Top Issue 1-2024

17 January 2008 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Pádraig Mac Piarais

Pádraig Mac Piarais

Tá a fhios ag cách go mbíonn an Rialtas ag iarraidh dallamullóg a chur ar an phobal.
An t-ábhar atá foilsithe sna meáin faoi na páipéir Stáit 30 bliain ó shin, ardaíonn sé ceisteanna suimiúla maidir le húsáid Aerfort na Sionna le haghaidh eitiltí míleata. Tá go leor de mhuintir na tíre seo buartha faoin chur i gcéill agus faoin mhí-ionracas atá ar siúl ag an Rialtas le blianta anuas faoin cheist seo. Go dtí an lá inniu féin tá stop á chur le daoine dul go dtí an t-aerfort, daoine atá ag fiosrú nó ag tabhairt faoi deara eitleáin Mheiriceá ag dul chun cogaidh.
Cén fáth a bhfuil rud ar bith as bealach ar siúl ag eitleáin Mheiriceá?
Céard atá le cur i bhfolach?
De réir na bpáipéar stáit atá foilsithe le déanaí bhí an Rialtas faoi Lemass ag glacadh orduithe ó na Stáit Aontaithe, agus ag scrúdú eitleán ar a mbealach go Cúba.
Ó tharla go raibh costas mór ar Rialtas na hÉireann leis an scrúdú seo d’iarr siad cead ó SAM le deireadh a chur leis ach d’ordaigh SAM dóibh leanúint leis. Ghéill Rialtas Lemass don ordú sin. Ní raibh an t-eolas ceart ag muintir na tíre an t-am sin agus sin mar atá ag tarlú anois arís – dallamullóg á cur ar mhuintir na tíre ag an Rialtas.
Ní raibh dallamullóg ar Mhac Piarais nuair a scríobh sé An Murder Machine.
Scríobh Pádraig Mac Piarais paimfléad i 1912 den teideal ‘Murder Machine’ ag tagairt don gcóras oideachais sa tír. Cháin sé an córas agus dúirt sé gur chothaigh an córas sin an nádúr b’isle sa duine agus gur thacht sé gach cumas morálta a threoraíonn an duine chun feabhas a chur air féin.
Iad siúd a ghlac páirt i gCogadh na Saoirse, bhí sé mar cheann de na spriocanna idéalach acu, go gcuirfí deireadh leis an Murder Machine. Rinneadh iarracht air seo nuair a bunaíodh an Stát 26 Contae.
Glacadh le tuairimí an Phiarsaigh mar oideachasóir tar éis dó Scoil dhátheangach a bhunú, Scoil Éanna. Rinneadh iarracht an dátheangachas a chur chun cinn sa chóras oideachais agus ghlac na páirtithe polaitíochta go léir leis.  
Ach anois tá na páirtithe móra go léir ar an oileán seo dírithe ar an gcóras dátheangach a scrios, ainneoin go bhfuil sé soiléir go bhfuil ag éirí go maith leis an gcóras seo sna Gaelscoileanna.
Tá dlíodóirí anois ag éileamh go gcuirfí deireadh le riachtanas na Gaeilge sa ghairm sin, ainneoin go bhfuil siadsan ar an lucht intleachta is airde sa tír agus go mbeadh a leithéid de chinneadh míbhunreachtiúl. An é go bhfuil an Murder Machine tar éis aiséirí i 2008?
Caithfidh mé imeacht anois mar ta Desperate Housewives ag tosú agus tá dúil agam i mBrie.
N’fheadar an maróidh sí an fear céile nó an chomharsa anocht.
Dá mbeadh rogha ag Mac Piarais idir oíche le Gaby nó dul go dtí an GPO, cén ceann a roghnódh sé?
Sin ceist dheacair.

Foclóir

Dallamullóg...to pull the wool
a chur ar...over your eyes
Mí-ionracas...dishonesty
Eitiltí míleata...military flights
As bealach...out of the way
Ag glacadh orduithe...taking orders
Ghéill...yielded
Ag tagairt (do)...referring (to)
Córas dátheangach...bi-lingual system
An lucht intleachta...the intellectuals
Riachtanais...needs


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland