cinn Mhara iad, don fhaire agus socraid ar ais go dtí an Sean Eaglais.
De reir an dochtúir Connolly a chríochnaigh scrúdú iarbhás orthu, ‘bhí cupla méara gearrtha as lámh Harry, bhí a lámh deis briste agus beagnach gearrtha dá chorp ag an ghualainn. Bhí an dhá chaol-lámh, agus an dhá chos briste ar chorp Pat agus chreid an dochtúir gur pléascadh gránáidí ina mbéalta. Bhí na corpanna do-aitheanta, ach rinne a ndeirfiúr Nóra ‘aithniú’ foirmeálta.
Iar-sheiplín in Arm na Breataine a léigh an tAifreann agus chain sé na dúnmháraithe go láidir, ach nuair a rinne sé iarracht an lá dár gcionn an céasadh a ardú ag an Fiosrú Oifigiúil a d’eagraigh na Dúbhchrónaigh i nGort, diúltaíodh cead dó labhairt. Ghlac an Binse Corónóra leis na bréaga gur ‘éalaigh’ na príosúnaigh agus nach raibh aon páirt ag fórsaí na Corónach sa dhá dhúnmhárú.

Ar chonra na ndeartháracha scríobhadh:
Anraoi Ó Lochnáin
A gabhadh a marbhuigeadh  agus a
dhoigeadh ag na Sasanacaibh
Mí Samhna, 1920,
in aois a trí mbliadhain is fiche.
Dia le n-a anam.

Pádraig Ó Lochnáin
A gabhadh, a marbhuigeadh  agus a
dhoigeadh ag na Sasanacaibh
Mí Samhna, 1920,
in aois a naoi mbliadhain is fiche.
Dia le n-a anam


Níor cúisíodh aon saighdiúir riamh as aon páirt san eachtra, níor tugadh aon léithscéal don teaghlach riamh agus mar a tharla, tugadh ardú céime don Chigire Ceantar, Cruise, tamall i ndiaidh seo agus dúnmhárú Uí Ghríofa.
Tá comóradh na ndeartháracha Uí Lochnáin ar súil le léacht poiblí in Sean Eaglais féin an tseachtain seo, 88 mbliain I ndiadh a ndúnmharfa.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland