Top Issue 1-2024

17 April 2008 Edition

Resize: A A A Print

Léim thart i gCathair na Mart

LE EOGHAN Mac CORMAIC

Oscail oscail oscail an doras
lig isteach an fear grinnn agus athraigh an córas
athraigh athraigh go bhfeice cad a tharlaíonn
nuair a thosaíonn mac an easpaigh ag foghlaim Gaolainn
i gConamara aláinn a thóg sé a chéad cheim
ag dul ar ais ar scoil ina éadaigh mhic léinn
ina shuí i seomra ranga leis an daltaí eile
ag iarraidh ciall a bhaint as an modh coinníollach
a’s imirt leis an cumann áitiúl péile
a’s é ina Mhaor le linn na Féile
Mac an Easpaig, Mac an Easpaig
ag foghlam Gaeilge
ar aghaidh ar a thuras go Corca Duibhe
agus go tighín Peig ma’s buan mo chuimhne
a’s ag baint an craic ‘ mBaile Mhuirne
Mac an Easpaigh Mac an Easpaigh
ar a thuras níos doimhne
chuig cróilár na Gaeilge agus céad Fáilte roimhe
bliain, bliain a chaith sé leis an obair
sna Gaeltachtaí ar fad ó Leitir Mór go Gaoth Dobhair
ag aithris na gcanúintí a’s na bhfocal éagsúil
i gcónaí dúshlánach, ach i gcónaí geanúil
sa Chultúrlann ar Bhóthar na bhFál a chonaic muid é
agus ag magadh a’s ag gaire in the Stormont Long Gallery
ar aghaidh leis, ar aghaidh leis
go bhfeice muid ar fad an radharc
de Mhac an Easpaig ag rapáil
leis na braithre i Nua Eabhrac
leis na Gaeil thar lear, Gaeil Hispanic a’s Coiréan
brodúil as a dteanga, brodúil as a léann
ach in Éirinn, in Éirinn bhí na sluaite ag fanacht
ag an Gig is mó, ‘sé sin an Oireachtas
leis an sean nós ‘s an damhsa
is amhránaíocht mall san oíche
an craic, an spraoi, ní raibh a macasamhail choíche
nuair a thóg an Yank an stáitse
i gCathair na Mart
le Léimigí, Léimigí, Léimigí Thart
Ah Deasún, Deasún, a Dheasún Mac an Easpaigh
le sé sheachtain anuas tá níos mó déanta aige
do stadas na Gaeilge i measc an phobail féin
Pobal na Gaeilge abhaile a’s i gcéin
maith thú a Dheasún a’s an turas a roinnt linn
an brod, an brón, an t-uaigneas, an grinn
mar a déarfadh na romhanaigh fadó sa Laidin
tháinig tú, chonaic tú agus bhuaigh tú a dhushlán.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland